Gníomhaíochtaí caitheamh aimsire do dhaoine óga

Réamhrá

Is gnéithe tábhachtacha d’fholláine duine óig é súgradh agus caitheamh aimsire. Tá Beartas Náisiúnta Caitheamh Aimsire bunaithe ag an Rialtas do dhaoine óga.

Déantar cur síos ar an leathanach seo ar chuid de na tacaíochtaí atá ar fáil.

Beartas Náisiúnta Caitheamh Aimsire

Cabhraíonn Teenspace - an Beartas Náisiúnta Caitheamh Aimsire do Dhaoine Óge le haird a tharraingt ar dheiseanna caitheamh aimsire do dhaoine óga atá idir 12 agus 18 mbliana d’aois. Tá sé mar aidhm leis an mbeartas cur síos a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eagraithe agus ar ghníomhaíochtaí níos neamhfhoirmiúla (clárscátáil, rothaíocht agus úsáid an idirlín),a bhfuil spéis ag daoine óga iontu.

Caiféanna óige

Fad a bhí an beartas á dhréachtú, shainaithin daoine óga go raibh gá le deiseanna ócáideacha caitheamh aimsire, go háirithe iad siúd cosúil le hionaid ‘buail isteach’ agus caiféanna óige. In 2010, d’fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus ÓigeCaiféanna óige in Éirinn – treoir um dhea-chleachtas (pdf) agus Sraith straitéisí do chaiféanna óige – conas caifé óige a bhunú agus a reáchtáil in Éirinn (pdf).

Líonra Súgartha agus Caitheamh Aimsire an Údaráis Áitiúil

Tá an cur chuige atá sonraithe in Líonra Súgartha agus Áineasa na nÚdarás Áitiúil (LAPRN) níos comhordaithe agus bunaithe ar chur chuige idirghníomhaireachta a bhfuil sé mar aidhm leis cuspóirí na mbeartas súgartha agus caitheamh aimsire ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil a chomhlíonadh.

Tá Seachtain Náisiúnta Caitheamh Aimsire bliantúil ag an líonra. Tá maoiniú suas le €1,700 ar fáil do gach údarás áitiúil. Chomh maith leis sin, tá maoiniú ar fáil chun cabhrú le Lá Náisiúnta Súgartha a fhorbairt.

Cláir chistithe

Soláthraíonn an Roinn tacaíocht d’eagraíochtaí pobail agus deonacha a sholáthraíonn seirbhísí óige, lena n-áirítear gníomhaíochtaí caitheamh aimsire, trína gcuid deontas agus cláir chistithe.

Faoin Scéim Deontais tá suas le €20,000 á leithdháileadh ar gach údarás áitiúil. Is féidir an maoiniú seo a úsáid chun áiseanna nó trealamh nua a cheannach, chun spásanna neamhthraidisiúnta a dhearadh agus/nó a úsáid. Is féidir an maoiniú a úsáid freisin le haghaidh costais athchóirithe nó uasghrádú áiseanna súgartha agus caitheamh aimsire atá ann cheana féin.

Ealaíona óige

I gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, oibríonn Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann clár ealaíona óige chun na healaíona a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt

D’fhorbair Spórt Éireann líonra de Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt chun rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn.

Gníomhaíochtaí caitheamh aimsire

Mórsholáthróirí de ghníomhaíochtaí caitheamh aimsire iad eagraíochtaí pobail agus deonacha do dhaoine óga. Reáchtálann siad clubanna spóirt, clubanna óige agus roinnt saghsanna eile seirbhísí.

Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis ar áiseanna caitheamh aimsire agus cultúrtha ar a láithreáin ghréasáin. Tá fáil ar Shonraí teagmhála le haghaidh údaráis áitiúla ar láithreán gréasáin An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Spóirt

Soláthraíonn Spórt Éireann tacaíocht do Chomhlachtaí Náisiúnta Rialaithe na spórt éagsúla atá ar fáil in Éirinn. Tá fáil ar shonraí teagmhála do na Comhlachtaí Náisiúnta Rialaithe ar a láithreán gréasáin.

Clubanna agus caiféanna óige

Is iad Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann (NYCI) an comhlacht ionadaíoch d’eagraíochtaí náisiúnta deonacha um obair ógra. Tá faisnéis ar a gcomhaltaí agus a ngníomhaíochtaí ar fáil ar a láithreán gréasáin.

Obair dheonach

Soláthraíonn Obair Dheonach Éireann comhairle do dhaoine óga ar spéis leo obair dheonach a dhéanamh ar a láithreán gréasáin. Anuas air sin, soláthraíonn siad sonraí teagmhála don líonra Ionaid Oibre Deonaí. Soláthraíonn Ionaid Oibrithe Deonacha seirbhís socrúchán idir daoine ar mian leo obair dheonach a dhéanamh agus eagraíochtaí óna dteastaíonn oibrithe deonacha.

Gradam an Uachtaráin

Is é Gradam an Uachtaráin an Gradam Dúshláin Náisiúnta do dhaoine óga idir aois 15 agus 25 bliain. Is é cuspóir an ghradaim chun luaíocht a bhronnadh ar dhaoine óga a chuir dúshlán éilitheach amach rompu agus a bhain amach é i ngach ceann de na 4 limistéar gníomhaíochta. Tá níos mó sonraí faoin ngradam inár gcáipéis ar Ghradam an Uachtaráin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Eanáir 2023