Céad Phas Éireannach do Linbh

Réamhrá

Míníonn an doiciméad seo conas iarratas a dhéanamh ar chéad phas Éireannach do linbh.

Caithfidh do leanbh a bheith ina s(h)aoránach Éireannach chun iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil do leanbh cáilithe mar shaoránach Éireannach, is féidir leat ár ndoiciméid maidir le saoránacht a léamh.

Ní mór do leanbh a phas féin a bheith aige/aici, agus ní féidir é a chur ar phas a dtuismitheora. Tá pas linbh bailí ar feadh 5 bliana.

I bhformhór na gcásanna, ní mór do Sheirbhís na bPasanna toiliú a fháil ó chaomhnóirí uile an linbh sular féidir léi pas linbh a eisiúint.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chéad phas Éireannach do linbh:

  • Ar líne, trí Pas Ar Líne
  • Tríd an bpost, trí Post Passport
  • Go pearsanta, ag seirbhís cuntair Oifig na bPasanna, nó ag ambasáid nó consalacht thar lear

SeirbhIs Pas Ar Líne

Is féidir leat an tseirbhís Pas Ar Líne a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach ó áit ar bith ar domhan.

Teastaíonn rochtain a bheith agat ar phrintéir le haghaidh do chéad iarratas ar phas. Ní mór duit a bheith in ann an táille a íoc le cárta creidmheasa nó le cárta dochair freisin. Ní mór duit doiciméid bhunaidh a sheoladh chuig Seirbhís na bPasanna tar éis duit do phróiseas iarratais ar líne a chríochnú.

Grianghraif Dhigiteacha

Ní mór duit grianghraf digiteach a chur isteach mar chuid d'iarratas. Is féidir leat é seo a dhéanamh ar 3 bhealach:

  • Iarr ar soláthraí grianghraf rannpháirteach grianghraf do pháiste a thógáil, thabharfaidh sé cód uathúil duit le cur ar d'iarratas ar líne.
  • Iarr ar soláthraí grianghraf rannpháirteach grianghraf do pháiste a thógáil, agus iarr air é a chur ar ríomhphost chugat, nó an grianghraf a shábháil ar fheiste USB, nó modh stórála eile. Caithfidh tú rochtain a bheith agat ar an ngrianghraf agus d'iarratas ar líne á chríochnú agat
  • Tóg grianghraf sa bhaile le ceamara digiteach nó le fón cliste. Caithfidh an grianghraf íomhá do pháiste ón choim aníos a thaifeadadh.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na riachtanais grianghraf don tseirbhís Pas Ar Líne.

Aitheantas do Linbh a Chruthú

  • Nuair a bheidh d'iarratas ar líne críochnaithe agat, iarrfar ort Foirm Aitheantais agus Toilithe Pas Leanaí a phriontáil
  • Má tá iarratas á dhéanamh agat in Éirinn, ní mór do " finné cuí" an fhoirm seo a shíniú. Ní mór do bhall den Gharda Síochána an Fhoirm Dhearbhaithe Aitheantais do chéad phas linbh a chomhlánú.
  • Má tá iarratas á dhéanamh agat ó thar lear, is féidir le gairmí ón liosta ar shuíomh Pas Ar Líne, nó ar an bhfoirm fíoraithe féin, an fhoirm a fhianú.
  • Ní mór do Sheirbhís na bPasanna toiliú a fháil ó chaomhnóirí uile an linbh sular féidir léi pas linbh a eisiúint. Féach "Toiliú Caomhnóra" thíos chun eolas a fháil art conas a oibríonn toiliú caomhnóra.
  • Is féidir le caomhnóir eile do linbh (má tá ceann ann) a iarraidh ar fhinné cuí eile a t(h)oiliú féin a fhianú, más mian leo.
  • Má tá do leanbh 7 mbliana d'aois nó níos sine, síneoidh do leanbh an fhoirm i láthair an fhinné (is féidir leat an fhoirm a shíniú ar son do linbh i gcas leanaí níos óige)
  • Caithfidh an caomhnóir a chomhlánaíonn an t-iarratas agus an dearbhú ar líne a bheith in éineacht leis an leanbh nuair atá a gcéannacht á fíorú. Aithneofar an caomhnóir seo mar ‘Caomhnóir A' ar an bhFoirm Aitheantais agus Toilithe Pas Leanaí. NÍ MÓR duitse (Caomhnóir A) an finné céanna a úsáid chun céannacht an linbh a fhíorú agus chun do thoiliú a fhianú. Féadfaidh an dara caomhnóir ‘Caomhnóir B' an finné céanna, nó finné difriúil, a úsáid chun a dtoiliú a thabhairt.

