An Scéim um Chúramaí Baile

Cad í an Scéim um Chúramaí Baile?

Is féidir leis an Scéim um Chúramaí Baile é a dhéanamh níos éasca ar chúramaí baile cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach).

Is éard is cúramaí baile ann, ar mhaithe leis an Scéim, ná fear nó bean a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do leanbh níos óige ná 12 bhliain d’aois nó do dhuine faoi mhíchumas atá 12 bhliain d’aois nó níos sine.

Conas cáiliú don Scéim um Chúramaí Baile

Faoin Scéim um Chúramaí Baile, déantar neamhaird a thabhairt d’aon bhlianta a chaith tú mar chúramaí baile (ón 6 Aibreán 1994) nuair a bhíonn do mheán-ranníocaíochtaí bliantúla do Phinsean Stáit (Ranníocach) á ndeimhniú. Le bheith incháilithe, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Bheith i do chónaí sa Stát go buan (seachas i gcásanna ina mbaineann forálacha faoi rialacháin AE nó oibrithe sannta)
  • Bheith níos óige ná 66 bliain d’aois
  • Thosaigh tú fostaíocht inárachais nó féinfhostaíocht idir an tréimhse a shlánaigh tú 16 bliana d’aois, nó ina dhiaidh, agus sula mbainfidh tú 56 bliain d’aois amach
  • Níl tú fostaithe go lánaimseartha, ach is féidir leat oibriú agus níos lú ná ollmhéid €38 sa tseachtain a thuilleamh
  • Tá cúram lánaimseartha á thabhairt agat do leanbh faoi 12 bhliain d'aois nó do dhuine éagumasach

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir a mheas ach duine amháin a bheith ina c(h)úramaí baile ag aon tráth amháin. Má stopann tú de bheith i do chúramaí baile agus má ghlacann do chéile/pháirtnéir sibhialta le dualgais an chúramaí baile orthu féin, ba chóir duit fógra a thabhairt don Roinn láithreach chun cinntiú nach gcailltear teidlíochtaí ar bith faoin Scéim um Chúramaí Baile.

Cúram a thabhairt do dhuine 12 bhliain d’aois nó níos sine

Roimh an 26 Deireadh Fómhair 2000, ní mór go raibh cónaí ort leis an duine atá faoi do chúram. Ón 26 Deireadh Fómhair 2000, mura bhfuil cónaí ort leis an duine sin:

  • Caithfidh córas díreach cumarsáide a bheith idir d’áit chónaithe agus an duine atá faoi do chúram, mar shampla, tríd an nguthán nó córas aláraim, agus
  • Ní féidir leis an duine atá faoi do chúram cúram agus aird lánaimseartha a bheith á bhfáil acu cheana féin ó dhuine ar bith eile ina n-áit chónaithe féin

Caithfidh an duine a bhfuil an cúram á fháil aige/aici a bheith chomh míchumasach nó éagumasach go dteastaíonn uathu:

  • Maoirseacht leanúnach chun contúirt a sheachaint dó nó di féin

  • Maoirseacht leanúnach agus cúnamh rialta i gcaitheamh an lae maidir lena g(h)náthriachtanais phearsanta

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir a mheas ach duine amháin a bheith ina c(h)úramaí baile ag aon tráth amháin. Má stopann tú de bheith i do chúramaí baile agus má ghlacann do chéile/pháirtnéir sibhialta le dualgais an chúramaí baile orthu féin, ba chóir duit fógra a thabhairt don Roinn láithreach chun cinntiú nach gcailltear teidlíochtaí ar bith faoin Scéim um Chúramaí Baile.

Blianta cúraim baile

Is bliain í an bhliain chúraim baile nach mbíonn tú sa lucht saothair ar feadh na bliana cánacha iomláine (ní féidir neamhaird a thabhairt ach ar bhliain iomlán).

Is féidir neamhaird a thabhairt ar thréimhse 20 bliain, ar a mhéid, de chúram baile maidir leis an bPinsean Stáit (Ranníocach).

Is féidir creidmheasanna cúramaí baile a bhronnadh do chuid de bhliain ag tús na tréimhse cúraim baile - ón dáta a dhéantar cúramaí baile díot go dtí deireadh na bliana cánach.

Is féidir creidmheasanna cúramaí baile a bhronnadh freisin do chuid de bhliain nuair a thagann deireadh leis an tréimhse chúraim baile - ó thús na bliana cánach go dtí an dáta a stopann tú de bheith i do chúramaí baile.

Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chúramaí Baile

Clárú mar chúramaí baile

Ba cheart duit clárú roimh dheireadh na bliana ranníocaíochta i ndiaidh na bliana ina ndearnadh cúramaí baile díot den chéad uair. Is féidir iarratas a shiardhátú má bhíonn moill ar an éileamh a sheoladh ar aghaidh. Le clárú, líon foirm Chúramaí Baile (HM1) (pdf).

Ní gá duit clárú sna cásanna seo a leanas:

  • Tá Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Deontas Tacaíochta Cúramóra á fháil agat
  • Tá Sochar Linbh á fháil agat agus tá cúram lánaimseartha á sholáthar agat don leanbh/na leanaí.

Ní gá duit clárú mar gheall go gcaitear le d’éileamh ar Shochar Linbh, Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó an Deontas Tacaíochta Cúramóra mar iarratas go gclárófar thú i do chúramaí baile.

Cá ndéantar iarratas ar an Scéim um Chúramaí Baile?

Rannóg Lucht Cúramaíochta Baile

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil: (01) 471 5898 (If calling from outside Ireland please call +353 1 471 5898)
Lóghlao: 0818 690 690 (Note: the rates charged for using 0818 (Lo-call) numbers may vary)
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Feabhra 2021