Oiliúint Soghluaiseachta do dhaoine ar a bhfuil lagú amhairc

Réamhrá

Má tá lagú amhairc ort, is féidir leat cabhair a fháil scileanna a fhorbairt le hé a dhéanamh níos éasca bogadh thart go sábháilte. Is féidir leat oiliúint agus comhairle a fháil ar conas slat bán a úsáid, nó foghlaim conas oibriú le madra treorach.

Cuireann Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (CNÉD) agus Madraí Treorach do na Daill in Éirinn oiliúint ar fáil. Tugtar cuntas ar an leathanach seo ar roinnt de na tacaíochtaí seo agus conas is féidir leat teacht orthu.

Oiliúint treoshuímh agus soghluaisteachta

Cuireann CNÉD seirbhís oiliúna treoshuímh agus soghluaisteachta ar fáil do dhaoine ar a bhfuil lagú amhairc. Is féidir leis an tseirbhís seo cabhrú leat foghlaim conas bogadh thart go sábháilte. Is féidir leis cabhrú leat braistint níos muiníní agus tú ag dul go dtí do shiopa áitiúil, taisteal ar iompar poiblí nó trí shráideanna plódaithe.

Forbraíonn oiliúnóirí cláir aonair shoghluaisteachta a oireann do gach duine. Is féidir leat foghlaim conas na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • D’amharc iarmharach a uasmhéadú
  • Feasacht ar do chorp, ar spásúlacht agus chomhshaoil a fheabhsú
  • Leideanna céadfacha a úsáid
  • Scileanna a fheabhsú sa bhaile, san obair, sa choláiste nó i ngnátháiteanna laethúla eile, anuas ar bhealaí éagsúla ar mhaith leat cur amach a bheith agat orthu
  • D’fheasacht ar shábháilteacht ar bhóithre agus scileanna taistil neamhspleách a fheabhsú

Is féidir leat teacht ar eolas faoi na tacaíochtaí a chuireann CNÉD ar fáil ar a láithreán gréasáin.

Slataí bána agus maidí siúil

Cuireann CNÉD oiliúint ar fáil freisin ar conas slat fada nó maide treorach a úsáid. Is féidir leat slataí fada, slataí siombaile agus maidí siúil a fháil ó CNÉD.

Má tá lagú amhairc ort, is féidir leat maide nó slat bán a úsáid. Tá saghsanna éagsúla de shlataí agus de mhaidí ann agus baintear úsáidí éagsúla astu. Tá roinnt in ainm is cabhrú le soghluaisteacht agus úsáidtear cinn eile le daoine a chur ar an eolas go bhfuil lagú amhairc ort.

  • Soláthraíonn maide bán siúil roinnt tacaíocht fhisiciúil duit agus tugann sé le fios do dhaoine eile go bhfuil lagú amhairc ort. Ní gnách gurb áis soghluaisteachta é.
  • Úsáidtear slat siombaile lena chur in iúl do dhaoine eile go bhfuil lagú amhairc ort agus go mb’fhéidir go dteastaíonn cúnamh uait. Ní áis soghluaisteachta é agus ní chuireann sé tacaíocht fhisiciúil ar fáil.
  • Áis soghluaisteachta é slat fada atá in ainm is cabhrú leat do bhealach a dhéanamh thart. Scuabann tú an slat ó thaobh go taobh ar an talamh os comhair do choirp. Cabhraíonn seo leat guaiseacha féideartha agus athruithe ar uigeacht agus ar leibhéal na talún a aimsiú. Teastóidh oiliúint uait ar conas slat fada a úsáid.
  • Áis soghluaisteachta é slat treorach. Tá sé níos giorra ná slat fada agus baintear úsáid níos teoranta as. Is féidir an slat a úsáid ar dhá bhealach, is féidir leat é a iompar go trasnánach trasna do choirp íochtaraigh ar mhaithe le cosaint a thabhairt duit, nó is féidir leat úsáid a bhaint as chun cuardach a dhéanamh do cholbhaí agus do chéimeanna. Ní thugann sé tacaíocht fhisiciúil duit. Teastóidh oiliúint uait ar conas slat treorach a úsáid.

