Scéimeanna do thithe atá buailte ag pirít nó mica

Cad iad mica agus pirít?

Is mianraí iad míoca agus pirít agus tagtar orthu sa talamh agus i gcarraigeacha tochailte ó chairéil agus úsáidte i mbloicíní. Rinne na mianraí seo fabhtanna i mbloicíní, agus tharla scoilteanna agus fadhbanna i bhfoirgnimh agus tithe tógtha leis na mbloicíní lochtacha de réir sin.

Thángthas ar mhíoca i gcairéil in iarthuaisceart na hÉireann go príomha agus tá cúpla réadmhaoin sa cheantar seo atá buailte leis. Rinne pirít fadhbanna chomhchosúla i bhfoirgnimh in Oirthear na hÉireann.

Tá scéimeanna i bhfeidhm chun tithe atá buailte le míoca nó pirít a chóiriú nó atógáil.

Cad í an Scéim Deontas Feabhsaithe do Bhloic Choincréite Lochtacha?

Leis an Scéim Deontais Feabhsaithe maidir le Bloic Choincréite Lochtachatugtar tacaíocht airgeadais do dhaoine, ionas gur féidir leo tithe a ndearnadh damáiste dóibh toisc gur baineadh úsáid as bloic choincréite lochtacha a dheisiú. Is bloic iad bloic choincréite lochtacha a bhfuil méideanna iomarcacha míoca nó piríte iontu.

Tá an scéim feabhsaithe ar fáil sa Chlár, i nDún na nGall, i Luimneach agus i Maigh Eo.

Cuireadh tús léi an 22 Meitheamh 2023 agus tháinig sí in ionad na scéime bunaidh.

Soláthraítear leis An Acht um Leasúchán ar Theaghaisí a nDearnadh Damáiste Dóibh mar gheall ar Úsáid Bloc Coincréite Lochtach 2022 agus na rialacháin ghaolmhara an bonn reachtúil don scéim fheabhsaithe nua.

An scéim bhunaidh

Leis an scéim bhunaidh cuireadh deontas ar fáil do 90% den obair dheisiúcháin suas le €247,500 ar a mhéad, sa chás go raibh ort do theach a ath-thógáil go hiomlán as an nua agus ní raibh an deontas ar fáil ach i nDún na nGall agus i Maigh Eo. Má rinne tú iarratas faoin tseanscéim, aistreofar chuig an scéim nua thú.

Cé mhéad a gheobhaidh mé?

Clúdaíonn Scéim Deontais Feabhsaithe do Bhloic Choincréite Lochtacha 100% den obair leasúcháin suas go huasmhéid de €420,000.

Braitheann an deontas a gheobhaidh tú ar an damáiste do do theach agus ar a mhéid.

Tá 5 rogha leasúcháin sa deontas (bealaí chun an fhadhb a réiteach).

Tá réimse leathan de roghanna ó scartáil iomlán agus atógáil na réadmhaoine go scartáil agus atógáil na nduillí seachtracha de na ballaí difear sa réadmhaoin.

Braitheann an rogha a cháilíonn tú dó ar an leibhéal damáiste do do réadmhaoin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta do réadmhaoin a mheas agus a thástáil chun fáil amach cén rogha atá is oiriúnaí.

Mínítear sna rialacháin (pdf) conas a ríomhtar méideanna an deontais do gach rogha leasúcháin.

Cad atá clúdaithe ag an Scéim Deontais Feabhsaithe do Bhloic Choincréite Lochtacha?

Clúdaíonn Scéim Deontais Feabhsaithe do Bhloic Choincréite Lochtacha na nithe seo a leanas:

  • Táillí proifisiúnta
  • Tuarascáil measúnaithe ar riocht an fhoirgnimh
  • Oibreacha leasúcháin ceadaithe
  • Costais chóiríochta mhalartacha
  • Costais a bhaineann le aistriú agus stóráil
  • Obair dheisiúcháin riachtanach láithreach
  • An costas a bhaineann le seirbhísí agus fóntais amhail leictreachas agus idirlíon a dhícheangail agus a athcheangal
  • Cáin Bhreisluacha (CBL)

Tá na nithe seo a leanas sa scéim fheabhsaithe freisin:

  • Ráthaíocht gur féidir leat deontas eile a fháil, mura bhfuil atógáil iomlán déanta agat agus go dteastaíonn atógáil iomlán uait sna 40 bliain atá romhainn
  • Bealach eile chun na roghanna deontais a ríomh
  • Próiseas athbhreithnithe maidir le hiarratas a dhéanamh, a chiallaíonn nach bhfuil aon bhac airgeadais ann agus rochtain á fháil ar an scéim
  • Próiseas neamhspleách achomhairc

An gcáilím don scéim?

