Éilimh bheaga a chur faoi bhráid na cúirte

Cad a tharlóidh murar féidir m'éileamh beag a réiteach?

Más rud é nár réitíodh do chás nós imeachta um éileamh beag, déanfar é a tharchur lena éisteacht sa Chúirt Dúiche.

Gheobhaidh tú litir ó oifig na Cúirte Dúiche le dáta agus am na héisteachta cúirte, agus suíomh na cúirte féin luaite inti. Éistfear an cás go poiblí mar chuid de ghnáthshuí den Chúirt Dúiche.

Má tá an t-éileamh déanta agat, tugtar an t-éilitheoir ort. Tugtar an freagróir ar an duine a bhfuil éileamh déanta agat ina gcoinne.

Cad a tharlóidh mura bhfuil mé ar fáil ar dháta na cúirte?

Mura féidir leat freastal ar an gcúirt ar dháta na héisteachta, ba chóir duit é sin a chur in iúl d’oifig na Cúirte Dúiche agus don fhreagróir láithreach.

Féadfaidh tú iarraidh go gcuirfí an dáta ar atráth (athrú go dáta eile). Is é an breitheamh amháin a fhéadfaidh an t-ordú seo a dhéanamh agus caithfidh cúis an-mhaith a bheith agat gan a bheith in ann freastal ar an gcás nó dul ar aghaidh ar an dáta beartaithe.

Mura féidir leat a bheith i láthair tú féin, is féidir ionadaí a chur ann chun an t-iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar do shon.

Ag ullmhú don chúirt

Tá sé an-tábhachtach tú féin a ullmhú don éisteacht chúirte. Seans gur cheart duit comhairle dlí a fháil.

Faoi dhlí na hÉireann, ní mór ionadaíocht dhlíthiúil a bheith ag gnólacht sa chúirt.

Mura bhfuil tú eolach ar phróiseas na cúirte, ba cheart eolas a chur ar leagan amach na cúirte agus ar conas a oibríonn sé. Is féidir léamh faoi conas a fheidhmíonn na cúirteanna ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Cad a bheidh le déanamh agam sa chúirt?

Beidh ort do chaidreamh/gaol leis an bhfreagróir a insint don bhreitheamh. Mar shampla:

  • Is tusa an tomhaltóir agus is miondíoltóir nó soláthraí seirbhíse an freagróir
  • Úinéir réadmhaoine a líomhnaítear go ndearna an freagróir damáiste dá réadmhaoin

Beidh ort na nithe seo a leanas a chur in iúl don chúirt:

  • Sonraí an éilimh
  • Cad a tharla agus conas a láimhseáil tú é
  • Cé mhéad atá á éileamh agat

Ba cheart duit freisin aird na cúirte a tharraingt ar aon réimsí de dhlí na dtomhaltóirí a bhaineann le do chás.

Is féidir a bheith deacair an dlí a mhíniú, mar sin b’fhéidir gur mhaith leat:

  • Comhairle dlí a fháil ó aturnae
  • Teagmháil a dhéanamh leis an Ionad comhairle dlí saor in aisce chun roinnt treorach a fháil.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi do chearta tomhaltóirí anseo.

Fianaise agus finnéithe

Fianaise

Agus do chuid faisnéise á cur i láthair na cúirte, ba chóir duit í a thacú le fianaise nuair is féidir.

I measc samplaí fianaise tá:

  • Admháil nó cruthúnas ceannaigh
  • Na hearraí millte nó lochtacha
  • Grianghraif de dhrochshaoirseacht, damáiste do mhaoin nó de dhroch-chaighdeán earraí nó seirbhísí nach féidir a thabhairt chun na cúirte
  • Fógraí nó doiciméid eile a raibh tú ag brath orthu agus na hearraí nó seirbhísí á gceannach agat

Finnéithe

Is féidir freisin tuairim neamhspleách a fháil ó shaineolaí agus iarraidh orthu teacht chun na cúirte mar fhinné duit. Tá tú freagrach as aon chostas a bhaineann leis seo.

Is féidir freisin iarraidh ar aon duine eile atá in ann tacú le d’éileamh, go háirithe i gcásanna seirbhíse lochtach, freastal ar an gcúirt mar fhinné. Más gá, is féidir toghairm fhinné a sheoladh chucu – is féidir leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga é seo a eisiúint ar do shon ar tháille bheag.

An éisteacht cúirte

Ar lá d’éisteachta cúirte, beidh ort freastal ar an gCúirt Dúiche. Beidh sé seo oscailte don phobal agus is breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche a éistfidh do chás.