Doiciméid a sheoladh

Nuair a bheidh an t-iarratas críochnaithe agat, iarrfar ort Leathanach Clúdaigh Iarratais a phriontáil. Liostóidh sé seo na doiciméid nach mór duit a sheoladh chuig Seirbhís na bPasanna. Ní mór do gach doiciméad a sheoltar a bheith ina dhoiciméad bunaidh. Molann Seirbhís na bPasanna duit modh slán postála a úsáid chun do dhoiciméid a sheoladh. Cruthaítear lipéad postais mar chuid d'iarratas (má tá iarratas á dhéanamh agat in Éirinn).

Má tá tú ag déanamh iarratais ó thar lear, ba cheart duit seirbhís iontaofa poist a úsáid. I roinnt tíortha, níl na seirbhísí poist áitiúla iontaofa. Sa chás seo, is féidir leat do dhoiciméid a chur isteach ag an Ambasáid Éireannach is gaire duit.

Tá tuilleadh eolais faoi na doiciméid a chaithfidh tú a sheoladh thíos.

Is féidir leat Ceisteanna Coitianta a léamh faoin tseirbhís leathnaithe Pas Ar Líne.

Iarratas a dhéanamh tríd An Post le Post Passport

Is seirbhís é Post Passport a chuireann An Post ar fáil.

Más saoránach Éireannach atá ina chónaí in Éirinn é do leanbh, ba chóir duit foirm APS 1 a chomhlánú. Níl féidir faoi láthair leagan páipéir den fhoirm iarratais a íoslódáil.

Grianghraif

Ní mór duit 4 ghrianghraf chomhionanna de do leanbh a tógadh le déanaí a chur isteach le d'iarratas. Ba chóir d'fhinné an iarratais dhá cheann de na grianghraif seo a shíniú ar a gcúl. Ba chóir don fhinné an uimhir fhoirm a thaispeántar i gcuid 9 den fhoirm iarratais a scríobh ar an dá ghrianghraf sínithe. Má tá do leanbh 7 mbliana d'aois nó níos sine, caithfidh do leanbh an fhoirm a shíniú i láthair an fhinné.

eolas ar ghrianghraif pas atá níos mionsonraithe ar fáil.

Post Passport thar lear

Soláthraíonn roinnt brainsí de chuid Oifig an Phoist sa Ríocht Aontaithe an tseirbhís Post Passport (pdf). Tá oifig an phoist sa Bhreatain Mhór a thairgeann Post Passport (Glaschú, Cardiff agus Learpholl).

Má tá tú ag déanamh iarratais ó thar lear, tá catagóirí oiriúnacha finné liostáilte ar an bhfoirm iarratais. Ba chóir don fhinné a uimhir theagmhála i rith an lae a lua ar an bhfoirm iarratais mar d'fhéadfadh sé go mbeadh sé seo le deimhniú ag an tSeirbhís Pasanna nó ag an ambasáid nó ag an gconsalacht ábhartha.

Iarratas a dhéanamh go pearsanta

Ní mholtar iarratas a dhéanamh go díreach chuig Oifig na bPasanna le haghaidh chéad phas do linbh.

Tá an tseirbhís cuntair in Oifig na bPasanna ceaptha le freastal ar dhaoine a dteastaíonn uathu a bpasanna a athnuachan go práinneach, agus gan go leor ama acu chun iarratas a dhéanamh ar bhealaí eile. Is féidir leat iarratas céaduaire do pháiste a dhéanamh ag an seirbhís chuntair, ach ní féidir é a phróiseáil ar bhonn práinneach - tógfaidh sé 20 lá oibre ar a laghad (gan amanna postais san áireamh). Tá iarratais a dhéantar go pearsanta níos daoire ná iarratais ar líne nó iarratais trí Post Passport (féach 'Táillí’ thíos)

Má tá tú i do chónaí i dtír nach bhfuil Post Passport ná Pas Ar Líne ar fáil duit, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach go pearsanta nó trí iarratas a sheoladh trí ghnáthphost nó post cláraithe chuig an ambasáid nó an chonsalacht Éireannach is gaire duit. Úsáidtear foirm APS 2.

Ní féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil. Is féidir leat an fhoirm iarratais a fháil ó ambasáid nó ó chonsalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil conaí ort (nó ón ambasáid nó ón gconsalacht is gaire).