Chun cáiliú don Scéim Deontais Feabhsaithe do Bhloic Choincréite Lochtacha, ní mór do na rudaí seo a bheith bainteach le do réadmhaoin:

  • Tá do réadmhaoin damáistithe mar gur úsáideadh bloic choincréite lochtacha chun í a thógáil. Is bloic iad bloic choincréite lochtacha a bhfuil méideanna iomarcacha míoca nó piríte iontu.
  • Tá do réadmhaoin sa Chlár, Dún na nGall, Luimneach nó Maigh Eo
  • Tá do réadmhaoin do phríomháit chónaithe, nó ina réadmhaoin ligthe ar cíos a cláraíodh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe roimh 2 Samhain 2021
  • Bhí do réadmhaoin tógtha roimh 31 Eanáir 2020
  • Níl do réadmhaoin ina struchtúr neamhúdaraithe

Tá seans ann go leathnófar an scéim go contaetha eile amach anseo.

Ní féidir leat an deontas a fháil ach le haghaidh réadmhaoine cíosa amháin.

Conas a dhéanaim iarratas ar an scéim fheabhsaithe?

  1. Faigh tuairisc ag dearbhú an damáiste

Má cheapann tú go ndearnadh damáiste do do réadmhaoin toisc gur úsáideadh bloic choincréite lochtacha chun í a thógáil, ba cheart duit gairmí foirgníochta inniúil a fháil chun an damáiste a mheasúnú.

Is éard is gairmí foirgníochta inniúil ann ná suirbhéir tógála, innealtóirailtire atá liostaithe ar an gclár reachtúil dá chomhlacht gairmiúil agus a bhfuil aon oiliúint riachtanach déanta aige nó aici.

Déanfaidh siad measúnú ar do réadmhaoin agus comhlánóidh siad tuairisc measúnaithe ar riocht an fhoirgnimh. Tá teimpléad den tuairisc measúnaithe ar riocht an fhoirgnimh ar fáil i Sceideal 1 de na rialacháin (pdf).

Molfaidh an tuarascáil duit iarratas a dhéanamh chuig d’údarás áitiúil ar an scéim má tá an damáiste deánta do do réadmhaoin:

  • Comhsheasmhach le damáiste de bharr bloic choincréite lochtacha
  • Comhlíonann sé an tairseach damáiste don scéim (pdf)

Cosnaíonn tuarascáil measúnaithe ar riocht an fhoirgnimh thart ar €500 go €750. Íocann tú as an tuarascáil. Ach, má éiríonn le d’iarratas, íocfaidh an deontas an costas seo.

  1. Déan iarratas chuig d’údarás áitiúil

Má mholann do ghairmí foirgníochta é, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar an scéim. Beidh ort do thuarascáil measúnaithe ar riocht an fhoirgnimh a sheoladh chuig d’údarás áitiúil nuair a dhéanann tú iarratas. Beidh faisnéis ag d’údarás áitiúil faoi conas iarratas a dhéanamh ar a shuíomh Gréasáin. Féadfaidh siad foirm iarratais nó tairseach ar líne a úsáid.

Conas a chinntear iarratais?

Seolfaidh an t-údarás áitiúil d’iarratas agus do tuarascáil chuig an nGníomhaireacht Tithíochta. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta athbhreithniú ar na doiciméid agus seiceálfaidh sí go gcomhlíonann do réadmhaoin an tairseach damáiste don scéim. Má shásaíonn do réadmhaoin an tairseach damáiste, inseoidh an Ghníomhaireacht Tithíochta do d’údarás áitiúil agus cuirfidh siad é sin in iúl duit.

