Spórt do dhaoine atá dall agus a bhfuil míchumas na súl orthu

Eolas

Spóirt Fís na hÉireann

Is é Spóirt Fís na hÉireann an t-údarás náisiúnta a rialaíonn imeachtaí spóirt do dhaoine atá dall agus a bhfuil míchumas na súl orthu. Bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1988 le daoine atá dall agus a bhfuil míchumas na súl orthu a spreagadh le páirt a ghlacadh i spórt ag gach leibhéal. Tá coiste gnó ag an eagraíocht agus bunreacht a leagann síos na rialacha agus na treoirlínte do na himeachtaí. Tá maoiniú á chur ar fáil do Spóirt Fís na hÉireann ó Spórt Éireann.

Glactar páirt i spóirt ag gach leibhéal (ard leibhéal san áireamh). Tá príomh-eagraí ceapaithe le plé le gach spórt a bhfuil baint ag an eagraíocht leis agus tá an duine sin freagrach as imeachtaí a chur chun cinn agus a eagrú taobh istigh den spórt áirithe sin. Le blianta beaga anuas, tá méadú suntasach déanta ag an eagraíocht ar réimse na spórt a nglacann sí páirt iontu. Féach na Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais faoi Spóirt Fís na hÉireann.

Tá ballraíocht oscailte do dhaoine de chuile aois, cúlra agus cumas spóirt (plúr na lúthchleasaithe san áireamh). Is féidir le daoine a bhfuil radharc na súl acu a bheith ina mbaill den eagraíocht freisin.

Oibrithe deonacha, traenálaithe agus treoraithe

Chomh maith le páirt a ghlacadh i spórt bíonn daoine a bhfuil radharc na súl acu ag feidhmiú go minic mar threoraithe agus mar oibrithe deonacha. Is cuid lárnach de Spóirt Fís na hÉireann iad na hoibrithe deonacha, traenálaithe agus treoraithe.

Rialacha

Cé gur féidir le duine ar bith ballraíocht a ghlacadh i Spóirt Fís na hÉireann, tá formhór na mball ina ndéagóirí agus níos sine.

Rátaí

Níl aon táille ballraíochta.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat a bheith i do bhall, is féidir leat clárú ar líne.

Más mian leat a bheith i d’oibrí deonach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne.

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat glaoch a chur orthu agus déanfaidh siad é ar an nguthán – féach ar an áit le hiarratas a dhéanamh thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Spóirt Fís na hÉireann

NCBI
45a Bóthar Whitworth,
Baile Átha Cliath 9

Teil: +353 01 4056030
Láithreán Gréasáin: http://www.visionsports.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Feabhra 2023