Toiliú Caomhnóra

Ní mór do Sheirbhís na bPasanna toiliú a fháil ó chaomhnóirí uile an linbh (mura bhfuil an leanbh pósta) sula bhféadann sí pas linbh a eisiúint.

Comhchaomhnóirí

Má tá tú nó má bhí tú pósta le tuismitheoir eile do linbh, agus má tá an tuismitheoir eile fós beo, ní mór don bheirt tuismitheoirí nó don bheirt chaomhnóirí toiliú caomhnóra a thabhairt.

Más comhchaomhnóir an linbh thú, ní mór don bheirt tuismitheoirí nó don bheirt chaomhnóirí toiliú caomhnóra a thabhairt.

Má tá tú ag déanamh iarratais ar líne, tar éis duit an fhoirm ar líne a chomhlánú ní mór duit an Fhoirm Aitheantais agus Toilithe um Pas linbh a phriontáil a gcaithfidh na caomhnóirí í a shíniú.

Má tá tú ag cur iarratais isteach nó ag déanamh athnuachana tríd an bpost nó go pearsanta ní mór don bheirt chaomhnóirí an chuid um thoiliú tuismitheora (Cuid 7) den fhoirm iarratais ar phas a shíniú.

Mura bhfuil tú i dteagmháil le tuismitheoir/caomhnóir eile do linbh, nó má dhiúltaíonn an tuismitheoir/caomhnóir sin toiliú a thabhairt, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar ordú cúirte, a cheadóidh don tSeirbhís Pasanna an pas a eisiúint gan an toiliú sin .

Caomhnóirí aonair

Ní hionann an cás más tusa caomhnóir aonair linbh. Mar shampla más máthair aonair tú agus mura bhfuil socraithe déanta ag an athair chun a bheith ina chomhchaomhnóir nó má tá an tuismitheoir/caomhnóir eile éagtha. Más tusa an t-aon chaomhnóir beidh ort mionnscríbhinn (AFF 1) a chur ar fáil ag rá gur tusa an t-aon chaomhnóir. Ba chóir í seo a chomhlánú i láthair aturnae nó Coimisinéir Mionnaí.

Má tá an tuismitheoir/caomhnóir eile éagtha, beidh ort deimhniú báis a sholáthar freisin. Mura bhfuil deimhniú báis ar fáil go fóill mar go gcaithfidh an cróinéir ionchoisne a thionól sa bhás, ba cheart duit Deimhniú Eatramhach ar Fhíric an Bháis Báis a eisíonn an cróinéir a chur ar fáil.

Leanaí a rugadh sa Ríocht Aontaithe: Má chláraigh tuismitheoirí an bhreith i gcomhpháirt i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór, d'fhéadfadh go mbeadh comhchaomhnóireacht ag an athair fiú mura raibh na tuismitheoirí pósta riamh.

tuilleadh eolais ar thoiliú tuismitheora ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar a láithreán gréasáin. Tá achoimre ar rialacha toilithe caomhnóra agus ar na doiciméid éagsúla a chaithfidh tú a sholáthar le d'iarratas sna táblaí seo a leanas:

 
Beirt Chaomhnóirí Doiciméid a theastaíonn
Tá/bhí tuismitheoirí pósta lena chéile agus tá siad fós beo Ní mór don bheirt tuismitheoirí toiliú a thabhairt. Níl aon cháipéisíocht bhreise ag teastáil
Níl na tuismitheoirí pósta, ach bhí an t-athair ina chónaí le máthair an linbh ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh an mbreith, agus ar feadh 3 mhí ar a laghad, i ndiaidh bhreith an linbh (i bhfeidhm ón 18 Eanáir 2016 amháin Ní mór don bheirt tuismitheoirí toiliú a thabhairt. Níl aon cháipéisíocht bhreise ag teastáil
Comhchaomhnóireacht trí dhearbhú reachtúil Teastaíonn dearbhú reachtúil
Comhchaomhnóireacht trí ordú ó na cúirteanna Caithfear an t-ordú cúirte bunaidh a sheoladh leis an iarratas
Cheap caomhnóir éagtha caomhnóir ina (h)uacht (caomhnóir tiomnach) Deimhniú báis, AFFI 1 Beidh mionnscríbhinn Caomhnóireachta Aonair agus cóip dheimhnithe (nó bunaidh) de uacht an duine nach maireann ag teastáil
Comhchaomhnóireacht trí ordú cúirte nó dlí caomhnóireachta i dtír eile Ba chóir gur leor deimhniú breithe an linbh i bhformhór na gcásanna
Caomhnóir amháin Doiciméid a theastaíonn
Tá an caomhnóir eile éagtha Deimhniú báis, AFFI 1 Mionnscríbhinn Caomhnóireachta Aonair ag teastáil.
Tuismitheoir Aonair AFFI 1 Mionnscríbhinn Caomhnóireachta Aonair ag teastáil.

