Nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga

Cad é an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga?

Is seirbhís é an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga a sholáthraíonn bealach neamhchostasach do dhaoine éileamh trasteorann a leanúint gan leas a bhaint as aturnae.

Is rogha eile é ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann faoi dhlíthe náisiúnta bhallstáit an AE. Tá sé ar fáil i ngach ballstát den AE seachas an Danmhairg.

In Éirinn, is iad oifigí na Cúirte Dúiche a dhéanann an tseirbhís seo a éascú. Chun an tseirbhís a úsáid, caithfidh an t-éileamh a bheith níos lú ná €5,000.

Bunaíodh an nós imeachta faoi Rialachán AE Uimh. 861/2007 agus cuireadh i bhfeidhm in Éirinn é le IR 533 de 2008.

Cé hiad na páirtithe a bhíonn páirteach in éileamh?

Tugtar an t-éilitheoir ar an duine a dhéanann an t-éileamh. Tugtar an cosantóir ar an duine a bhfuil éileamh á dhéanamh agat ina c(h)oinne.

Caithfidh go bhfuil sainchónaí nó cónaí ar an éilitheoir nó ar an gcosantóir i dtír eile den AE seachas Éire.

Má tá ceachtar páirtí ina sainchónaí nó ina gcónaí in Éirinn, ba cheart an nós imeachta um éilimh bheaga a úsáid.

Conas is féidir liom éileamh a dhéanamh má táim in Éirinn?

Chun éileamh a dhéanamh, ní mór foirm iarratais ar an nós imeachta Eorpach um éilimh bheagaa chomhlánú agus a sheoladh chuig d’oifig áitiúil de chuid na Cúirte Dúiche. Ní mór an t-éileamh agus doiciméid tacaíochta ar bith a ghabhann leis a chur isteach i mBéarla nó i nGaeilge, i.e. teangacha oifigiúla na hÉireann.

Féadfaidh tú foirm iarratais a fháil ó Chláraitheoir na nÉileamh Beag i d’oifig áitiúil de chuid na Cúirte Dúiche, áit ar féidir leis an bhfoireann cabhrú leat í a chomhlánú.

Is féidir foirm a íoslódáil ón Tairseach Eorpach don r-Cheartas freisin. Is é ainm na foirme iarratais ná Foirm A – Foirm Éilimh.

An féidir liom éileamh a dhéanamh ar líne?

Ní féidir éileamh a chur isteach ar líne faoin nós imeachta seo.

Is féidir foirm iarratais a chomhlánú ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, áfach, trí leas a bhaint as an áis ar líne, ach ní chuireann sé seo an t-iarratas isteach duit. Cruthaíonn sé comhad PDF a chaithfidh tú a íoslódáil agus a sheoladh chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga i d’oifig áitiúil de chuid na Cúirte Dúiche chun tús a chur leis an nós imeachta.

An fhoirm iarratais a chomhlánú

Tá sé tábhachtach agus an fhoirm iarratais á comhlánú an t-eolas riachtanach ar fad a chur ar fáil. Cabhróidh sé seo leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga d’éileamh a phróiseáil. Má tá tuilleadh eolais ag teastáil, is féidir go n-iarrfar ort é seo a chur isteach.

Tá 12 mhír ar an bhfoirm iarratais, agus tá treoracha ar fáil ar an bhfoirm a mhíníonn cén t-eolas atá ag teastáil i ngach mír.

Mír maidir leis an Éilitheoir agus an Cosantóir

Ba cheart d’ainm, do sheoladh agus do shonraí teagmhála a chur ar fáil sa mhír maidir leis an Éilitheoir más tusa an duine atá ag déanamh an éilimh. Ba cheart gurb é/í an duine atá ag déanamh an éilimh an duine a bhfuil an cheist shibhialta nó thráchtála aige/aici (féach ‘Cineálacha éileamh a ndéileáiltear leo faoin nós imeachta’ thíos).

Sa mhír maidir leis an gcosantóir, ba cheart ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine/na cuideachta a bhfuil tú ag déanamh an éilimh ina leith a chur ar fáil. Ní mór seoladh fisiciúil iomlán an chosantóra a chur ar fáil, fiú má bhaineann an fhadhb lena ngnó ar líne.

Mír maidir le Dlínse

Sa mhír maidir le Dlínse, ní mór na forais dlí atá ag an gCúirt Dúiche déileáil leis an éileamh seo, dar leat, a chur in iúl. Tá na forais fhéideartha leagtha amach agus ní mór duit an rogha is ábhartha a roghnú.

Mar shampla, is féidir leat ‘sainchónaí an tomhaltóra’ a roghnú toisc go bhfuil an Chúirt Dúiche in Éirinn agus tá buanchónaí ortsa in Éirinn.