Má tá madra treorach agat nó má rinne tú iarratas ar mhadra treorach, is féidir leat oiliúint a fháil ar conas slat fada a úsáid le Madraí Treorach do na Daill in Éirinn. Tabharfaidh siad slat fada amháin duit tar éis na hoiliúna. Cuireann Madraí Treorach do na Daill in Éirinn oiliúint ar scileanna maireachtála neamhspleáiche ar fáil freisin.

Madra treorach agus oiliúint

Is féidir le madraí treorach cabhrú le duine ar a bhfuil lagú amhairc a mbealach a dhéanamh thart go sábháilte. Cuireann Madraí Treorach do na Daill in Éirinn madraí treorach ar fáil do dhaoine ar a bhfuil lagú amhairc. Cuireann siad oiliúint ar fáil freisin chun gur féidir le daoine foghlaim conas oibriú le madra treorach.

Ní féidir madraí treorach a dhéanamh ach de phóir áirithe mhadraí in Éirinn. Is iad na príomhphóir a úsáidtear labradóir, aimseadóirí buí, crosantaigh de na póir agus crosantaigh d’Alsáisigh.

Cuireann Madraí Treorach do na Daill in Éirinn oiliúint ar mhadraí a ndéantar madraí treorach díobh. Déanann teaghlaigh coileán a altramú ar feadh dhá mhí dhéag agus tugtar ar ais ansin iad do Mhadraí Treorach do na Daill in Éirinn go gcuirfear oiliúint orthu ar feadh ocht mí. Ní féidir oiliúint a chur ar pheata nó ar choileán teaghlaigh go ndéanfar madra treorach díobh.

Oiliúint madra treorach

Caithfidh tú a bheith 16 bliana d’aois, ar a óige, le madra treorach a fháil. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhadra treorach, áfach, sula mbainfidh tú 16 amach agus fanacht ar an liosta feithimh.

Má éiríonn le d’iarratas ar mhadra treorach, cuirfear ar liosta feithimh thú. Nuair a bheidh madra ar fáil ansin a fhreastalaíonn ar do riachtanais, cuirfear oiliúint ort ar conas an madra a úsáid.

Beidh ort freastal ar chlár oiliúna cónaithe 3 seachtaine ag ionad oiliúna Mhadraí Treorach na hÉireann. Oibreoidh na teagascóirí leat agus do mhadra maidir le scileanna laethúla, idir bóithre a thrasnú agus iompar poiblí a úsáid. Cuireann siad oiliúint ar fáil freisin ar mhadraí a láimhseáil, beathú, grúmaeireacht agus cúram tréidliachta.

Ní ghearrann Madraí Treorach do na Daill in Éirinn aon táille ar chúrsaí oiliúna ná ar threalamh. Caithfidh tú €10 sa tseachtain a íoc, áfach, as bia agus lóistín ar a gcúrsaí oiliúna cónaithe.

Nuair a chríochnaíonn tú an oiliúint, is féidir leat do mhadra treorach a thabhairt abhaile agus tabharfaidh teagascóir cuairt ort le cabhrú leis ‘an bpróiseas socraithe isteach’. Gheobhaidh tú tacaíocht rialta ó do theagascóir i ndiaidh an chúrsa.

Is féidir leat eolas breise faoi oiliúint a chur ar mhadra treorach a fháil ar guidedogs.ie.

Madraí treorach agus spásanna poiblí

Faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000-2018, cuirtear cosc ar sholáthraithe seirbhíse ó idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine faoi mhíchumas. Caithfidh siad cóiríocht réasúnta a sholáthar nuair a éascaíonn siad madra treorach ina n-áitreabh.

Caithfidh óstáin, tithe aíochta agus saghsanna eile cóiríochta ligean duit do mhadra treorach a thabhairt isteach san áitreabh agus cabhrú leat cóiríocht oiriúnach a aimsiú. Cuireann guidedogs.ie eolas ar fáil ar conas cóiríocht a sholáthar do mhadra.

