Tástáil Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála in Éirinn (CVRT)

Réamhrá

Is tátail éigeantach í an Tástáil um Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála (CBRT) do gach feithicil tráchtála in Éirinn.

Is é a phríomhchuspóir ná:

  • Sábháilteacht feithiclí a áirithiú
  • Cur le sábháilteacht ar bhóithre
  • A dhearbhú go gcomhlíonann feithiclí bunchaighdeán sábháilteachta

Tá sé scartha ó líonra na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Gluaisteán (NCT) a dhéanann tástáil ar ghluaisteáin amháin.

Ní mór gach feithicil tráchtála a thástáil nuair atá siad os cionn bliana d'aois agus gach bliain ina dhiaidh sin.

Má tá mótarcharbhán agat, teastaíonn CVRT uait fiú mura n-úsáideann tú é ar bhonn tráchtála. Ní mór duit é seo a dhéanamh 4 bliana tar éis é a chlárú den chéad uair.

Nuair a éiríonn leat do thátail, an bhfaighidh tú Deimhniú um Ródacmhainneacht (CRW).

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) freagrach as ionaid tátala feithicil tráchtála agus tástálaithe a údarú, a mhaoirsiú agus a bhainistiú.

Tá faisnéis ar an leathanach seo maidir le conas iarratas a dhéanamh ar CVRT, ullmhú don triail agus tuiscint a fháil ar do thorthaí.

Conas tástáil CVRT chur in áirithe

Is féidir leat tastáil a chur in áirithe ar línedul i dteagmháil le hionad tástála CVR go díreach chun áirithint tástála a dhéanamh.

Nóta: Ní mór aitheantas a bheith ag an té a thabharfaidh an fheithicil lena thástáil. Glactar le ceadúnas tiomána bailí, le pas nó le Cárta Seirbhísí Poiblí.

Braitheann an próiseas áirithinte ar líne ar do chineál feithicle.

Feithiclí Tráchtála Éadrom

Beidh na rudaí seo a leanas uait:

  • Uimhir Chláraithe na Feithicle
  • Seoladh ríomh-phost bailí
  • Am leis an scrúdú a dhéanamh (seiceáil do dhialann)
  • Sonraí cárta ccreidmheasa nó dochair má shocraíonn tú íoc ar líne (mar mhalairt air sin is féidir leat íoc ag an ionad tástála)

Feithiclí Troma Tráchtála

Beidh ort clárú ar líne ar dtús ag an Tairseach Oibreora CVRT. Ansin, logáil isteach ar an Tairseach Oibrithe CVRT ag baint úsáide as d'ainm úsáideora agus do phasfhocal a bheidh socraithe agat le linn clárúcháin nó na 4 dhigit dheireanacha de do VIN (uimhir chassis). Nuair a bheidh tú logáilte isteach feicfidh tú cathain a bheidh d'fheithiclí le tástáil.

Roghnaigh 'Cuir triail in áirithe' agus beidh tú in ann do thástáil a chur n áirithe i roinnt céimeanna éasca:

  • Deimhnigh sonraí d'fheicicl(i)
  • Roghnaigh ionad tástála agus sceideal do thástáil(í)
  • Déan íocaíocht (má tá an t-ionad tástála bunaithe chun é sin a dhéanamh) nó is féidir leat rogha a dhéanamh íoc ag an ionad tástála
  • Rachaidh siad i dteagmháil leat chun a dheimhniú go bhfuair siad iarratas áirithinte
  • Rachaidh d'ionad tástála i dteagmháil leat ansin chun do thástáil a dhearbhú

Formáid na tástála

Scrúdaíonn an CVRT comhpháirteanna in fheicthe agus inrochtana d'fheithiclí tráchtála, amhail:

  • Coscáin
  • Soilse agus marcanna
  • Rothaí agus boinn
  • Stiúradh agus fionraí
  • Fonnadh agus fochorp
  • Tacagraf
  • Teorantóir luas
  • Astuithe sceite
  • Córais leictreacha
  • Gloine scátháin

Tá tuilleadh faisnéise ar na míreanna tástála CVRT ar fáil sna lámhleabhair do thástálaithe.