Míreanna maidir leis an Éileamh agus Sonraí an éilimh

Sa mhír maidir leis an Éileamh, ní mór duit a chur in iúl más airgead atá á éileamh agat nó má tá éileamh de chineál eile á dhéanamh agat, agus ní mór duit an méid atá á éileamh agat agus an t-airgeadra a chur in iúl freisin.

Sa mhír maidir le Sonraí an éilimh, ba chóir sonraí d’éilimh a leagan amach go soiléir agus aon doiciméid tacaíochta atá agat a chur san áireamh.

I measc na sonraí seo, luaigh:

  • Cad a tharla, cathain a tharla sé agus cén áit ar tharla sé
  • Cad a tharla agus conas a dhéileáil tú leis
  • Eolas maidir le do dhoiciméid tacaíochta agus conas a thacaíonn sé le d’éileamh

Sonraí eile a chaithfidh tú a sholáthar

Sna codanna eile den fhoirm, beidh ort na sonraí seo a leanas a dheimhniú:

  • Sonraí oifig na Cúirte Dúiche chuig a seolfar an t-éileamh
  • An bealach a íocfaidh tú an táille iarratais
  • An cuntas bainc chuig a seolfar dámhachtain ar bith a fhaightear
  • Cineál trasteorann an éilimh
  • Do roghanna maidir le freastal ar éisteacht ó bhéal
  • Cibé an dteastaíonn uait deimhniú a fháil a cheadódh aon bhreithiúnas cúirte a dhéantar a fhorghníomhú i dtír eile den AE (féach ‘Do bhreithiúnas a fhorghníomhú’ thíos)

Cá háit le héileamh a dhéanamh

Cuirtear an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga ar fáil trí do Chúirt Dúiche áitiúil. Tá liosta de cheantair na Cúirte Dúiche ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

uirlis chuardaigh ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas chun sonraí a fháil faoi chúirteanna a chabhraíonn leis an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga.

Cineálacha éileamh a ndéileáiltear leo faoin nós imeachta

Baineann an nós imeachta le cásanna trasteorann, agus mar sin, ní mór duit féin agus don pháirtí a bhfuil díospóid agat leis a bheith i do chónaí i dtíortha ar leith de chuid an AE . Is féidir éileamh a dhéanamh i gcoinne eagraíochta, gnólachta eile, nó custaiméara.

Is féidir leas a bhaint as an nós imeachta i bhformhór na gcineálacha éileamh sibhialta nó tráchtála, amhail éilimh ar:

  • Airgead a íoc
  • Damáistí a eascraíonn as timpiste
  • Earraí nó maoin inaistrithe eile a sheachadadh
  • Conradh a chomhlíonadh
  • Gníomh mídhleathach a chosc

Cad iad na rudaí nach bhfuil clúdaithe ag an nós imeachta?

Ní bhaineann an nós imeachta le:

  • Cúrsaí ioncaim, cúrsaí custaim nó cúrsaí riaracháin
  • Slándáil shóisialach
  • Dliteanas an Stáit
  • Stádas nó inniúlacht dhlíthiúil duine aonair
  • Sáruithe ar phríobháideachas nó ar chearta pearsantachta, lena n-áirítear clúmhilleadh
  • Dlí fostaíochta
  • Féimheacht, comhaontuithe socraíochta fiachais (ar a dtugtar comhshuíomhanna), agus imeachtaí comhchosúla
  • Eadráin
  • Tionóntachtaí réadmhaoine
  • Cearta réadmhaoine a eascraíonn as pósadh, oibleagáidí cothabhála, nó uachtanna agus comharbas

Ní chumhdaíonn an nós imeachta seo an Danmhairg, mar sin bheadh ort nós imeachta náisiúnta na Danmhairge a úsáid má tá éileamh á dhéanamh agat i gcoinne duine a chónaíonn sa Danmhairg.

Conas a oibríonn an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga?

Cuireann an t-éilitheoir an fhoirm iarratais isteach chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga ag oifig áitiúil na Cúirte Dúiche (féach ‘Conas éileamh a dhéanamh’ thíos).

Déanann an Cláraitheoir athbhreithniú ar an bhfoirm iarratais. Má tá tuilleadh eolais ag teastáil, is féidir go n-iarrfar ort foirm ar leith a chomhlánú leis an eolas breise seo agus í a sholáthar laistigh de chreat ama áirithe.

Nuair atá an Cláraitheoir sásta go bhfuil an fhaisnéis ar fad bailithe agus gur féidir dul ar aghaidh leis an éileamh, ullmhóidh sé/sí foirm fhreagartha agus seolfar í chuig an gcosantóir laistigh de 14 lá ó dháta an éilimh.