Nuair a ghlaofar do chás, cloisfidh tú d’ainm agus ansin ainm an fhreagróra. Ag an bpointe seo, ba chóir duit seasamh suas agus tú féin a chur in aithne don chúirt.

Glaofaidh an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga achoimre ar do chás amach don bhreitheamh. Iarrfar ort dul chuig clár na mionn chun mionn a thabhairt an fhírinne a insint. Cabhróidh Cléireach na Cúirte leat leis an bpróiseas seo.

Do chás a dhéanamh

Iarrfaidh an breitheamh ort ansin do chás a thosú. Caithfidh tú do thaobh féin den díospóid a thabhairt ansin. Ba chóir duit do chás a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir, agus tacú leis trí fhianaise ábhartha a thabhairt.

Agus tú ag labhairt leis an mbreitheamh, bí cinnte “a Bhreithimh” a thabhairt orthu agus gach freagra a dhíriú orthu.

De ghnáth, is iad seo a leanas na céimeanna a bhaineann le do chás a dhéanamh:

  1. Cuireann tú do chás i láthair na cúirte.
  2. Cuirfidh an breitheamh ceisteanna is cóir duit a fhreagairt, chomh maith agus is féidir.
  3. Beidh cead ag an bhfreagróir ceisteanna a chur ort, ar cheart duit a fhreagairt, chomh maith agus is féidir agus gan argóint a thosú.
  4. Beidh cead agat glaoch ar do chuid finnéithe, má tá finnéithe agat, agus déanfaidh tú féin agus an freagróir iad a cheistiú.

Nuair a bheidh do chuid fianaise tugtha agat, iarrfar ar an bhfreagróir cosaint a dhéanamh agus a gcuid fianaise féin a chur i láthair. Má tá do chás in aghaidh cuideachta, labhróidh ionadaí de chuid na cuideachta ar a son.

Cosaint an fhreagróra

Agus cosaint á déanamh ag an bhfreagróir, leanfar na céimeanna céanna agus a lean tusa. Beidh tú in ann an freagróir agus finnéithe ar bith a ghlaofaidh siad chun fianaise a thabhairt a cheistiú.

Is féidir leat ullmhú dó seo trí:

  • Staidéar a dhéanamh ar dhoiciméid ar bith a roinn an freagróir le linn an nóis imeachta um éilimh bheaga, amhail na foirmeacha Fógra Díospóide agus Frithéilimh
  • Ceisteanna a ullmhú lena gcur sa chúirt

Ba chóir duit éisteacht go cúramach freisin lena bhfuil le rá ag an bhfreagróir agus tú i gclár na mionn mar is féidir leat agóid a dhéanamh in aghaidh fianaise ar bith nach n-aontaíonn tú léi ag an am seo.

Cathain a dhéanfaidh an chúirt a cinneadh?

Nuair a bheidh d’fhianaise curtha i láthair agatsa agus ag an bhfreagróir, agus nuair a éistfear gach finné, de ghnáth déanfaidh an breitheamh a chinneadh láithreach.

Má bhuaim an cás

Má chinneann an breitheamh i d’fhabhar, déanfaidh siad ordú nó foraithne don fhreagróir an t-éileamh a réiteach. Is féidir leis an mbreitheamh aon ordú is mian leo a dhéanamh agus déanfaidh siad ordú a oireann don chás ar leith.

Féadfaidh siad ordú a thabhairt don fhreagróir:

  • Méid airgid a íoc
  • An tseirbhís a d'iarr tú a chur i gcrích
  • Na hearraí lochtacha a dheisiú

Má dhéanann an chúirt foraithne chun méid airgid a íoc, tá 28 lá féilire ag an bhfreagróir chun tú a íoc.

Má dhéanann an chúirt aon chineál eile foraithne, socróidh sí teorainn ama de ghnáth chun é seo a chur i gcrích.

Má chaillim an cás

Má chinneann an breitheamh gan seasamh le d’éileamh, caithfear amach do chás. Ciallaíonn sé seo nach ndéanfar aon ordú nó foraithne i d’fhabhar.

Níl tú dlite le haghaidh chostais an fhreagróra má chailleann tú cás nós imeachta um éileamh beag a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Dúiche.

An féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh na cúirte?

Mura bhfuil tú féin nó an freagróir sásta le cinneadh na Cúirte Dúiche, tá sé de cheart ag ceachtar agaibh achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda.

Is féidir leis an mbreitheamh costais a dhámhachtain i do choinne sa Chúirt Chuarda, mar sin tá sé tábhachtach breithniú cúramach a dhéanamh ar aon chinneadh chun achomharc a dhéanamh.

Tuilleadh eolais

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le nós imeachta na Cúirte Dúiche agus an nós imeachta um éileamh beag ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2023