Táillí phas do linbh

Le haghaidh iarratais den chéad uair, is iad na táillí:

Pas ar Líne - €20, móide táille postais €5

Post Passport - €30, móide táille An Post €9.50.

Seirbhís Chuntair (go pearsanta ag Oifig na bPasanna) - €45

Cad iad na doiciméid atá de dhith orm?

Ní mór duit na nithe seo a leanas a chur isteach le d'fhoirm iarratais chomhlánaithe nuair chuireann tú isteach ar phas linbh den chéad uair:

  • Ceithre ghrianghraf pas den leanbh, 2 sínithe ag finné de réir na dtreoracha atá ar fáil leis an bhfoirm iarratais (nó grianghraf digiteach má tá tú ag déanamh iarratais ar líne)
  • Deimhniú breithe an linbh
  • Táille chuí
  • Uimhir PSP (má tá an leanbh ina c(h)ónaí in Éirinn)
  • Doiciméid bhreise chun saoránacht Éireannach an linbh a dheimhniú. Braitheann na doiciméid a chaithfidh tú a sheoladh ar conas a rinneadh saoránach Éireannach den leanbh - féach thíos.

Cáipéisíocht Bhreise

Braitheann na doiciméid a chaithfidh tú a sheoladh ar conas a rinneadh saoránach Éireannach den leanbh

Rugadh mo leanbh in Éirinn roimh an 1 Eanáir 2006

Is saoránach Éireannach ó dhúchas é/í do leanbh. Ní gá duit ach a léiriú gur rugadh an leanbh in Éirinn chun saoránacht a chruthú. Ba chóir duit deimhniú breithe do linbh a sheoladh.

Is saoránach de chuid an AE / LEE / na hEilvéise mé, agus rugadh mo leanbh in Éirinn tar éis an 1 Eanáir 2006

Beidh ort a thaispeáint go raibh tú i do chónaí in Éirinn ar feadh 3 bliana as na 4 bliana sular rugadh do leanbh. Ba chóir duit:

Chun do chónaitheacht a chruthú, is féidir leat an méid a leanas a sheoladh:

  • Taifid chánach, lena n-áirítear teastais P60, P45 agus P35L
  • Taifid ar aon sochair leasa shóisialaigh nó ráiteas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag deimhniú go bhfuair an tuismitheoir sochair agus ag tabhairt dátaí beachta
  • Doiciméid eile chun aon bhearnaí i dtréimhsí cónaitheachta a líonadh, mar shampla duillíní pá, billí fóntais, comhaontú cíosa/léasa oifigiúil, leabhar cíosa nó ráitis bhainc ina bhfuil idirbhearta léirithe

Ní mór gur doiciméid bhunaidh iad na doiciméid. Ní ghlactar le cóipeanna.

Is saoránach de thír atá lasmuigh den LEE/an Eilvéis mé agus rugadh mo leanbh in Éirinn.

Beidh ort a léiriú gur chónaigh tú (nó tuismitheoir eile an linbh) go dleathach in Éirinn ar feadh 3 bliana as na 4 bliana sular rugadh do leanbh. Níl an t-am a chaith tú ag fanacht le cinneadh Cosanta Idirnáisiúnta ná an t-am a chaith tú in Éirinn ar víosa mac léinn ináirithe chun críocha na riachtanas cónaithe. Ba chóir duit an méid seo a leanas a sheoladh:

  • Do phas bunaidh le stampaí ceada chun cónaí in Éirinn agus/nó do Chárta Ceada Cónaithe Éireannach (IRP)
  • Litreacha ó Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) ina dtugtar cead duit fanacht sa Stát. Ní dheonaítear gach cead cónaithe trí litir, mar sin braitheann sé seo ag brath ar an gcineál cónaitheachta atá agat in Éirinn.
  • Ráiteas achomair i scríbhinn. Ba cheart an achoimre a shíniú, agus ba chóir go mbeadh an méid a leanas luaite:
  1. Uimhir do phas
  2. Ainm shealbhóir an phas
  3. Cur síos ar an stampa(aí) (mar shampla, Stampa 4)
  4. Dátaí an cheada

Tá stádas dídeanaí agam agus rugadh mo leanbh in Éirinn.

