Do chearta agus tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste

Cad iad na cearta atá agam agus mé ag taisteal ar bhus nó ar chóiste?

Bíonn cearta paisinéirí ag daoine nuair a thaistealaíonn siad ar fhormhór na mbusanna nó na gcóistí san AE.

Cumhdaíonn siad seo moilleanna, cealuithe, bagáiste caillte agus gortú do phaisinéirí.

Ní mór d’oibritheoirí taistil:

  • Eolas a thabhairt duit faoi do chearta agus faoin gcúnamh a bhfuil tú i dteideal a fháil
  • Caitheamh leat féin agus le paisinéirí eile go cothrom agus go comhionann
  • Saincheisteanna a bhaineann le moilleanna nó cealuithe a réiteach

Áirítear ar oibritheoirí taistil cuideachtaí iompair (a ritheann busanna) agus cuideachtaí a oibríonn críochfoirt amhail busárais.

Seirbhísí taistil a chumhdaítear

Bíonn cearta paisinéirí ag daoine nuair a thaistealaíonn siad ar bhus nó ar chóiste san AE. Baineann na rialacha AE seo le:

  • Turais a thosaíonn agus a chríochnaíonn laistigh den AE
  • Seirbhísí rialta a ritheann feadh bealaí sonraithe le pointí stad sceidealaithe

Rialacha do chuideachtaí bus

Ní mór do chuideachtaí bus a ritheann seirbhísí rialta bus d’achar ar bith na nithe seo a leanas a chinntiú:

Ticéid a dhíol gan idirdhealú ar bith

Ní féidir le hoibritheoirí idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar do náisiúntacht nó ar an áit ina gcónaíonn tú. Mar shampla, níor cheart dóibh praghsanna éagsúla a shocrú do dhaoine ó náisiúntachtaí éagsúla.

Eolas a chur ar fáil

Le linn an turais, ní mór d’oibritheoirí eolas a chur ar fáil faoi do chearta, mar aon le sonraí teagmhála Údarás Náisiúnta Iompair na hÉireann. Má bhíonn na hoibritheoirí ag taisteal i dtír eile san AE, ní mór dóibh sonraí a sholáthar do chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe eile.

A bheith in ann glacadh le gearáin

Ní mór dóibh córas gearán a chur ar fáil ionas gur féidir le paisinéirí a gcearta a éileamh.

Nuair a bhíonn paisinéirí ag taisteal ar ghnáthsheirbhís bus lena bhfuil achar sceidealaithe níos mó ná 250km i gceist, ní mór go dtabharfaidh an t-oibritheoir ticéad (cóip pháipéir nó ríomhthicéad) nó doiciméad eile dóibh a thugann ceart taistil dóibh.

Cealuithe, moilleanna agus cúiteamh

Nuair a bhíonn paisinéir ag taisteal ar ghnáthsheirbhís bus lena bhfuil achar sceidealaithe níos mó ná 250km i gceist, tá cearta breise agat má chuirtear moill ar d’imeacht nó má chuirtear ar ceal é.

Tá tú i dteideal:

  • Eolas
  • Atreorú nó aisíoc
  • Cúram agus cúnamh
  • Cúiteamh agus cabhair má tharlaíonn timpiste

Eolas

Caithfidh an comhlacht bus an scéal a chur in iúl duit laistigh de 30 nóiméad ón am a raibh an bus le fágáil. Ba chóir dóibh na nithe seo a leanas a chur in iúl duit freisin:

  • An t-am is dócha a fhágfaidh an bus
  • Bealaí eile chun do cheann scríbe a bhaint amach má chailleann tú nasc

Atreorú nó aisíoc

Sa chás go bhfuil ró-áirithint, cealú nó moill níos mó ná 2 uair an chloig ar an tseirbhís, tá an ceart agat na nithe seo a leanas a roghnú:

  • Atreorú chuig do cheann scríbe
  • Aisíocaíocht iomlán a fháil

Más rud é nár tairgeadh an rogha seo duit, tá sé de cheart agat aisíocaíocht a fháil chomh maith le cúiteamh breise 50% de phraghas an ticéid.

Cúram agus cúnamh

Má bhí do sheirbhís le bheith níos mó ná 3 huaire an chloig agus má chuirtear moill níos mó ná 90 nóiméad uirthi, tá teidlíochtaí breise agat.

Caithfidh an comhlacht bus na nithe seo a leanas a thairiscint duit:

  • Sneaiceanna, béilí agus sólaistí saor in aisce i gcomhréir le fad na moille
  • Lóistín má tá ort fanacht thar oíche ar feadh suas le 2 oíche (go dtí an luach uasta €80 in aghaidh na hoíche) agus iompar chuig an lóistín, agus uaidh

Cúiteamh agus cabhair má tharlaíonn timpiste

Tá tú i dteideal cúitimh as bás nó díobháil phearsanta agus as bagáiste a chailltear nó a ndearnadh damáiste dó mar thoradh ar thimpiste. Tá sé de cheart agat freisin cúnamh réasúnta a fháil díreach i ndiaidh timpiste. D’fhéadfadh lóistín, bia, éadaí, iompar agus garchabhair a bheith i gceist leis seo.

Tacaíocht do phaisinéirí faoi mhíchumas agus faoi mhíchumas beagluaineachta

Má tá tú faoi mhíchumas agus faoi mhíchumas beagluaineachta, tá cearta ar leith agat agus tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste.