Caithfidh tithe tábhairne, bialanna agus amharclanna thú a éascú freisin i d’áitreabh. Ní féidir idirdhealú a dhéanamh i d’aghaidh mar gheall go bhfuil do mhadra treorach leat. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do mhadra treorach, do mhadra cúnaimh agus do mhadra compánach a thabhairt isteach in áiteanna a fhreastalaíonn ar bhia, cosúil le siopa, caifé, nó bialann ó shuíomh Gréasáin Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Tá eolas freisin ag Madraí Treorach do Dhall na hÉireann faoi chearta rochtana do mhadraí cúnaimh agus do mhadraí treorach.

Caithfidh tacsaí, fruilcharr agus feithiclí eile beaga seirbhíse poiblí do mhadra treorach a iompar. Tá eolas breise ar fáil faoi do mhadra treorach a thabhairt isteach i dtacsaí ar guidedogs.ie.

Caithfidh aerlínte ligean do do mhadra treorach thú a thionlacan i gcábán an eitleáin saor in aisce. Caithfidh tú an aerlíne a chur ar an eolas, áfach, go ndéanfaidh do mhadra treorach thú a thionlacan ar a laghad 48 uair an chloig sula dtaistealóidh tú. Caithfidh tú a thabhairt le fios dóibh freisin má theastaíonn aon chúnamh eile uait, mar shampla, nuair a bhíonn tú ag taisteal tríd an aerfort. B’fhéidir go bhfuil beartais éagsúla ag aerlínte maidir le cé mhéid madra treorach is féidir leo a iompar ar eitilt ag aon tráth amháin. Mar sin, ba cheart duit an aerlíne a chur ar an eolas nuair a bhíonn an eitilt á cur in áirithe agat go mbeidh tú ag taisteal le madra treorach. Is féidir eolas breise a fháil faoi shaoire a phleanáil le madra treorach agus cearta rochtana chun taisteal le madra treorach ar guidedogs.ie.

Liúntais do mhadra treorach

Má tá madra treorach oilte agat ó Mhadraí Treorach do na Daill in Éirinn, is féidir leat Liúntas Madra Treorach a fháil. Tugtar an liúntas seo mar chreidmheas cánach. Caithfidh tú litir a fháil ó Mhadraí Treorach do na Daill in Éirinn a dheimhníonn gurb úinéir cláraithe madra treorach thú, leis an bhfaoiseamh seo a éileamh.

Is féidir leat eolas breise a fháil faoi fhaoiseamh cánach eile do dhaoine ar a bhfuil lagú amhairc.

Conas iarratas a dhéanamh

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Cuireann CNÉD próiseas atreoraithe ar líne ar fáil. A luaithe a rinne tú atreorú, déanfaidh CNÉD teagmháil leat chun tabhairt faoi mheasúnú.

Glacann siad le hatreoruithe ó:

  • Féin-atreorú
  • Cara nó gaol
  • Gairmí (Oftailmeolaí nó Optaiméadraí)

Madraí Treorach do na Daill in Éirinn

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar oiliúint treoshuímh agus soghluaisteachta le Madraí Treorach do na Daill in Éirinn.

Má tá madra treorach ag teastáil uait, is féidir leat iarratas a dhéanamh le Madraí Treorach do na Daill in Éirinn nó trí do dhochtúir teaghlaigh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ag guidedogs.ie. Teastóidh tuairisc liachta ó do dhochtúir a dheimhníonn go bhfuil lagú amhairc ort. Má éiríonn le d’iarratas, tabharfaidh teagascóir cáilithe cuairt ort chun plé a dhéanamh ar an oiliúint.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Madraí Treorach na hÉireann do na Daill

Ceanncheathrú Náisiúnta agus Ionad Traenála
Bóthar na Modhfheirme
Corcaigh
Éire

Teil: (021) 487 8200
Lóghlao: 1850 506 300
Láithreán Gréasáin: http://www.guidedogs.ie

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Bóthar Whitworth
Drom Conrach
Baile Átha Cliath 9
Éire

Teil: (01) 830 7033
Lóghlao: 1800 911 250
Facs: (01) 830 7787
Láithreán Gréasáin: http://www.vi.ie/
R-phost: info@ncbi.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Lúnasa 2023