  • Do dhoiciméad taistil bunaidh
  • An litir ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ina bhfuil sé deimhnithe gur tugadh stádas dídeanaí duit
  • Do Chárta Ceada Cónaithe Éireannach

Tá cead éiginnte agam fanacht sa Ríocht Aontaithe agus bhí mé i mo chónaí i dTuaisceart Éireann ar feadh trí bliana ar a laghad roimh bhreith mo linbh

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar dheimhniú náisiúntachta ó Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS). Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an Fhoirm Dhearbhaithe C (pdf) (nó Foirm Dhearbhaithe D má tá tú ag gníomhú in loco parentis)

Is saoránach Éireannach ó dhúchas mé agus rugadh mo leanbh thar lear.

  • Is saoránach Éireannach ó dhúchas do leanbh toisc gur rugadh tú (nó tuismitheoir eile an linbh) ar oileán na hÉireann. Is Éireannach é/í an páiste beag beann ar an áit ar rugadh é/í. Ba chóir duit an méid a leanas a sheoladh:
  • Deimhniú breithe iomlán do linbh,
  • Do dheimhniú breithe iomlán
  • Do dheimhniú pósta (más infheidhme)

Is saoránach Éireannach mé, ach níor rugadh mé in Éirinn. Rugadh mo pháiste thar lear.

Ní mór duit breith an linbh a chlárú ar an gClár na mBreitheanna Coigríche sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach do do leanbh. Nuair a bheidh sé seo críochnaithe agat ba chóir duit an méid a leanas a sheoladh:

  • Deimhniú iontrála an linbh ar Chlár na mBhreitheanna Coigríche, a d'eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha
  • Deimhniú breithe an linbh

Is saoránach Éireannach mé trí eadóirsiú, agus rugadh mo leanbh thar lear

Ní mór duit breith an linbh a chlárú ar an gClár na mBreitheanna Coigríche sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach do do leanbh. Nuair a bheidh sé seo críochnaithe agat ba chóir duit an méid a leanas a sheoladh:

  • Deimhniú iontrála an linbh ar Chlár na mBhreitheanna Coigríche, a d'eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha
  • Deimhniú breithe an linbh

Más saoránach Éireannach thú agus má rugadh do leanbh thar lear agus má uchtaíodh é/í faoi dhlí na hÉireann, teastaíonn an deimhniú iontrála sa Chlár um Uchtuithe Idir Tíortha de chuid Údarás Uchtála na hÉireann chomh maith le do phas nó do dheimhniú breithe. (Má tá tú i do chónaí thar lear agus má d'uchtaigh do leanbh thar lear, ba chóir duit iarratas a dhéanamh go gcuirfear an uchtáil ar an gClár um Uchtuithe Idir Tíortha.)

Is saoránach Éireannach mé agus d'uchtaigh mé mo leanbh thar lear

Ba cheart duit:

  • Do deimhniú iontrála sa Chlár um Uchtuithe Idir Tíortha
  • Do deimhniú breithe nó do phas Éireannach
  • Deimhniú uchtála do linbh a chur isteach le d'iarratas

Cé chomh fada is a thógfaidhm'iarratas ar phas?

Críochnaítear iarratais ar líne laistigh de thart ar 20 lá oibre.

Má tá tú ag athnuachan tríd an tseirbhís Post Passport, ba chóir duit 8 seachtaine ar a laghad a fhágáil chun d'iarratas a phróiseáil (gan amanna postais san áireamh). Is féidir an tréimhse seo a bheith níos faide ag amanna áirithe den bhliain mar gheall ar líon méadaithe na n-iarratas.

Seiceáil láithreán gréasáin na Seirbhíse Pasanna le haghaidh na n-amanna próiseála reatha.

Teagmhálacha úsáideacha

Oifig na bPasanna

Teach Knockmaun
42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 TN83
Éire

Uaireanta Oscailte: 9:00am -4:30pm, Mon-Fri
Teil: +353 (0)1 671 1633

Oifig na bPasanna

1a An Mál Theas
Cork
Ireland

Rannóg Saoránacht

Oifig na Roinne Dlí agus Cirt

Bóthar Rosanna
Baile Thiobraid Árann
Tiobraid Árann
E34 N566
Éire

Lóghlao: Phone services are currently suspended

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce

13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2024