Tá 2 chineál tástála ann, ceann amháin le haghaidh Feithiclí Tráchtála Éadrom agus ceann amháin le haghaidh Feithiclí Tráchtála Troma.

Feithiclí Tráchtála Éadrom

  • Gach feithicil earraí beag ag a bhfuil ollmheáchan feithicle (GVW) 3,500 kg nó níos lú.

Feithiclí Troma Tráchtála:

  • Gach feithicil tráchtála eile
  • Feithiclí earraí os cionn 3,500 kg GVW
  • Leantóirí earraí os cionn 3,500 kg GVW
  • Busanna le níos mó ná 8 suíochán paisinéara
  • Otharchairr

Ag ullmhú don CVRT

Le hullmhú don CVRT, cinntigh go bhfuil an fheithicil i staid réasúnta glan (go háirithe an fo-chorp) agus inrochtana le haghaidh iniúchta.

Ba cheart duit d'fheiciclí a sheiceáil:

  • Inneall le haghaidh ola agus uisce
  • Tá an t-inneall i staid oiriúnach le tástáil, mar shampla, tá an crios ama nó an slabhra uainiúcháin curtha in ionad de réir threoir do dhéantóra. Seans go n-iarrfar ort séanadh a shíniú ag an ionad tátala atá roghnaithe agat
  • Níochán gaothscáth le haghaidh uisce
  • Baintear caipíní mol rothaí (nuair nach féidir na cnónna rotha a sheiceáil ar shlí eile) agus teanntar na boinn go dtí an brú ceart
  • Tá criosanna sábhála le feiceáil agus ag obair i gceart
  • Tá na plátaí clárúcháin glan agus comhlíonann siad na rialacháin reatha
  • Léirítear an tomhsaire teochta mar is gnách roimhtheacht chuig an ionad tástála

Torthaí CVRT

Tar éis an CVRT, gheobhaidh tú ceann de na torthaí tástálaseo a leanas:

  1. Ráiteas pas
  2. Tuairisc tástála ar theip air (gá deisiúcháin agus atriail laistigh de 21 lá agus tar éis níos lú ná 4,000km a thaisteal), nó
  3. Pas le mioneasnaimh (ar feitheamh seiceáil)

Costas CVRT

Braitheann an táille CVRT ar mhéid na feithicle.

Aththástálacha

Tá aththástáil amhairc saor in aisce, ach tá táille ag baint le haththástáil a éilíonn lána tástála.

Ní mór na haththástáil go léir a dhéanamh laistigh de 21 lá féilire agus laistigh de 4,000 km den tástáil tosaigh nó ní mór duit an tástáil iomlán a dhéanamh arís.

Pas ar feitheamh athshecieáil ar easnaimh bheaga

Níl aon táille ar athsheiceáil más Pas é toradh na tástála do d'fheithicil ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh. Níl aon riail 21 lá agus 4,000 km ann freisin chun an t-athsheiceáil a chríochnú. Ní bhfaighidh tú CRW, áfach, go dtí go mbeidh sé deimhnithe ag an ionad tástála go bhfuil na mioneasnaimh socraithe.

Teastas CRW caillte

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh ceann eile má chailltear nó má ghoidtear do theastas.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir leat faisnéis a fháil faoi na dlíthe a bhaineann le tástáil CVRT. Féadfaidh tú faisnéis a fháil faoi dheimhniú ródacmhainneachta an AE a bheith aitheanta. Féach CVRT.ie nó láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) le haghaidh tuilleadh eolais.

None

Teil: (091) 872 600
Láithreán Gréasáin: https://www.cvrt.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Nollaig 2023