Seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus do dhaoine óga in Éirinn

Réamhrá

D’fhéadfadh sé a bheith ina eispéireas thar a bheith deacair do thuismitheoir nuair a bhíonn deacrachtaí ag do leanbh lena meabhairshláinte. Uaireanta, is féidir fadhbanna meabhairshláinte a mhaolú trí thacaíocht a fháil ón teaghlach nó ó chairde. Uaireanta eile, féadann saincheisteanna meabhairshláinte a bheith níos casta ná sin agus níos deacra déileáil leo.

Tá tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil saor in aisce do gach duine atá in ainm is a bheith ag cabhrú le daoine dúshláin ‘éadroma’ meabhairshláinte a bhainistiú, agus a meabhairshláinte agus a bhfolláine a chosaint. Ina measc seo, tá suíomhanna gréasáin amhail spunout.ie agus yourmentalhealth.ie ar fáil. Tá línte cabhrach agus seirbhísí abhcóideachta arna maoiniú agus arna dtacú ag FSS ann freisin. Mar shampla, 50808, Childline, agus na Samáraigh.

Nuair a bhíonn gá le tuilleadh tacaíochta, tá seirbhísí meabhairshláinte ar leith ann do leanaí. Braitheann an tseirbhís nó an eagraíocht a dtéann tú chuici ar cibé an meastar deacrachtaí do linbh a bheith éadrom, nó níos déine ná sin. Fiú nuair a dhéantar deacracht mheabhairshláinte a rangú mar dheacracht ‘éadrom’, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil sé tromchúiseach nó tábhachtach. Is féidir le cineál nó leibhéal ar bith de dheacracht mheabhairshláinte a bheith an-dian agus tionchar suntasach a bheith acu ar an leanbh.

Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith ar an eolas faoi na seirbhísí meabhairshláinte atá ann agus faoi conas rochtain a fháil orthu. Tugtar cur síos anseo ar na príomhsheirbhísí agus ar conas is féidir leo cabhrú.

  • Dochtúir teaghlaigh
  • Seirbhísí cúraim phríomhúil
  • Seirbhísí speisialtóra
  • Seirbhísí príobháideacha cúraim mheabhairshláinte
  • Eagraíochtaí neamhbhrabúis

Do dhochtúir teaghlaigh

Is é an chéad chéim maidir leis an áit is fearr le dul a roghnú ná cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh.

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh in éineacht le do dhuine óg. Tá liosta ceisteanna ag FSS a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit féin nó do do leanbh agus tú ag caint leis an dochtúir teaghlaigh nó le gairmí eile cúraim sláinte.

Mínigh na cúiseanna a bhfuil imní ort agus na hathruithe, cibé acu mór nó beag, atá tugtha faoi deara agat le seachtainí nó le míonna anuas. Is dócha go gcuirfidh do dhochtúir teaghlaigh go leor ceisteanna. Tá sé tábhachtach gach rud a bhfuil imní ort faoi insint don dochtúir teaghlaigh ionas gur féidir leis/léi comhairle chur ort maidir leis na bearta iomchuí atá le glacadh, nó atreorú a dhéanamh chuig na seirbhísí cearta, más cuí.

B’fhéidir gur mhaith le do dhochtúir teaghlaigh bualadh le do dhuine óg ina (h)aonar ar feadh tamaill. Is gnáth rud é sin.

Cuirfidh do dhochtúir teaghlaigh roinnt fachtóirí san áireamh chun an tacaíocht nó an tseirbhís cheart do do leanbh a shainaithint, i.e. aois an linbh, an cineál airíonna a bhíonn orthu, déine na n-airíonna agus an leibhéal riosca atá i gceist.

Seirbhísí cúraim phríomhúil

Uaireanta déantar cur síos ar an gcéad leibhéal eile de thacaíochta agus seirbhísí mar ‘sheirbhísí cúraim phríomhúil’. Deartar iad seo do dhaoine atá ag dul trí dheacrachtaí ‘éadroma go measartha’ ó thaobh meabhairshláinte de. Is gnách go maireann na cineálacha tacaíochta a chuirtear ar fáil ag an leibhéal seo ar feadh tréimhse ghearr shonraithe.

  • Cuireann Jigsaw tacaíocht mheabhairshláinte duine-le-duine saor in aisce ar fáil do dhaoine óga idir 12-25 bliain d’aois a bhfuil deacrachtaí éadroma go measartha acu ó thaobh meabhairshláinte de. Glactar le hatreoruithe do dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois ó thuismitheoirí agus ó ghairmithe cúraim sláinte. Is féidir ríomhphost a sheoladh nó glaoch a chur ar do sheirbhís Jigsaw áitiúil chun coinne a iarraidh a lorg.
  • Tá Seirbhísí Síceolaíochta Cúraim Phríomhúil de chuid FSS lonnaithe in ionaid chúraim phríomhúil áitiúla ar fud na hÉireann. Soláthraíonn siad raon leathan seirbhísí saor in aisce do leanaí idir 0 - 17 mbliana d'aois. De ghnáth, bíonn foireann de theiripeoirí saothair, síceolaithe, altraí agus oibrithe sóisialta ag gach ionad cúraim phríomhúil. I measc na seirbhísí, tá teiripe aonair, obair theiripeach ghrúpabhunaithe do leanaí, ógánaigh agus tuismitheoirí, agus cineálacha éagsúla measúnuithe. Glactar le hatreoruithe ó thuismitheoirí agus ó ghairmithe cúraim sláinte.
  • Soláthraíonn Ionaid Acmhainní Teaghlaigh arna reáchtáil ag Tusla - an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, tacaíochtaí pobalbhunaithe saor in aisce do leanaí agus do thuismitheoirí, agus tá rochtain ag roinnt seirbhísí ar chomhairleoireacht.

