Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Scrúduithe tiomána > Scrúdú Teoirice Tiomána

Print Page Send to a Friend

Scrúdú Teoirice Tiomána

Eolas

Tugadh isteach tástáil teoirice tiomána in Éirinn i 2001 mar fhorlíonadh ar an tástáil tiomána praiticiúla. Roimhe seo, níorbh ghá do thiománaithe in Éirinn tástáil a dhéanamh chun a gcuid eolais faoi rialacha an bhóthair ná faoin reachtaíocht a bhaineann le tiomáint a chur faoi scrúdú sula gcuirfidís isteach ar cheadúnas tiomána nó sula mbíodh an tástáil tiomána críochnaithe acu.

Tá sé riachtanach faoi reachtaíocht de chuid an AE anois go ndéanann saoránaigh scrúdú praiticiúil faoina gcuid eolais ar rialacha an bhóthair agus ar an reachtaíocht a bhaineann le tiomáint.

Seiceálfaidh do thástáil teoirice do chuid eolais faoi rudaí mar:

  • rialacha an bhóthair,
  • aireachtáil maidir le riosc
  • bheith in ann guaiseacha a thuiscint, agus
  • dea-iompar tiomána.

Déantar an tástáil i líonra de 41 d'ionaid thástála ar fud na tíre agus úsáidtear córas ríomhaireachta atá áisiúil don úsáideoir. Oibrítear Seirbhís na Tástála Teoirice do Thiománaithe ar bhunús cosúil leis an mbunús ar a reáchtáltar an Tástáil Náisiúnta Carranna. Is féidir an tástáil a thairiscint as Gaeilge agus as Béarla agus déantar freastal ar iarrthóirí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Ó cuireadh tús leis an tSeirbhís Tástáil Teoirice do Thiománaithe ar 11 Meitheamh 2001, caithfear teastas tástála teoirice a fháil sula dtugtar ceadúnas sealadach i gcatagóir faoi leith d’fheithiclí. Duine ar bith a bhfuil iarratas curtha isteach aige/aici le haghaidh céad cheadúnais shealadaigh idir 25 Aibreán agus 10 Meitheamh 2001, déanfar tréimhse bailíochta a c(h)eadúnais a theorannú go 90 lá agus bronnfar an chuid eile de ghnáth-thréimhse dhá bhliain nuair a chuireann sé/sí isteach an teastas tástála teoirice faoi bhráid an údaráis cheadúnaithe. Duine ar bith a bhfuil iarratas curtha isteach le haghaidh céad cheadúnais shealadaigh idir 25 Aibreán agus 10 Meitheamh 2001 agus a phas an tástáil tiomána praiticiúla, beidh air/uirthi an tástáil teoirice a phasáil freisin sular féidir leis/léi ceadúnas iomlán tiomána a fháil.

An Tástáil

ceithre aicme de thástáil ann,

  • Gluaisrothar agus móipéidí (Catagóirí Ceadúnais A, M)
  • Carranna agus feithiclí oibre (Catagóirí Ceadúnais B, W)
  • Feithiclí earraí troma (Catagóir Ceadúnais C)
  • Busanna (Catagóir Ceadúnais D)

Tá 40 ceist sa tástáil agus caithfidh iarrthóirí freagra ceart a thabhairt ar 35 ceist chun éirí leo. Tá 45 nóiméad agat chun freagra a thabhairt ar an 40 ceist sa tástáil.

Glactar an tástáil ag úsáid córais ríomhaireachta scáileán tadhaill. Roghnaíonn iarrthóirí a gcuid freagraí trí scáileán an ríomhaire a thadhall. Is féidir seisiún cleachta a ghabháil de láimh sula ndéanann tú an tástáil féin chun go gcuireann tú taithí ar an gcóras. Ní gá aon saineolas ríomhaireachta a bheith agat ar chor ar bith.

Má bhíonn deacrachtaí agat maidir le léamh, tá guth ann freisin a léifidh amach na ceisteanna duit. Léireoidh pictiúir nó dathanna cuí na freagraí éagsúla ar an scáileán agus roghnaíonn tú d’fhreagra trí an pictiúr nó an dath a thadhall.

Más mian leat an tástáil a dhéanamh as Gaeilge, is féidir seo a dhéanamh ag d’ionad tástála agus le linn na tástála.

Má dhéanann tú botún nó má athraíonn tú d’aigne, is féidir leat d’fhreagra a chealú. Más mian leat léim thar cheist, is féidir leat teacht ar ais agus freagra a thabhairt uirthi ag deireadh do thástála. Ag deireadh na tástála, is féidir leat athbhreithniú ar do chuid freagraí agus, más mian leat, iad a athrú.

Scóráltar an tástáil go huathoibríoch agus cuirtear na torthaí ar fáil duit láithreach bonn. Gheobhaidh tú teastas pasála le haghaidh do thástála teoirice ag an ionad tástála.