Má dhiúltaíonn tusa nó an cosantóir glacadh le doiciméid toisc nach bhfuil sé i dteanga a thuigeann tú féin nó an cosantóir, iarrfaidh an chúirt ar an bpáirtí eile aistriúchán a chur ar fáil.

Cad a tharlaíonn tar éis dom m'éileamh a chur isteach?

Ag an gcéim seo, is féidir leis an gcosantóir ceann amháin díobh seo a leanas a dhéanamh:

  • Is féidir leo glacadh leis an éileamh
  • Féadfaidh siad cur i gcoinne an éilimh
  • Féadfaidh siad agóid a dhéanamh i gcoinne dhlínse na cúirte
  • Is féidir leo frithéileamh a dhéanamh
  • Féadfaidh siad neamhaird a dhéanamh den éileamh

Tá 30 lá ag an gcosantóir le freagra a thabhairt, cé gur féidir an tréimhse seo a shíneadh i gcúinsí eisceachtúla. Nuair a fhaightear freagra an chosantóra, roinnfear leatsa é laistigh de 14 lá.

Glacann an cosantóir leis an éileamh

Glacann an cosantóir leis an éileamh agus aontaíonn sé/sí an méid atá á éileamh a íoc leat trí cheann de na modhanna seo a leanas:

  • Íocaíocht láithreach chuig an gcuntas bainc atá léirithe ar d’fhoirm éilimh tosaigh
  • Cnapshuim iarchurtha a thabhairt duit, iníoctha ar dháta sonraithe
  • Íocaíochtaí tráthchoda ag amanna atá le comhaontú leat

Luafaidh an Cláraitheoir príomhrogha an chosantóra agus lorgóidh sé/sí do thoiliú chun an cheist a réiteach ar an mbealach seo.

Féadfaidh an cosantóir glacadh leis an éileamh ach agóid a dhéanamh i gcoinne an mhéid atá á éileamh. Cuirfidh an Cláraitheoir é seo in iúl duit agus déanfaidh sé/sí iarracht teacht ar réiteach idir tú féin agus an cosantóir. Má theipeann air seo, cuirfear an t-éileamh ar aghaidh chuig an gCúirt Dúiche le haghaidh breithiúnais.

Féadfaidh an cosantóir cur i gcoinne an éilimh

Cuireann an cosantóir in i gcoinne an éilimh. Déanfaidh an Cláraitheoir iarracht teacht ar réiteach idir tú féin agus an cosantóir. Má theipeann air seo, cuirfear an t-éileamh ar aghaidh chuig an gCúirt Dúiche le haghaidh breithiúnais.

Féadfaidh an cosantóir agóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh ar fhorais nós imeachta freisin. Mar shampla, féadfaidh siad a mhaíomh:

  • Go bhfuil an t-éileamh lasmuigh de raon feidhme an nóis imeachta
  • Go bhfuil luach an éilimh níos airde ná an teorainn €5,000 a cheadaítear
  • Nach éileamh trasteorann é

Má éiríonn leis an agóid i gcoinne an éilimh ar fhorais nós imeachta, cuirfear in iúl duit féin agus don fhreagróir laistigh de 30 lá nach féidir dul ar aghaidh leis an éileamh. Féadfaidh tú an t-éileamh a tharraingt siar agus breithniú a dhéanamh ar éileamh nua a dhéanamh faoi nós imeachta ábhartha eile.

Féadfaidh an cosantóir agóid a dhéanamh i gcoinne dhlínse na cúirte

Tugann an cosantóir agóid i gcoinne dhlínse na cúirte chun déileáil leis an ábhar. Má éiríonn leis an agóid i gcoinne dhlínse na cúirte, ní leanfar ar aghaidh leis an éileamh agus ní mór duit é a tharraingt siar. Féadfaidh tú éileamh nua a dhéanamh i gcúirt eile a bhfuil an chumhacht dhlíthiúil aici déileáil leis.

Frithéilimh an chosantóra

Déanann an cosantóir frithéileamh (déanann sé/sí éileamh i do choinne). Chun a chinntiú nach sáraítear an teorainn €5,000, caitear le d’éileamh bunaidh agus leis an bhfrithéileamh mar chásanna ar leithligh.

Déanann an cosantóir neamhaird den éileamh

Mura dtugann an cosantóir freagra ar an éileamh laistigh den chreat ama sonraithe, meastar go bhfuil sé/sí tar éis glacadh leis an éileamh.

Cathain a thugtar an breithiúnas?

De ghnáth, tugann an Chúirt Dúiche a breithiúnas laistigh de 30 lá tar éis ceann amháin díobh seo a leanas a fháil:

  • Freagra an chosantóra ar an éileamh.
  • Do fhreagra ar fhrithéileamh (má tá frithéileamh i gceist).
  • Freagra ceachtar páirtí ar iarratas ar fhaisnéis bhreise (má dhéantar iarratas den sórt sin).

