Comhairle Shábháilteachta do ghluaisteánaithe

Sula dtiomáineann tú

Sula dtiomáineann tú do ghluaisteán, tá cáipéisí áirithe ann nach mór duit a bheith i bhfeidhm. Ba cheart duit a sheiceáil freisin go bhfuil an gluaisteán sábháilte le tiomáint (ródacmhainneach). Coimeád cothrom le dáta le cothabháil ghinearálta do ghluaisteáin. Nuair atá gluaisteán á thiomáint agat, bí ar an airdeall faoin mbealach a thiomáineann tú, na contúirtí ar an mbóthar agus do dhualgais mar úsáideoir bóithre.

Caithfidh tú na rudaí seo a leanas a chinntiú sula dtiomáineann tú:

Tá cumhdach árachas ag an ngluaisteán agus tá cáin bóthair íoctha dó.

  • D’éirigh leis an ngluaisteán i dtástáil an SNTC.
  • Tá gach diosca ar taispeáint ar an ngaothscáth.
  • Chomh maith leis sin, ní mór duit ceadúnas tiomána bailí a bheith agat.

Seiceáil na soilse agus na táscairí go léir agus cinntigh go bhfuil do ghaothscáth glan agus nach bhfuil aon rud air a chuirfeadh isteach ar do radharc amach ann. Coimeád do shreabhán nite gaothscátha lán. Seiceáil go bhfuil do bhonnán ag oibriú. Seiceáil go bhfuil na coscáin ag oibriú. Caithfidh tú na leibhéil leacht coscán agus ola innill, brú na mbonn agus bail do bhonn a sheiceáil go rialta. Smaoineamh maith i gcónaí é seirbhís a dhéanamh ar do ghluaisteán nuair a bhíonn sé de dhíth. Seiceáil lámhleabhar do ghluaisteáin chun teacht ar dháta na chéad seirbhíse eile.

Nuair a bhíonn tú ag tiomáint

Caithfidh tú tiomáint go freagrach agus cloí le rialacha an bhóthair nuair a bhíonn tú ag tiomáint.

Ba cheart duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh nuair a bhíonn tú ag tiomáint:

  • Tiomáint ar luas atá oiriúnach don bhóthar agus do na dálaí aimsire, don líon feithiclí i láthair agus don dóchúlacht go mbeidh guaiseacha ann. Is iad luasteorainneacha na luasanna uasta ar féidir leat tiomáint orthu ar stráice bóthair i ndálaí maithe.
  • Ná tiomáin faoi thionchar an óil nó drugaí choíche. Téann alcól i bhfeidhm ar do bhreithiúnas, ar do radharc, ar do chomhordú agus ar d’aga frithghníomhúcháin.
  • Caith do chrios sábhála. Ceanglaítear leis an dlí ar gach paisinéir sa ghluaisteán crios sábhála a chaitheamh freisin.
  • Glac sos ón tiomáint má tá tuirse ort – féadann néal codlata 15 nóiméad nó 20 nóiméad ar fad a bheith ina chuidiú.
  • Ná húsáid guthán póca láimhe choíche. Baineann contúirt le haon chur isteach agus tú ag tiomáint.
  • Las do cheannsoilse maolaithe chun radharc níos fearr a fháil agus chun go mbeidh tú infheicthe más rud é go bhfuil infheictheacht íseal ann.
  • Ná húsáid lampaí ceo ach amháin má bhíonn ceo ann nó sneachta ag titim. Múch iad nuair a fheabhsaíonn dálaí.

Cosc ar an gcoireacht

Is lú seans go ndéanfar íospartach na coireachta díot trí dhul i mbun roinnt réamhchúraim agus tú ag tiomáint.

  • Cuir do dhoirse faoi ghlas i gcónaí agus coimeád d’fhuinneoga dúnta.
  • Déan cinnte go bhfuil do mhála láimhe agus aon earraí luachmhara eile as radharc.
  • Fág do bhagáiste go léir nó siopadóireacht sa bhúit agus fág an suíochán cúil folamh.
  • Ná fág seaicéid nó cótaí ar crochadh sa suíochán cúil toisc gur féidir iad a ghoid nuair atá do ghluaisteán stoptha i dtrácht.
  • Úsáid do bhonnán má thagann duine éigin i dtreo d’fhuinneog nó má bhraitheann tú go bhfuil gluaisteán ag iarraidh thú a stopadh
  • Déan cinnte go bhfuil do bhealach ar eolas agat roimh ré. Ba chóir go mbeadh léarscáil agat nó is féidir leat córas suite domhanda (GPS) a úsáid ionas nach gá duit stopadh le treoracha a lorg. Ar thurais atá níos faide, cuir duine éigin ar an eolas ar an mbealach a thaistealóidh tú agus ar an am atá sé ar intinn agat do cheann scribe a shroicheadh.
  • Má cheapann tú go bhfuil duine éigin do do leanúint, tiomáin go dtí carrchlós stáisiún na nGardaí is gaire duit, nó mura bhfuil sé sin indéanta, tiomáin go dtí áit phoiblí ghnóthach, réamhchúirt gharáiste, mar shampla
  • Ná tabhair síob do strainséirí.

Sábháilteacht le linn páirceála

Ba choir duit áit gheal a roghnú le páirceáil ann. Nuair atá tú ag páirceáil faoi sholas an lae ach nuair a bheidh tú ag filleadh i bhfad níos déanaí, ba choir duit smaoineamh faoin gcuma a bheidh ar an áit sa dorchadas. Nuair atá tú ag filleadh chuig do ghluaisteán, bí cinnte go bhfuil d’eochracha i do lámha agat ionas nach bhfuil ort a bheith ag cuardach dóibh i mála nó cóta.

Eolas breise

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil inár gcáipéisí ar chomhairle sábháilteachta do thiománaithe, criosanna sábhála agus an dlí agus na luasteorainneacha náisiúnta in Éirinn. Is féidir leat teacht ar eolas ar shábháilteacht ar bhóithre do thiománaithe, coisithe agus rothaithe ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána freisin. Acmhainn eile atá san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an ÚSB)

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024