Go hiondúil ní féidir ach íocaíocht chúnaimh shóisialta phearsanta amháin nó íocaíocht árachais shóisialta amháin a éileamh ag aon uair amháin in Éirinn. I roinnt cúinsí, áfach, féadann tú d'íocaíocht phearsanta a choinneáil agus leath d'íocaíocht leasa shóisialaigh eile a fháil.
Ó 27 Meán Fómhair 2007 má tá tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe agus ag tabhairt aire do dhaoine atá ag brath ar chúram lán aimseartha, féadann tú do phríomh íocaíocht a choinneáil agus Liúntas Cúramóra ar leathráta a fháil. Tá tuilleadh eolais faoi cáiliú le haghaidh Liúntais Cúramóra.
Má tá tú ag obair agus ag éileamh íocaíocht leasa shóisialaigh, d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, Sochar Máithreachais, nó Forlíonadh Éagumais ar leathráta nuair a stopfaidh tú de bheith ag obair. Mar shampla, má tá tú i bhfostaíocht inárachais agus tá tú ag éileamh Íocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora ach stopann tú de bheith ag obair mar thoradh ar ghalar, féadann tú d'Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a choinneáil agus d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Breoiteachta ar leathráta freisin. Gan amhras, ní mór duit na coinníollacha incháilithe le haghaidh Sochar Breoiteachta a chomhlíonadh chun a bheith ina theideal.
Má tá tú ag obair agus ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh ar ráta laghdaithe, d'fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, Sochar Máithreachais, nó Forlíonadh Éagumais ag níos mó ná leathráta a fháil nuair a stopfaidh tú de bheith ag obair.
Chun a bheith i dteideal íocaíocht bhreise (ach amháin Liúntas Cúramóra) ar leathráta a éileamh, caithfidh tú ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas a éileamh ar dtús:
Chomh maith leis sin, ní mór duit an ranníocaíocht árachais shóisialta agus na coinníollacha eile a chomhlíonadh le haghaidh ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:
Má shásaíonn tú na coinníollacha seo gheobhaidh tú leath an ráta phearsanta íocaíochta, gan aon mhéadú breise do leanaí. Ní fhéadfadh go n-íocfaí Sochar Breoiteachta agus Forlíonadh Éagumais ach amháin ar feadh suas go dtí 390 lá (15 mhí). Má tá níos lú ná 260 seachtain (5 bliain) árachais shóisialaigh (ÁSPC) íoctha agat stopfaidh do Shochar Breoiteachta tar éis 312 lá (12 mhí). Má tá 260 ranníocaíocht ar a laghad agat gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta ar feadh uastréimhse 390 lá (15 mhí).
Tá an srian seo le do theidlíocht na híocaíochtaí seo a fháil mura bhfuil tú ag obair le fáil sna Rialacháin um Shochair Fhorluiteacha Leasa Shóisialaigh IR 324/1990. Go ginearálta, cuireann na Rialacháin seo srian leis na cúinsí inar féidir le daoine níos mó ná íocaíocht leasa shóisialaigh amháin a fháil.
Íocaíocht Árachais Shóisialta |
2011 leathráta |
| Sochar Cuardaitheora Poist (uasmhéid) | €94 |
| Sochar Breoiteachta | €94 |
| Sochar Máithreachais (uasmhéid) | €131 |
| Sochar Máithreachais (íosmhéid) | €108.90 |
| Forlíonadh Éagumais | €94 |
Má tá tú ag obair agus ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh ar ráta laghdaithe, d'fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, Sochar Máithreachais, nó Forlíonadh Éagumais ag níos mó ná leathráta a fháil nuair a stopfaidh tú de bheith ag obair.
Chun leath d'íocaíocht bhreise leasa shóisialaigh a éileamh, déanann tú iarratas ar an ngnáthbhealach. Ba chóir duit an fhoirm iarratais íocaíochta cheart a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an seoladh fillte foilsithe ar chúl na foirme iarratais.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.