Féadfaidh an chúirt éisteacht ó bhéal a reáchtáil ar iarratas ó cheachtar páirtí, nó má chinneann sí nach féidir léi breithiúnas a dhéanamh bunaithe ar na haighneachtaí i scríbhinn a fuarthas. Reáchtáiltear éisteacht ó bhéal trí fhíschomhdháil. Tabharfaidh an chúirt a breithiúnas laistigh de 30 lá ón éisteacht ó bhéal a reáchtáil.

Mura bhfreagraíonn ceachtar páirtí, nó an dá pháirtí, laistigh de 30 lá, fós tugann an chúirt a breithiúnas.

Féadfaidh ceachtar páirtí iarraidh ar an gcúirt deimhniú a eisiúint maidir leis an mbreithiúnas. Úsáideann an chúirt an fhoirm iomchuí chun an deimhniú seo a eisiúint.

Do bhreithiúnas a fhorfheidhmiú

Is é dlí an bhallstáit de chuid an AE ina gcuirfear an breithiúnas i bhfeidhm a rialaíonn forfheidhmiú an bhreithiúnais. Má tá an cosantóir lonnaithe i mballstát AE eile, cuirfear an breithiúnas i bhfeidhm ansin.

Féadfaidh na rialacha a bhaineann le breithiúnas a fhorghníomhú a bheith éagsúil óna chéile i ngach tír ar leith. Is féidir eolas a fháil faoi nósanna imeachta forfheidhmithe i mballstáit eile an AE ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Chun an breithiúnas a fhorghníomhú, ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Bunchóip den bhreithiúnas agus den deimhniú breithiúnais a chur ar fáil don chúirt sa bhallstát
  • Aistriúchán ar na doiciméid seo a chur ar fáil i dteanga oifigiúil an bhallstáit

Ní cheanglaítear ort urrús, banna nó éarlais ar bith a sholáthar ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach tú nó nach bhfuil tú i do chónaí sa bhallstát sin.

Má thagann an breithiúnas salach ar bhreithiúnas a rinneadh cheana ar an ábhar céanna, féadfaidh an cosantóir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt diúltú an breithiúnas a fhorghníomhú. Is riachtanach nár tugadh an méid seo chun solais roimhe seo le linn an nóis imeachta, agus caithfidh gur tugadh an breithiúnas sin sa bhallstát, nó go bhféadfaí é a aithint ann.

An féidir an breithiúnas a athbhreithniú nó achomharc a dhéanamh ina choinne?

Is féidir leis an gcosantóir iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche inar tugadh an breithiúnas.

Is féidir leis an gcosantóir iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú sna cásanna seo a leanas:

  • Ní bhfuair sé/sí an fhoirm éilimh nó an toghairm éisteachta ó bhéal ar bhealach a chruthaíonn go fuarthas í nó in go leor ama chun cosaint a ullmhú i gceart
  • Níorbh fhéidir leis/léi an t-éileamh a chonspóid mar gheall ar imthosca móra nó neamhghnácha lasmuigh dá smacht

Ní mór don chosantóir athbhreithniú a iarraidh laistigh de 30 lá tar éis a c(h)ur ar an eolas faoin mbreithiúnas.

Má éiríonn leis an athbhreithniú, beidh an bunbhreithiúnas ar neamhní, agus beidh ort éileamh nua a dhéanamh.

Braitheann cibé an bhféadfaidh an cosantóir achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais nó nach bhféadfaidh, ar dhlí an bhallstáit ina bhfuil an breithiúnas le forghníomhú.

Cé mhéad a chosnaíonn sé éileamh a dhéanamh?

Is é €25 an táille a bhaineann leis an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga. Is féidir é a íoc sna bealaí seo a leanas:

  • Seic
  • Ordú poist
  • Dréacht bainc

Seans go mbeidh ort táille a íoc chun do dhoiciméid a aistriú má tá siad i dteanga nach dtuigeann an cosantóir.

Má bhuann tú do chás, féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar chostais bhreise den sórt sin. Má chailleann tú an cás, áfach, is féidir go mbeidh ort íoc as aon chostais aistriúcháin nó eile a thabhaíonn an cosantóir.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi na táillí cúirte a bhaineann leis an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga agus mar a oibríonn sé in Éirinn ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Tuilleadh eolais

Is féidir tuilleadh a léamh faoin nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna agus ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Tá an Coimisiún Eorpach tar éis treoir don nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga a fhoilsiú agus tá sé ar fáil lena íoslódáil ón Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2023