Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Bóithre agus Sábháilteacht > Comhairle Sábháilteachta do ghluaisrothaithe in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Comhairle Sábháilteachta do ghluaisrothaithe in Éirinn

Eolas

Cé gur ionann gluaisrothaithe in Éirinn agus níos lú ná dhá faoin gcéad (2%) de thiománaithe feithiclí ceadúnaithe na tíre, b'iad gluaisrothaithe tuairim agus 12% de na daoine a bhásaigh ar na bóithre in Éirinn sa bhliain 2001.

Is féidir leat a bheith sábháilte ag taisteal ar ghluaisrothar ach is mór an cúnamh é do do shábháilteacht féin go mbeadh tú ar an eolas maidir leis na dainséir éagsúla atá ar an mbóthar, do stíl tiomána féin agus do dhualgais mar úsáideoir bóthair.

Tá dualgais faoi leith ort mar ghluaisrothaí in Éirinn nuair atá tú ag tiomáint do ghluaisrothair:

  • Ní mór duit Rialacha an Bhóthair a bheith ar eolas agat chomh maith le do dhualgais mar ghluaisrothaí
  • Ní mór duit a bheith cinnte go bhfuil do ghluaisrothar feiliúnach don bhóthar i gcónaí; san áireamh anseo ní mór a bheith cinnte go bhfuil na boinn den doimhneas círe cuí agus go bhfuil na lampaí agus frithneoirí ar fad ag obair mar is ceart
  • Ba cheart duit díriú ar an tiomáint 100% den am, an t-am ar fad.
  • Ba cheart duit iarracht a dhéanamh aon dainséar ar an mbóthar a réamhfheiceáil
  • Más gá duit stopadh, ba cheart duit tiomáint ag luas a thugann deis duit stopadh taobh istigh den achar cuí
  • Ba cheart duit spás sábháilte a choinneáil idir do fheithicil féin agus an fheithicil amach romhat
  • Ba cheart duit a bheith ar an eolas maidir le droch aimsir agus droch chúinsí bóthair
  • Ba cheart duit a bheith le feiceáil an t-am ar fad

Rialacha

Tá sé i gcoinne an dlí in Éirinn a bheith ag tiomáint feithicle faoi thionchar alcóil ná drugaí.

Ní mór duit ceadúnas tiomána bailí don earnáil chuí gluaisrothair a bheith dhá iompar agat.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.