Tá an ceart agat:

  • Go gcaitear go cothrom agus go comhionann leat
  • Eolas a fháil faoi do chearta agus faoi inrochtaineacht na seirbhíse
  • Cabhair a fháil, má tá sí uait

Tá na cearta breise seo a leanas agat freisin:

Do cheart rochtana, agus ticéad a fháil

Tá sé de cheart agat ticéad a fháil, suíochán a chur in áirithe agus seirbhísí iompair a úsáid ar an mbealach céanna le paisinéirí eile. Níor cheart go ndéanfaí idirdhealú i do leith nó go ngearrfaí táille bhreise ort.

Ní féidir taisteal a dhiúltú duit ach amháin mura féidir an tseirbhís a sholáthar go sábháilte. Mar shampla, mar gheall ar leagan amach an bhus nó an chóiste, na pointí bordála, nó an cineál suíocháin nó racaí bagáiste.

I bhformhór na gcásanna, má dhiúltaíonn an comhlacht bus ticéad nó áirithint duit, nó má éilíonn siad go dtabharfaidh tú cúntóir leat, caithfidh siad an chúis a bhaineann leis sin a insint duit láithreach. Má lorgaíonn tú deimhniú i scríbhinn, ní mór dóibh é a sheoladh chugat laistigh de 5 lá oibre.

Do cheart chun cúnaimh

Is éard atá i gceist le cúnamh ná cúnamh breise toisc go bhfuil tú faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas beagluaineachta. Caithfidh tú a rá leis an gcomhlacht bus sula dtaistealaíonn tú cén cúnamh a bheidh de dhíth ort. Ba cheart don chomhlacht bus an cúnamh a thabhairt saor in aisce ansin.

Má bhíonn cabhair uait ag críochfort bus agus ar bord an chóiste, ní mór duit fógra 36 uair an chloig ar a laghad a thabhairt sula mbeidh sé beartaithe agat taisteal.

Má theastaíonn duine uait le teacht leat chun cabhrú leat, ní mór cead a bheith acu taisteal saor in aisce. Ní mór duit an comhlacht bus a chur ar an eolas, sula dtaistealaíonn tú, faoi do riachtanais shonracha.

Is féidir aisíocaíocht nó atreorú a fháil má tá ticéad nó áirithint agat agus:

  • D'inis tú don chomhlacht bus faoi do shainriachtanais
  • Níl cead agat taisteal mar gheall ar do mhíchumas nó do mhíchumas beagluaineachta

Tá do threalamh soghluaisteachta caillte nó damáiste

Má chailltear nó má dhéantar damáiste do do threalamh leighis nó trealamh soghluaisteachta (agus tá an locht ar an gcomhlacht bus), tá tú i dteideal cúitimh. Ba cheart don chomhlacht bus a ndícheall a dhéanamh chun trealamh oiriúnach a sholáthar duit ar bhonn sealadach.

Tá tuilleadh eolais ag Your Europe faoi chearta taistealaithe atá faoi mhíchumas beagluaineachta.

Gearán a dhéanamh

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar dhéileáil comhlacht bus le saincheist, ba cheart duit gearán a dhéanamh leo go díreach.

Déan teagmháil leis an gcomhlacht bus le fáil amach go beacht conas gearán a dhéanamh leo.

Lean a gcuid treoracha chun gearán a dhéanamh. Ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 mhí de dháta na heachtra. Ní mór freagra a fháil laistigh de mhí amháin, ag cur in iúl duit cé acu ar glacadh nó ar diúltaíodh don ghearán nó an bhfuil sé fós á mheas.

Ag dul níos faide le do ghearán

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, féadfaidh tú do ghearán a chur faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Iompair.

Mura féidir leat do ghearán a réiteach nó má dhiúltaíonn an chuideachta bus cúiteamh a íoc, féadfaidh tú breithniú a dhéanamh ar caingean chúirte a thionscnamh. Más ionann d'éileamh ar chúiteamh agus €2,000 nó níos lú, bain leas as an nós imeachta um éilimh bheaga.

I gcás díospóidí trasteorann laistigh den AE ar €5,000 nó níos lú, is féidir úsáid a bhaint as an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

Tuilleadh eolais

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na nithe seo a leanas:

An dlí a chumhdaíonn cearta paisinéirí bus nó cóiste leagtha amach i Rialachán (CE) 181/2011, a tugadh isteach i reachtaíocht na hÉireann ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cearta agus Oibleagáidí Paisinéirí Iarnróid) 2013 (Uimh. 152/2019).

an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as reachtaíocht paisinéirí bus a chur chun feidhme in Éirinn. Is é an Comhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe in Éirinn é.

Tá tuilleadh eolais ag an Údarás Náisiúnta Iompair faoi do chuid cearta mar phaisinéir bus agus cóiste.

Tá tuilleadh eolais ag Your Europe faoi cearta paisinéirí san AE.

Údarás Náisúnta Iompair

Rannán na Seirbhísí Iompar Poiblí (Cearta Paisinéirí Iarnróid)

Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 879 8300

Iarnród Éireann

Príomhoifig
Stáisiún Uí Chonghaile
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 8366 222
Lóghlao: 0818 366222
Láithreán Gréasáin: http://www.irishrail.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.irishrail.ie/contact-us

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Lúnasa 2023