Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

Cad é ICDS?

Eagraíocht neamhspleách dheonach é Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce (ICDS) a chuireann comhairle dlí bhunúsach saor in aisce ar fáil.

Is iad príomhfheidhmeanna ICDS:

  • Comhairle agus eolas bunúsach a sholáthar do dhaoine a bhfuil ceisteanna faoin dlí acu
  • Teacht ar cheartas a chur chun cinn trí fheachtais abhcóideachta
  • Taighde a dhéanamh i limistéir a dtugtar tús áite dóibh den dlí ar mhaithe le leas an phobail

Ní chuireann ICDS seirbhís ionadaíochta ar fáil agus ní féidir leis cabhrú leat teacht ar ionadaíocht dhlíthiúil. Cuireann an Dlí-Chumann eolas ar fáil faoi conas aturnae a aimsiú.

Ní chuireann ICDS cúnamh dlí ar fáil, a riarann comhlacht ar leith, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil.

Conas is féidir liom comhairle dlí saor in aisce a fháil?

Cuireann ICDS líne eolais gutháin agus atreoraithe ar fáil ó Luan go hAoine. Tá an líne ghutháin saor in aisce.

Ní féidir le ICDS eolas ná comhairle dlí a sholáthar ar ríomhphost ná sa phost.

Is féidir leat teacht ar liosta treoracha ina bhfuil eolas dlíthiúil ar láithreán gréasáin an ICDS.

Clinicí Comhairle Gutháin ICDS

Cuireann ICDS comhairle dlí gutháin saor in aisce ar fáil ar bhonn teoranta freisin, i gcomhar le Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh (an SFS). Tá na hoibrithe deonacha a fhreagraíonn na gutháin cáilithe chun an dlí a chleachtadh in Éirinn.

Seirbhís saor in aisce faoi rún í seo ar féidir léi an méid a leanas a sholáthar:

  • Cúnamh céadchéime
  • Eolas dlíthiúil bunúsach
  • Comhairle, cosúil leis na chéad chéimeanna eile is gá duit a chur díot
  • Atreorú chuig seirbhís chuí eile

Má tá ionadaíocht dhlíthiúil agat cheana féin, ní féidir le Clinic Comhairle Gutháin an ICDS tuairim eile a thabhairt duit faoi do shaincheist dhlíthiúil.

Is féidir leat coinne a chur in áirithe trí theagmháil a dhéanamh le d’Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil (IFS). Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi na clinicí seo ar láithreán gréasáin an ICDS.

An féidir liom obair dheonach a dhéanamh ag ICDS?

Is gnách gur gá bheith go hiomlán cáilithe chun an dlí a chleachtadh in Éirinn chun obair dheonach a dhéanamh le ICDS. Cuireann ICDS deiseanna d’oibrithe deonacha ar a láithreán gréasáin de réir mar a thagann siad aníos.

Teagmháil

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Eanáir 2023