Ansin, gheobhaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta innealtóir inniúil chun do réadmhaoin a mheasúnú agus a thástáil. Bainfidh an Ghníomhaireacht Tithíochta úsáid as an faisnéis seo chun cinneadh a dhéanamh ar an rogha leasúcháin a bhaineann le do réadmhaoin agus méid an deontais a gheobhaidh tú. Rachaidh an t-údarás áitiúil i dteagmháil leat chun an faisnéis seo a thabhairt duit.

Cad a tharlóidh má chuir mé iarratas isteach ar an scéim bhunaidh?

Má rinne tú iarratas faoin scéim bhunaidh, aistreofar d’iarratas chuig an scéim nua. Bainfidh tú leas as na méideanna méadaithe deontais atá ar fáil faoin scéim nua. B’fhéidir go mbeidh ort faisnéis bhreise a sholáthar don údarás áitiúil. Tá cuid sna Ceisteanna Coitianta ar an scéim nua maidir le socruithe idirthréimhseacha a chuireann síos go hiomlán ar conas a oibríonn sé seo.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh faisnéise faoin scéim?

Tá faisnéis faoin scéim foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar gov.ie lena n-áirítear Ceisteanna Coitianta mionsonraithe.

Beidh faisnéis ag na húdaráis áitiúla a bheidh ag riar na scéime ar a suíomhanna Gréasáin freisin faoi conas a oibríonn an scéim fheabhsaithe agus is féidir leo comhairle a chur ort faoin bpróiseas.

Cad é an Tobhach ar Tháirgí Coincréite Lochtacha?

Tobhach 5% ar bhloic choincréite, coincréit doirtidh agus táirgí coincréite eile is ea an Tobhach ar Tháirgí Coincréite Lochtacha. Tugadh isteach é chun cabhrú le híoc as an Scéim Deontais Feabhsaithe do Bhloic Choincréite Lochtacha.

Tá feidhm ag an tobhach ón 1 Meán Fómhair 2023. Íocann an duine nó an chuideachta a sholáthraíonn nó a dhíolann an táirge coincréite ar dtús é. Ní bheidh feidhm ag an tobhach má dhíoltar an táirge coincréite chéanna arís. Má tá tú faoi dhliteanas don tobhach, ní mór duit:

  • Cláraigh leis na Coimisinéirí Ioncaim mar dhuine inmhuirir
  • Coinnigh taifid ar na chéad soláthairtí ar fad de tháirgí coincréite
  • Cuir isteach tuairisceán agus íoc as aon tobhach do gach tréimhse chuntasaíochta

Má tá ceisteanna agat faoin tobhach, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim trí úsáid a bhaint as MyEnquiries ar ROSMyAccount. Tá tuilleadh faisnéise ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin tobhach, lena n-áirítear samplaí de nuair a bhíonn feidhm aige agus conas é a íoc.

Aisíocaíocht ar thobhach ar choincréit doirtidh a úsáidtear chun táirgí coincréit réamhtheilgthe a dhéanamh

Ón 1 Eanáir 2024, níl feidhm ag an tobhach maidir leis an gcoincréit doirtidh a úsáidtear chun táirgí coincréit réamhtheilgthe a dhéanamh. Tá scéim aisíocaíochta ar fáil do dhaoine a d’íoc an tobhach chuige seo idir 1 Meán Fómhair 2023 agus 31 Nollaig 2023.

Chun iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht, comhlánaigh Foirm Éilimh Aisíocaíochta DCPL (pdf) agus cuir isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim í. Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht faoin 30 Aibreán 2024. Tá tuilleadh faisnéise (pdf) ar fáil i dTreoir na gCoimisinéirí Ioncaim ar an Tobhach Táirgí Coincréite Lochtacha maidir le conas an aisíocaíocht a éileamh.

Cad é an Scéim Fheabhsúcháin Piríte

Réitíonn an tScéim Fheabhsúcháin Piríte réadmhaoine atá buailte go mór le pirít. Bainistíonn an Bord Réitigh Piríte an tScéim agus bainistíonn siad an próiseas iarratais agus achomhairc.

Dá mbeadh do theach buailte le pirít, clúdóidh an tscéim seo 100% de na costais i gceist le hatógáil an tí.

D’fhógair an Ghníomhaireacht Tithíochta eolas mionsonraithe agus CCanna faoin tscéim agus d’fhéadfadh eolas faoi réadmhaoine a cháilíonn don tscéim agus conas iarratas a dhéanamh a fháil ann.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Nollaig 2023