Catagóirí Feithiclí agus Tástálacha Teoirice

Má tú ag cur isteach ar chéad cheadúnas sealadach tiomána, caithfidh tú an tástáil teoirice a dhéanamh le haghaidh catagóirí feithiclí A, B, M, W. Beidh tú i dteideal cur isteach ar cheadúnas tiomána le haghaidh catagóire A1, A, B, M nó W (ag brath ar d'aois) ansin.

Más mian leat cur isteach ar cheadúnas tiomána trucaile, caithfidh tú tástáil teoirice Catagóir C a dhéanamh. Faoi seo beidh tú in ann cur isteach ar cheadúnas tiomána sealadach i gcatagóirí C1 nó C. Más mian leat cur isteach ar cheadúnas tiomána bus (catagóir D) caithfidh tú tástáil teoirice catagóir D a dhéanamh. Léigh tuilleadh mar gheall ar chatagóirí feithiclí agus tástálacha tiomána anseo.

Ceisteanna Tástála

Beidh na ceisteanna a chuirfear ort le linn do thástála teoirice do thiománaithe bunaithe ar Rialacha an Bhóthair agus ar an reachtaíocht a bhaineann le trácht bóithre in Éirinn faoi láthair. T’a bunachar de cheisteanna i Seirbhís na Tástála Teoirice do Thiománaithe. Le haghaidh gach tástála, bainfear feidhm as 40 de cheisteanna fánacha amach as bunachar na gceist. Ciallaíonn seo mar shampla má chliseann ort sa tástáil agus go mbíonn ort í a dhéanamh arís, nach móide go gcuirfear na ceisteanna céanna ort arís.

Ábhar tástála

Tá liosta iomlán na gceisteanna tástála agus na bhfreagraí le fáil díreach mar leabhar agus CD-ROM agus tá fáil orthu ó shiopaí leabhar ar fud na tíre agus ón tSeirbhís Tástála Teoirice do Thiománaithe. Níl an t-ábhar le fáil saor in aisce (thart ar 17.99 euro le haghaidh an leabhair agus thart ar 17.99 euro le haghaidh an CD-ROM). Coinníonn roinnt leabharlanna poiblí in Éirinn an t-ábhar seo freisin. Déan teagmháil le do leabharlann phoiblí áitiúil chun a fháil amach an féidir leat an t-ábhar seo a thabhairt amach ar iasacht.

Faoi láthair níl aon tseirbhís oifigiúil tástála do thiománaithe ar líne mar ar féidir leat an tástáil a chleachtadh, féachaint ar cheisteanna samplacha nó do chuid eolais á thomhas. Ba cheart ceisteanna/ tuairimí faoin ábhar a bhaineann leis an tástáil agus mar atá fáil air ar líne a chur ar an Seirbhís Tástála Teoirice do Thiománaithe ar ghuthán ag 1890 606 106 (ráta Loghlao). Nó is féidir leat scríobh go dtí an tSeirbhís Tástála Teoirice do Thiománaithe faoin gceist faoin seoladh 'Ag déanamh iarratais'.

I 2004, sheol an Chomhairle Sábhailteachta Náisiúnta sampla de thástáil teoirice do thiománaithe ar líne. Is éard atá i gceist sa tástáil ar líne seo díreach 5 cheist a thógtar amach as bunachar na gceist. Bain triail as an tástáil teoirice tiomána ar líne anseo.

Aois Íosta agus Scrúdú Teoirice Tiomána

Baineann aoiseanna íosta áirithe le ceadúnas tiomána sealadach a fháil d’fheithiclí áirithe in Éirinn. Mar shampla, ní mór do thiománaithe feithiclí Chatagóir A1 (i.e., gluaisrothair áirithe) a bheith 16 bliana d’aois ar a laghad chun ceadúnas sealadach a fháil. Ní mór do thiománaithe feithiclí Chatagóir B (i.e., carranna áirithe) a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad chun an chéad cheadúnas sealadach a bheith acu.

Go teoiriciúil, is féidir leat scrúdú teoirice tiomána a bheith agat ag aois ar bith. Mar sin féin, caithfidh tú do theastas pas a chur isteach chuig d’Oifig Mótarchánach le d’iarratas ar do chéad cheadúnas sealadach taobh istigh de dhá bhliain tar éis duit pas a fháil i do thástáil teoirice. Mar sin. cuir i gcás, más mian leat cur isteach ar cheadúnas sealadach le haghaidh feithiclí de chuid Chatagóir B, ní mór duit a bheith ar a laghad 15 bliana d’aois nó níos sine agus pas a bheith agat sa scrúdú teoirice tiomána chun an chéad cheadúnas tiomána a bheith agat nuair a shroicheann tú 17 mbliana d’aois.

Mura gcuireann tú do theastas tástála isteach chuig d’Oifig Mótarchanach taobh istigh de dhá bhliain i ndiaidh duit pas a fháil i do scrúdú, éagann an teastas. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú do thástáil a dhéanamh arís. Ní bhaineann aon uasaois le scrúdú teoirice tiomána a chur i gcrích.

