Anseo atá tú: Baile > Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Cionta tiomána > Pointí pionóis i gcomhair cionta tiomána

Print Page Send to a Friend

Pointí pionóis i gcomhair cionta tiomána

Eolas

Tugadh córas na bpointí pionóis i gcomhair cionta tiomána isteach in Éirinn an 31 Deireadh Fómhair 2002. In Aibreán 2006, tugadh isteach fíneálacha muirir sheasta do thiománaithe a bhí ciontach i gcionta tiomána. Is é an dlí a rialaíonn pointí pionóis ná an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002. Is éard atá i bpointe pionóis ná iomardú foirmiúil ó na Gardaí ar do cheadúnas tiomána a thaispeánann go bhfuil tú ciontach i gcion tiomána sainithe.

Is í an aidhm atá leis na pointí pionóis ná tionchar agus feabhas a chur ar iompar tiománaithe in Éirinn agus iarracht a dhéanamh dul i ngleic le líon na ndaoine atá ag fáil bháis agus á ngortú go dona ar na bóithre, rud nach féidir glacadh leis. Tá córais pointí pionóis i bhfeidhm i dtíortha eile freisin. Léiríonn taithí idirnáisiúnta gur éirigh leis an gcóras pointí pionóis líon na mbásanna ar na bóithre sna tíortha sin a laghdú.

Cé gur ar do cheadúnas tiomána a chuirtear pointí pionóis, ní bhíonn na pointí le feiceáil go fisiciúil ar an gceadúnas. Ina áit sin, bíonn do phointí pionóis taifeadta ar thaifead do cheadúnais tiomána. Taifid ceadúnas tiomána ar siúl ar an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe i bhfeidhm ag an Roinn Iompair, Spóirt agus Turasóireachta.

Conas a oibríonn córas na bpointí pionóis?

Taifeadtar cionta pointí pionóis ar thaifead do cheadúnais tiomána:

  • Má chiontaítear tú i gcion tiomána a bhfuil pointí pionóis ag gabháil leis, nó
  • Má sheirbheáiltear tú le fógra fíneála seasta maidir le cion líomhnaithe a dtéann pointí pionóis leis agus go roghnaíonn tú an fhíneáil a íoc seachas dul chuig na cúirteanna chun an cás a réiteach.

Níl cead ag aon tiománaí in Éirinn feithicil a thiomáint nuair atá 12 pointe pionóis reatha ar a gceadúnas tiomána acu. Dícháileofar aon tiománaí a fhaigheann 12 pointe pionóis in aon tréimhse 3 bliana ó thiomáint ar feadh 6 mhí.

An mbaineann pointí pionóis le gach ceadúnas tiomána Éireannach?

Baineann pointí pionóis le ceadúnais tiomána Éireannacha sealadacha agus iomlána. Baineann pointí pionóis le tiománaithe a bhfuil ceadúnais tiomána eachtracha acu agus atá ag tiomáint in Éirinn. Má tá duine ag tiomáint in Éirinn ar cheadúnas eachtrach, coinnítear sonraí an tiománaí ar bhunachar sonraí ar leith ar mhaithe le pointí pionóis a thaifeadadh. Má dhéanann an tiománaí sin iarratas ar cheadúnas tiomána Éireannach, agus go bhfaigheann sé/sí ceann, cuirtear na pointí pionóis i bhfeidhm ar an gceadúnas sin ansin.

Pointí pionóis a fhaightear i ndlínsí eile

Ghlac Ballstáit an AE le Coinbhinsiún ar Dhícháiliú Tiomána i 1998. Cuireann Acht um Thrácht Bóithre 2002 na hÉireann creat ar fáil chun an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm. Tá Alt 9 deartha chun teacht i bhfeidhm an chreata a éascú d’fhonn comhoibriú déthaobhach a dhéanamh le Ballstáit eile de chuid an AE i gcur i bhfeidhm dhícháiliú tiomána i gcomhair roinnt cionta tromchúiseacha um thrácht ar bóithre a rinneadh i mBallstát eile.

Tá socrú cheana féin ann ina n-aithnítear pointí pionóis idir an Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann agus Oileán Mhanainn. Tá an Rialtas agus Comhairle na Breataine-na hÉireann ag scrúdú aithint pointí pionóis idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann. Tá an tArd-Aighne ag scrúdú na gceisteanna dlí casta a bhaineann leis an gcás i láthair na huaire.

Cén uair a thagann na pointí i bhfeidhm - an dáta a rinne mé an cion?

Ní shea. Má tá cion tiomána déanta agat a dtéann pointí pionóis leis, gheobhaidh tú fógra scríofa ón tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre dod’ chur ar an eolas go bhfuil an líon cuí pointí pionóis á gcur le do cheadúnas tiomána. Beidh sonraí maidir le d’ainm, do sheoladh, dáta, am agus láthair an chiona tiomána atá i gceist sa bhfógra seo, chomh maith le dearbhú gur íoc tú an táille seasta don chion nó gur ciontaíodh sa chúirt tú as an gcion seo. Beidh an dáta a eisíodh an fógra ort ar an bhfógra seo freisin. Is é seo an dáta tábhachtach ós rud é nach gcuirfear na pointí le do cheadúnas ach 28 lá tar éis an dáta seo.

