Measúnú a dhéanamh ar mhaoin lánúine le haghaidh íocaíochtaí cúnaimh shóisialta

Réamhrá

Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó más comháitritheoir thú, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) measúnú ar mhaoin na beirte agaibh nuair a bhíonn siad ag tabhairt faoi thástáil mhaoine le haghaidh íocaíocht cúnaimh shóisialta. Is amhlaidh a bhíonn an cás fiú má bhíonn íocaíocht á héileamh ag duine díobh.

I gcás roinnt íocaíochtaí cúnaimh shóisialta, suimíonn an DSP bhur maoin uile le chéile agus déanann siad í a roinnt ina leath chun an mhaoin inmheasúnaithe a ríomh le haghaidh gach duine díobh. I gcás daoine eile, suimíonn an DSP bhur maoin le chéile agus déanann siad í a mheasúnú i leith na híocaíochta uasta teaghlaigh le haghaidh bhur gcúinsí.

Tugtar sa cháipéis seo léargas ginearálta ar conas a thugtar faoin tástáil mhaoine le haghaidh lánúineacha; ba cheart duit an cháipéis a léamh ar an íocaíocht aonair atá tú ag fáil nó a bhfuil iarratas déanta agat. Chuirfidh níos mó sonraí ar fáil ar ioncam nár cuireadh i gcuntas (nó ar tugadh neamhaird air) le haghaidh gach íocaíochta.

Chun teacht ar thuilleadh faisnéise, is féidir leat ár gcáipéis a léamh ar an tástáil mhaoine. Má tá íocaíocht árachais shóisialta á fáil agat ar nós Sochar Cuardaitheora Poist nó an Phinsin Stáit (Ranníocaíoch) agus más mian leat íocaíocht a éileamh le haghaidh do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir, ní dhéanfar measúnú ach ar a maoin amháin. Is féidir leat teacht ar thuilleadh faisnéise faoi íocaíocht a éileamh le haghaidh duine fásta cáilithe le híocaíocht árachais shóisialta inár gcáipéis, Ag éileamh do chleithiúnaí aosaigh.

Tabhair faoi deara, go ginearálta, má tá comhchuntas agat le do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir, is faoi úinéireacht na beirte agaibh an méid iomlán atá sa chuntas, de réir an dlí. Ar an ábhar sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar an méid iomlán i leith na beirte agaibh. Ar a shon sin, má tá íocaíochtaí ar a ndéantar tástáil mhaoine á bhfáil ag an mbeirt agaibh, déanfar measúnú air ar bhonn roinnte nó i leith duine amháin agaibh.

Pinsean na nDall, an Pinsean Stáit (Neamhranníocach) agus Liúntas Cúramóra

Maidir le Pinsean na nDall, an Pinsean Stáit (Neamhranníocach) agus Liúntas Cúramóra, glactar leis gurb ionann do mhaoin agus leath den mhaoin iomlán atá agat féin agus atá ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháithritheoir.

Sa tástáil mhaoine, suimítear d’fhoinsí uile ioncaim agus glactar le 50% den mhéid iomlán amhail do mhaoin. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar do mhaoin ó chaipiteal, déantar an leath de do chomhchaipiteal a dheimhniú agus déantar measúnú ar an tsuim níos lú seo trí leas a bhaint as an bhfoirmle chaighdeánach. Déantar an tsuim atá ina thoradh a iolrú faoi dhó sula suimítear í le d’fhoinsí eile ioncaim.

Caipiteal

Maoin sheachtainiúil arna measúnú

An Chéad €20,000 Nil
An Chéad €10,000 €1 in aghaidh gach €1,000
An Chéad €10,000 €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000
 
Sampla de mheasúnú ar mhaoin ó chaipiteal
Tá ag Seán €30,000 i dtaisce agus tá ag a bhean chéile, Máire €10,000 i dtaisce. Ina theannta sin, tá acu comhchuntas ina bhfuil €10,000. Chuir Máire isteach ar Liúntas Cúramóra. Is amhail a leanas a dhéantar measúnú ar a maoin ó chaipiteal:

€30,000 + €10,000 + €10,000 = €50,000

€50,000 ÷ 2 = €25,000

€25,000 arna mheasúnú trí leas a bhaint as an bhfoirmle thuas = €5

€5 x 2 = €10

Is ionann agus €10 maoin sheachtainiúil Mháire ó chaipiteal

(Ag deireadh an ríofa maoine, suimeofar foinsí uile ioncaim Mháire agus Sheáin chun maoin iomlán na lánúine a dheimhniú. Roinnfear an figiúr seo ina leath ansin féachaint an gcáilítear Máire le haghaidh Liúntas Cúramóra.

Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais nó Cúnamh Feirme

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais, Liúntas Réamhscoir nó Cúnamh Feirme á fháil agat, déantar measúnú a dhéanamh ar do mhaoin i gcoinne na híocaíochta is mó tí do chúinsí. Tá do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir agus d'aon leanaí cleithiúnacha a d'fhéadfadh a bheidh agat, san áireamh chun an t-uasmhéid íochaíochta tí a aimsiú. Fiú mura mbraitheann do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir ort agus má tá acu ioncam as a stuaim féin, aon ioncam inmheasúnaithe a d’fhéadfadh bheith acu ón ráta uasta íocaíochta do do chúinsí.

Mar shampla, má tá tú pósta agus tá beirt leanaí faoi 12 blian d'aois agat agus má chuireann tú isteach ar an LCP, is ionann an ráta uasta íocaíochta teaghlaigh a d’fhéadfá a fháil agus €450 (is éard atá sa ráta seo ráta pearsanta €220 móide ráta duine fásta cháilithe €146 agus dhá mhéadú i leith leanbh cáilithe €42 an ceann). Baintear aon ioncam inmheasúnaithe atá agat nó ag do chéile as an íocaíocht teaghlaigh seo. (Ní dhéantar measúnú ar ioncam ó roinnt foinsí agus déantar neamhaird ar ioncam ó fhostaíocht, féach ar ár gcáipéis, Obair agus Liúntas Cuardaitheora Poist chun teacht ar thuilleadh faisnéise.)

Ar a shon sin, má tá íocaíocht leasa shoisialaigh ag do chéile, páirtnéir sibhialta no do chomháitritheoir as a stuaim féin (le roinnt eisceachtaí, ar nós Sochar Linbh, Liúntas Cúram Baile, agus Liúntas Leasa Fhorlíontaigh), ní fhéadfaidh tú Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe a éileamh. Ciallaíonn seo go n-íoctar leat an íocaíocht le haghaidh duine singil móide méadú leathráta le haghaidh gach linbh cháilithe. (Gheobhaidh do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir méadú leathráta le haghaidh gach linbh cháilithe lena n-íocaíocht.) Sa chás seo, ní chuirtear ach 50% de do chomh-mhaoin san áireamh sa tástáil mhaoine.

Liúntas Cuardaitheora Poist 

Fostaíocht Phobail: Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat agus má thosaíonn do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir ar Scéim Fostaíochta Pobail sa bhliain 2023, ní féidir méadú i leith aosaigh cháilithe a éileamh ina leith. Ciallaíonn sé seo go n-íoctar tú mar dhuine singil, chomh maith le méadú a fháil ar an ráta iomlán i leith gach linbh cháilithe. Sa chás seo, cuirtear leath de d’acmhainní comhcheangailte san áireamh sa tástáil mhaoine. Má thosaigh do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir ar a Scéim Fostaíochta Pobail roimh 2023, déantar é a mheasúnú mar obair pháirtaimseartha.

Uasíocaíocht do lánúin: Mar sin féin, má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á éileamh agat agus do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialta thíosluaite, ní féidir leis an méid iomlán a íoctar libh a bheith níos mó ná an t-uasmhéid a íoctar le duine aonair (lena n-áirítear duine fásta agus leanaí cleithiúnacha) ar íocaíocht leasa shóisialaigh amháin.

  • Sochar Breoiteachta
  • Pinsean Míchumais (nuair a íoctar in éineacht le Sochar Breoiteachta nó Forlíonadh Éagumais é)
  • Sochar Díobhála
  • Pinsean Easláinte
  • Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Idirthréimhseach)
  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Cúnamh Feirme (CF).

Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise inár gcáipéis ar an tástáil mhaoine le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Iúil 2023