Má tá cónaí ort in Éirinn agus má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh, is féidir leat an modh ina ndéantar íocaíocht duit a roghnú. Tá trí mhodh íocaíochta éagsúla ann:
Má chailltear, ghoidtear nó scriostar do leabhar íocaíochta leasa shóisialaigh nó do Chárta Seirbhísí Sóisialacha féadtar é a athsholáthair. Ní foláir duit foirm iarratais a chomhlanú chomh luath agus is féidir agus í a sheoladh ar ais chuig an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéanann d'íocaíocht - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos. Athsholáthróidh an Roinn leabhar íocaíochta nó Cárta Seirbhísí Sóisialacha ansin chomh tapaidh agus is féidir.
Má athsholáthraítear leabhar íocaíochta leasa shóisialaigh duit, beidh an chéad ordú iníoctha ar an dáta socraíochta tar éis an ordú deireanach a bhris tú.
Is féidir foirm iarratais a íoslódáil i gcomhair Athsholáthair Cárta Seirbhísí Sóisialacha nó Leabhar Pinsin nó Sochair nó Liúntais. Sula seolann tú d'iarratas, ní mór go mbeadh stampa air ar dtús ó Oifig an Phoist ina bhfaigheann tú d'íocaíocht.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil chomh maith ó d'oifig poist áitiúil nó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó glaoigh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí Líne Lóghlao chun Bileog a Iarraidh: 1890 20 23 25.
Seol d'fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig an rannóg sa Roinn a dhéanann d'íocaíocht. Tá na sonraí teagmhála don rannóg ábhartha le fáil ar an leathanach cúil den fhoirm iarratais - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thuas.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.