Nuair a eisíonn na Gardaí fógra táille seasta ar dhuine i gcomhair cion tiomána a dtéann pointí pionóis leis, agus go n-íocann an duine sin an táille nó an fhíneáil taobh istigh de 56 lá, cuirfidh na Gardaí an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ar an eolas, agus ansin eiseoidh an tÚdarás fógra don duine sin go bhfuil an líon cuí pointí pionóis le cur lena gceadúnas tiomána 28 lá tar éis eisiúint an fhógra sin. Má theipeann ar dhuine an fógra táille seasta a íoc taobh istigh de 56 lá, seirbheálfaidh na Gardaí toghairm ort chun teacht os comhair na Cúirte Dúiche chun freagairt don chion tiomána líomhnaithe.

Má chiontaítear tú as an gcion tiomána sin sa chúirt, cuirfidh an Chúirt Dúiche an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ar an eolas faoin gciontú agus faoin líon pointí pionóis a bhaineann leis an gciontú sin. Eiseoidh an tÚdarás fógra ort go bhfuil an líon cuí pointí pionóis le cur le do cheadúnas tiomána 28 lá tar éis dáta eisiúna an fhógra sin.

Déantar taifeadadh ar gach pointe pionóis a chuirtear le do cheadúnas tiomána cibé trí íoc as an bhfógra táille seasta nó trí chiontú sna cúirteanna ar chóras ríomhairí Pulse na nGardaí. Cuireann sé seo ar chumas na nGardaí rochtain a bheith acu ar gach taifead a bhaineann leis an líon pointí pionóis ar cheadúnas tiomána duine ag am ar bith. Ní bíonn do phointí pionóis taifeadta go fisiciúil ar do cheadúnas. Déantar iad a thaifeadadh ar do thaifead ceadúnas tiomána a bhíonn ar siúl ar an Comhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe i bhfeidhm ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Cé chomh fada a fhanann pointí pionóis ar do cheadúnas?

Maireann pointí pionóis ar feadh trí bliana. Ciallaíonn sé seo go bhfanfaidh siad ar do cheadúnas tiomána reatha ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta tosaigh (an dáta a thagann siad i bhfeidhm). Ní chomhairfear aon tréimhse a bhfuil do cheadúnas as dáta mar chuid den tréimhse 3 bliana. Nuair a bhailíonn tú 12 pointe agus go ndícháilítear tú ar feadh tréimhse sé mhí, baintear na pointí ar tharla an dícháiliú mar thoradh orthu ag deireadh na tréimhse 6 mhí.

Sampla

Fuair mé 2 phointe pionóis i gcomhair cion tiomána i Meitheamh 2008. Chuaigh mo cheadúnas tiomána in éag i Meán Fómhair 2010 ach rinne mé athnuachan air in Eanáir 2011. Dá mbeinn tar éis mo cheadúnas a athnuachan láithreach d’fhanfadh na pointí ar mo cheadúnas go dtí Meitheamh 2011. Ní chomhaireann na trí mhí a raibh mo cheadúnas imithe in éag i dtreo na trí bliana de na pointí pionóis, áfach. Ciallaíonn sé seo go bhfanfaidh na pointí pionóis ar mo cheadúnas go dtí Meán Fómhair 2011.

Má dhícháilítear tú ó thiomáint ar feadh tréimhse sé mhí mar thoradh ar 12 pointe nó níos mó a bheith bailithe agat, bainfear an líon pointí atá ar do cheadúnas ar an dáta a dhícháilítear tú (.i. 28 lá tar éis an dáta a eisíodh fógra scríofa ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt) de do cheadúnas ag deireadh na sé mhí. Ciallaíonn sé seo má fhaigheann tú aon phointí pionóis breise le linn na tréimhse sé mhí a bhfuil tú dícháilithe go gcuirfear na pointí seo le do cheadúnas tiomána nuair a bhaintear an dícháiliú agus nuair a thugtar do cheadúnas tiomána ar ais duit.

Má thugann An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt fógra duit go bhfuil tú dícháilithe ó thiomáint mar gheall go bhfuil 12 pointe pionóis nó níos mó bailithe agat, beidh ort do cheadúnas tiomána a shíneadh isteach ag d’Oifig Mótarchánach ar feadh na tréimhse sé mhí.

Cad a tharlaíonn má bhí duine eile ag tiomáint mo fheithicil?

I gcásanna gur ceamara a thug an cion tiomána faoi deara seoltar an fógra táille seasta chuig úinéir cláraithe na feithicle. Mura raibh an t-úinéir cláraithe ag tiomáint ag an am a rinneadh an cion, ba chóir dóibh an fhoirm atá ceangailte leis an bhfógra a chomhlánú, ag tabhairt sonraí an té a bhí ag tiomáint. Ba chóir é seo a sheoladh isteach chuig an Stáisiún Gardaí cuí leis an mbunfhógra táille seasta. (Ná cuir íocaíocht faoi iamh). Eiseoidh na Gardaí fógra táille seasta ar an tiománaí.

