Sochair bhreise leasa shóisialaigh

Eolas

Má tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaighíocaíocht árachais shóisialta ón Roinn Coimirce Sóisialaí, b’fhéidir, ag brath ar do chúinsí pearsanta, go mbeifeá i dteideal sochair bhreise a fháil.

Is féidir leat sochar a fháil i gcásanna áirithe fiú mura bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat. Mar shampla, tá gach duine níos sine ná 66 bliain d’aois i dteideal páirt a ghlacadh sa Scéim Saorthaistil.

Caithfidh na critéir cháilitheacha a bheith á sásamh agat chun sochar breise a fháil. Mar shampla, caithfidh go bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh áirithe á fáil agat agus caithfidh go bhfuil tú i do chónaí leat féin chun an Méadú do Mhaireachtáil Aonair a fháil.

Íoctar sochar breise leat i gcásanna áirithe go huathoibríoch. Mar shampla, má fhaigheann tú Pinsean Easláine, cuirtear saorthaisteal ar fáil go huathoibríoch duit. Caithfidh tú iarratas ar leithligh a dhéanamh ar fhormhór na sochar breise, áfach.

B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal na sochair leasa shóisialaigh seo a leanas a fháil:

Liúntas Breosla Is liúntas é seo a thugann cabhair maidir le costas breosla do dhaoine atá ag brath ar íocaíochtaí fadtréimhseacha leasa shóisialaigh.

Pacáiste Sochar Teaghlaigh Seo pacáiste sochar a thugann cúnamh airgid maidir le costas fóntais áirithe teaghlaigh. Áirítear ann Liúntas Leictreachais nó Gáis agus Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce.

Is éard atá sa Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh ná buníocaíocht, ar a dtugtar Liúntas Leasa Forlíontach, agus forlíontaí airgeadais eile do chostais áirithe a mb’fhéidir nach bhfuil d’acmhainn agat íoc astu, cásanna éigeandála san áireamh. Ina measc seo tá Fordheontas ar Cíosa, Liúntas Éadaí & Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, Fordheontas Aiste Bia agus Fordheontas Teasa.

Pas Taistil Saor in Aisce Ceadaíonn sé seo do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh seirbhísí iompair phoiblí a rochtain saor in aisce. Má tá tú i do chónaí ar oileán sonrach amach ó chósta na hÉireann, tig leat seirbhísí príobháideacha iompair áirithe a rochtain.

Liúntas é Liúntas Tacaíochta Gutháin a íoctar le daoine a bhfuil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil acu agus a bhfuil an Méadú do Mhaireachtáil Aonair agus Liúntas Breosla á bhfáil acu freisin. Tá de chuspóir aige cabhrú leo siúd atá ag maireachtáil leo féin íoc as an gcostas atá ar chumarsáid agus/nó as córais slándála foláirimh baile.

Méadú do Chónaí Aonair Is íocaíocht fhorlíontach í do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh agus atá ina gcónaí ina n-aonar.

Méadú Oileáin Is íocaíocht fhorlíontach í seo le haghaidh daoine atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh agus atá ina gcónaí ar oileáin shonracha amach ó chósta na hÉireann.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Eanáir 2022