Nósanna imeachta gearán

Má tá tú míshásta le toradh do thástála, tá sé de cheart agat an cinneadh seo a achomharc. Labhair le maoirseoir na Tástála sula bhfágann tú an t-ionad tástála. Freisin is féidir leat foirm achomhairc a líonadh, atá le fáil sna h-Ionaid ar fad. Iarrann an fhoirm iarratais go ndéanfar athmharcáil ar do thástáil. Tá rialacha i gceist maidir le hachomharc; Caithfidh tú ;

D’achomharc a dhéanamh laistigh de dheich lá oibre tar éis do thástála

Táille 35.60 euro sa bhreis a chur léi.

Nuair a fhaightear d’achomharc, déanfar do thástáil a achomharc agus gheobhaidh tú an toradh laistigh de chúig lá oibre. Ní dhéanfar do thástáil a athmharcáil ag an bhfoireann san ionad tástála mar a ndearna tú do thástáil. Déanfaidh ceannoifig na Seirbhíse Tástála athbhreithniú agus athmharcáil ar do thástáil.

Má thagann sé chun solais go raibh an mharcáil a bhí ann i dtús mícheart tabharfar an táille ar ais chugat agus eiseofar do theastas tástála teoirice. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi Chairt Custaiméirí na Tástála Teoirice do Thiománaithe anseo.

Rialacha

Caithfidh duine ar bith a chuireann isteach ar chéad cheadúnas sealadach ar nó tar éis 25 Aibreán 2001 an tástáil teoirice a dhéanamh.

Duine ar bith a bhfuil iarratas curtha isteach le haghaidh céad cheadúnais shealadaigh idir 25 Aibreán agus 10 Meitheamh 2001 agus a phas an tástáil tiomána praiticiúla, beidh orthu an tástáil teoirice a phasáil freisin sular féidir leo ceadúnas iomlán tiomána a fháil.

Caithfidh tú aitheantas bailí (mar shampla, pas, cárt aitheantais mic léinn, cárta taistil nó mar sin, a bhfuil do ghrianghraf agus d'ainm air) a thabhairt leat.

Teastas tástála teoirice nua a fháil má chailleann tú do cheann-sa.

Má tá do theastas tástála teoirice caillte agat, is féidir leat cóip a fháil. Ní gá ach scríobh don tSeirbhís Tástála Teoirice do Thiománaithe (féach ‘Ag déanamh iarratais’ anseo thíos) chun teastas nua a iarraidh.

Ní féidir leat teastas nua a iarraidh ar an nguthán. Caithfidh d’iarratas scríofa d’ainm, do sheoladh agus d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) a lua chomh maith le táille 8 euro chun do thaifead a shainaithint. Caithfear an táille a íoc mar sheic, ordú poist nó dréacht bainc iníoctha do tSeirbhís Tástála Teoirice do Thiománaithe. (Ná seol airgead tirim).

Rataí

Cosnaíonn tástáil 45 euro.

Más mian leat achomharc a dhéanamh faoi chinneadh Tástála, tá táille breise 45 euro i gceist. Aisíocfar an táille seo leat má éiríonn le d’achomharc.

Cosnaíonn teastas nua 15 euro.

Conas Iarratas a dhéanamh

Íoslódáil agus líon isteach foirm iarratais le haghaidh do thástála anseo (pdf). Is féidir leat cur isteach ar thástáil agus íoc as ar líne freisin anseo.

Is féidir leat tástáil a chur in áirithe freisin trí ghlaoch go dtí an t-ionad anseo thíos, Beidh d'Uimhir PPS ag teastáil (Uimhir RSI láa den tsaol), mar sin coinnigh seo in aice láimhe. Má tá cárta creidmheasa/laser agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh agus íoc as ar an nguthán. Nó is féidir leat glaoch agus foirm iarratais a iarraidh tríd an bpost. Ba cheart d’fhoirm iarratais líonta isteach agus táille 35.60 euro a chur go dtí an seoladh anseo thíos.

Nuair a fhaightear d’iarratais, cuirfear ar an eolas tú mar gheall ar dháta, áit agus am do thástála roimh ré. Más mian leat do thástáil a athrú, déan teagmháil leis an ionad anseo thíos.

Nuair a bhaineann tú d’ionad tástála amach, tabharfar súil ar do chuid cáipéisí ar fad. Ní mór duit cuimhneamh ar aitheantas de chineál éigin (mar shampla, pas, cárta aitheantais mic léinn nó aitheantas údaraithe eile a eisíonn an Stát nó Banc (fhad is a atá grianghraf leo) a thabhairt leat. Tabharfar go dtí stáisiún ansin tú chun do thástáil a dhéanamh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tástáil Teoirice Tiomána

P.O. Bosca 788
An Tóchar
Corcaigh
Éire

Lóghlao:1890 606 106 Monday-Friday 8.00am-6.00pm.
Láithreán Gréasáin: http://www.theorytest.ie/index.php

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 April 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.