Cé acu cionta tiomána a mbíonn pointí pionóis mar thoradh orthu?

Déanann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002 foráil go ngearrfar pointí pionóis ar 69 cion tiomána. Faoi láthair, gearrfar pointí pionóis ar thiománaithe atá ciontach in 42 cion tiomána. Féach an liosta reatha de cion tiomána a dtéann pointí pionóis leo (pdf).

Seo a leanas roinnt samplaí den chaoi a ghearrtar pointí pionóis agus fíneálacha.

  • Cionta luais: táille seasta €80 chomh maith le 2 phointe pionóis. Má rugadh ort ar cheamara tráchta gardaí ag tiomáint ag luas iomarcach gheobhaidh tú fógra maidir le d’fhíneáil agus do phointí pionóis as an gcion sa phost. Tá 28 lá agat chun do fíneáil a íoc ón dáta a eisítear an fógra ort. Mura n-íocann tú d’fhíneáil, méadaítear an fhíneáil go €120 a íocann tú taobh istigh de 28 lá. Mura bhfuil an táille íoctha agat fós tar éis an méid seo ama (56 lá), beidh ort dul chuig do Chúirt Dúiche. Má chiontaítear sa chúirt tú as cionta a bhaineann le tiomáint ag luas iomarcach agus gan fíneálacha a íoc, gheobhaidh tú 4 phointe pionóis agus fíneáil €800 ar a mhéid.
  • Cionta maidir le crios sábhála: Gearrfar fíneáil táille seasta €60 euro ort mar phionós as ucht gan crios sábhála a bheith ort, nó cead a thabhairt do leanaí faoi 17 mbliana d’aois taisteal i d’fheithicil gan chrios sábhála. Ní mór duit an fhíneáil seo a íoc taobh istigh de 28 lá, nó fíneáil bhreise €90 a íoc taobh istigh de 56 lá den chion. Cuirfear dhá phointe pionóis le do cheadúnas má roghnaíonn tú gan dul chuig an gcúirt. Má chiontaítear sa chúirt tú as gan crios sábhála a bheith ort, cuirfear 4 phointe pionóis le do cheadúnas agus beidh tú faoi dhliteanas ag fíneáil €800 don chéad chion. Léigh tuilleadh faoi na rialacháin a bhaineann le crios sábhála a chaitheamh in Éirinn.
  • Cionta maidir le hárachas gluaisteán: Is iondúil go mbíonn pionós fíneála suas le €2,500, dícháiliú de bhliain amháin nó níos mó i gcás cion tosaigh agus dhá bhliain nó níos mó i gcomhair an dara cion, agus, de lánrogha na cúirte, téarma príosúnachta nach faide ná sé mhí. Sa chás go gcinneann an chúirt gan tiománaithe a chiontaítear den chéad uair as tiomáint gan árachas a dhícháiliú, cuirfear 5 phointe pionóis ar a dtaifead ceadúnais chomh maith le haon phionós eile a ghearrann an chúirt.
  • Tiomáint neamhaireach: Is é an sainmhíniú atá air seo ná ‘feithicil a thiomáint in áit phoiblí gan aire agus cúram ceart'. Is iad na Gardaí a fhorfheidhmíonn cionta tiomána neamhaireach agus bíonn láithreas cúirte éigeantach i gceist leis seo. Gheobhaidh tiománaí a cúisíodh agus a ciontaíodh as tiomáint neamhaireach 5 phointe pionóis ar a gceadúnas. Is féidir fíneáil suas le €1,500 nó pianbhreith príosúin suas le trí mhí a ghearradh ar thiománaithe freisin. (Ba chóir duit a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de lánrogha ag na cúirteanna an fhíneáil €1,500 agus an téarma príosúnachta 3 mhí a ghearradh le chéile).

Conas is féidir liom a fháil amach cé mhéad pointí pionóis atá agam ar mo cheadúnas tiomána?

Chun a fháil amach cé mhéad pointí pionóis atá ar do thaifead cheadúnas tiomána, déan teagmháil leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag 1890 41 61 41 agus d'uimhir cheadúnais tiomána a lua.

Tuilleadh eolais

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil:(096) 25000
Lóghlao:1890 506 080
Facs:(096) 25252
Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
R-phost: info@rsa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 July 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Coireanna Tíomána
    Tá eolas anseo maidir leis na pionóis a ghearrtar má fhaightear ciontach tú i gCoir Tiomána.
  • Cionta maidir le tiomáint ar meisce in Éirinn
    Cion an-tromchúiseach in Éirinn is ea an tiomáint ar meisce. Faigh amach faoin dlí maidir le tiomáint ar meisce, lena n-áirítear an tástáil randamach anála, cumhachtaí an Gharda Síochána agus nósanna imeachta má ghabhtar tú.
  • Criosanna sabhála a úsáid in Éirinn
    Tá dualgas dlíthiúil ann in Éirinn lena bheith srianta mar a bhítear ag gluaisteánaíocht agus feidhmíonn sé seo do thiománaithe agus do phaisineirí araon.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.