Seirbhísí speisialtóra

Tá an chéad leibhéal eile tacaíochtaí agus seirbhísí dírithe ar dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte measartha nó tromchúiseacha acu. Uaireanta déantar cur síos ar na seirbhísí ag an leibhéal seo mar shainseirbhísí. Is iad síciatraithe a bhíonn i gceannas orthu de ghnáth, agus bíonn diagnóis chliniciúil meabhairshláinte ag an gcuid is mó de na daoine a fhaigheann tacaíochtaí ag an leibhéal seo. Chun rochtain a fháil ar na tacaíochtaí agus na seirbhísí seo, beidh atreorú ó dhochtúir teaghlaigh nó ó ghairmí cúraim sláinte ag teastáil ó do leanbh.

Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh

Is iad na seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus d’ógánaigh (CAMHS) an phríomhthacaíocht mheabhairshláinte speisialtóra do dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois. Tá CAMHS dírithe ar dhaoine óga a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte measartha nó tromchúiseacha acu. Tugann CAMHS tús áite d’atreoruithe ar bhonn riosca, rud a chiallaíonn go bhfeictear na daoine is mó a mheastar atá i mbaol níos luaithe ná daoine eile agus bíonn orthu siúd a mheastar go mbaineann riosca níos ísle leo fanacht níos faide le haghaidh coinne. Déanann CAHMS measúnú agus cóireáil ar riochtaí amhail neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde, agus dúlagar atá measartha go géar, neamhord imní, neamhoird itheacháin agus féindochar.

Tá trí leibhéal atreoraithe ag CAMHS:

  • Atreorú éigeandála: nuair a bhíonn riosca suntasach ann do shábháilteacht an duine óig, amhail iarracht ar fhéinmharú, féindochar suntasach nó dian-neamhord itheacháin. Tabharfar tús áite do na hatreoruithe seo agus tugtar coinne dóibh go tapa.
  • Atreorú práinneach: áit a bhfuil daoine an-bhuartha faoin duine óg gan géarchéim ná éigeandáil a bheith i gceist.
  • Déantar atreoruithe a rangú mar ghnáthatreorú nuair nach mbíonn riosca láithreach i gceist.

Tá sainseirbhísí ann freisin do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte tromchúiseacha acu agus a dteastaíonn diantacaíocht uathu. D’fhéadfadh tréimhse san ospidéal nó suíomh maireachtála faoi thacaíocht a bheith i gceist leis seo, áit ar féidir le foireann de ghairmithe meabhairshláinte monatóireacht a dhéanamh ar na hairíonna agus tacaíocht agus cóireálacha speisialtóra a thabhairt don duine óg.

D’fhéadfadh cóireáil othar cónaitheach a bheith an-chabhrach má tá airíonna do linbh chomh trom sin go bhfuil sé deacair dó/di feidhmiú, má tá a gcuid sábháilteachta i mbaol, nó má tá cóireáil sláinte fhisiciúil de dhíth orthu freisin mar gheall ar a gcuid fadhbanna meabhairshláinte.

Seirbhísí príobháideacha cúraim mheabhairshláinte

Tá gairmithe meabhairshláinte i gcleachtadh príobháideach ar fáil ar fud na hÉireann a chuireann seisiúin teiripe ar fáil do dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois. Tá sé tábhachtach a sheiceáil cén taithí atá acu ar oibriú le daoine óga, an cineál tacaíochta a chuireann siad ar fáil, agus an costas a bhaineann lena seisiúin sula ndéantar coinne. Ní gá duit atreorú a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, is féidir socruithe a dhéanamh tú féin go díreach.

Níl gach teiripeoir oilte ar an mbealach céanna ná níl na cáilíochtaí céanna acu go léir. Tá eolas ag Spunout a chabhróidh leat tuiscint a fháil ar an difríocht idir comhairleoirí agus síciteiripeoirí agus ar na cineálacha éagsúla teiripe atá ar fáil.

Eagraíochtaí neamhbhrabúis

Cuireann roinnt carthanachtaí agus eagraíochtaí seirbhísí ar fáil a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit agus tú ag lorg tacaíochta do dhuine óg. Faigheann cuid de na heagraíochtaí seo maoiniú ó FSS.

Faigh cabhair phráinneach

Cuir glaoch ar 999 nó 112 má tá tú féin nó duine éigin ar a bhfuil aithne agat ar tí díobháil a dhéanamh dóibh féin nó do dhuine eile.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023