Scéim na dTréimhsí Cúram Baile

Cad é Scéim na dTréimhsí CúramBaile?

Tá sé níos fusa ar dhaoine am a ghlacadh óna saol oibre chun cúram a thabhairt do leanaí nó daoine fásta chun cáiliú do Phinsean Stáit (Ranníocach) a bhuíochas le Scéim na dTréimhsí Cúram Baile.

Faoin Scéim, is féidir tréimhsí ama ina raibh cúram á thabhairt agat do dhuine éigin a chur san áireamh i do thaifead árachais shóisialaigh.

Tá Scéim na dTréimhsí Cúram Baile mar chuid de bhealach nua chun an Pinsean Stáit (Ranníocach) a ríomh do dhaoine a rinne iarratas i ndiaidh an 1 Meán Fómhair 2012. Tugtar an Cur Chuige na Ranníocaíochtaí Iomlána ar an mbealach nua seo chun rátaí pinsin a ríomh.

Ní féidir Scéim na dTréimhsí Cúram Baile agus an Scéim um Chúramaí Baile a úsáid le chéile chun do theidlíocht phinsin a ríomh.

Leanfar leis an Scéim um Chúramaí Baile a úsáid nuair atá an meánlíon bliantúil de ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh á n-úsáid chun an ráta pinsin a ríomh.

Conas cáiliú do Scéim na dTréimhsíCúram Baile

Is féidir le haon duine a rugadh an 1 Meán Fómhair 1946 nó ina dhiaidh sin agus a thug cúram do dhuine go lánaimseartha iarratas a dhéanamh ar Scéim na dTréimhsí Cúram Baile.

Is féidir leat Tréimhse Chúram Baile a fháil ar do thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh gach seachtain nach raibh tú fostaithe nó ag síniú do chreidmheasanna agus ina raibh cúram lánaimseartha á thabhairt agat:

  • Leanbh nó leanaí 12 bhliain d’aois
  • Leanbh nó leanaí 12 bhliain d’aois nó níos sine ar theastaigh leibhéal méadaithe cúraim uaidh/uaithi/uathu
  • Duine fásta ar theastaigh leibhéal méadaithe cúraim uaidh/uaithi

Is féidir a mhéid le 1,040 Tréimhse Chúram Baile (arb ionann sin agus 20 bliain) a chur san áireamh ar do thaifead árachais shóisialaigh.

Chun cáiliú do Thréimhse Chúram Baile, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh ag an tráth a thug tú an cúram:

  • Bheith idir 16 bliana agus faoi 66 bliain d’aois
  • Gan a bheith ag oibriú go lánaimseartha (ceadaítear duit oibriú ach caithfidh gur thuill tú ollioncam ní ba lú ná €38 sa tseachtain)
  • Caithfidh nach raibh íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, seachas Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúram Baile nó Deontas Tacaíochta Cúramóra.

Ní féidir ach le duine amháin Tréimhse Chúram Baile a fháil ar a dtaifead árachais shóisialaigh chun tacú le leanbh nó duine fásta ar leith ag aon tráth amháin.

Ní chuirfear Scéim na dTréimhsí Cúram Baile i bhfeidhm ar aon tréimhse ama ina raibh cónaí ort lasmuigh d’Éirinn, seachas i gcásanna ina mbíonn forálacha faoi rialacháin um oibrí ar phostú an AE i gceist.

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Scéim na dTréimhsí Cúram Baile ar welfare.ie.

Conas a ríomhtar Tréimhsí Cúram Baile do Phinsean Stáit(Ranníocach)

Ní féidir Scéim na dTréimhsí Cúram Baile a úsáid ach nuair a ríomhtar do Phinsean Stáit (Ranníocach) faoi Chur Chuige na Ranníocaíochtaí Iomlána.

Déantar soláthar i gCur Chuige na Ranníocaíochtaí Iomlána do Mhodh Ranníocaíochtaí Comhiomlánaithe nua chun an líon iomlán ranníocaíochtaí a ríomh a d’íoc tú. Úsáidtear an modh nua seo chun rátaí pinsin a ríomh, seachas measúnú a dhéanamh ar an meánlíon bliantúil ranníocaíochtaí.

Trí úsáid a bhaint as Modh na Ranníocaíochtaí Comhiomlánaithe, má d’íoc tú 2,080 ranníocaíocht árachais shóisialaigh nó ní ba mhó (nó má bhí tú fostaithe go lánaimseartha ar feadh 40 bliain), cáileoidh tú do ráta uasta pearsanta den Phinsean Stáit (Ranníocach).

Má tá níos lú ná 2,080 ranníocaíocht agat, is féidir a mhéid le 520 ranníocaíocht atá curtha chun sochair agat (10 mbliana) agus a mhéid le 1,040 Tréimhse Chúram Baile (20 bliain) a úsáid nuair a bhíonn do phinsean á ríomh chun cabhrú leat cáiliú do phinsean uasta.

Ní féidir le do ranníocaíochtaí curtha chun sochair agus do Thréimhsí Cúram Baile, i dteannta a chéile, a bheith níos mó ná 1,040 (20 bliain), áfach.

Más ionann comhiomlán na ranníocaíochtaí a d’íoc tú, Tréimhsí Cúram Baile agus ranníocaíochtaí atá curtha chun sochair agus níos lú ná 2,080, cáileofar thú do ráta laghdaithe de phinsean. Mar shampla, bheifeá i dteideal 75% den phinsean uasta (1,560 / 2,080 = 75%) dá mbeadh comhiomlán de 1,560 ranníocaíocht íoctha agat, ina bhfuil Tréimhsí Cúram Baile agus ranníocaíochtaí curtha chun sochair.

Conas iarratas a dhéanamh ar ScéimTréimhsí Cúram Baile

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an Scéim Tréimhsí Cúram Baile nuair a bheidh aois an phinsin sroichte agat agus d’fhoirm iarratais ar Phinsean Stáit (Ranníocach) curtha isteach agat.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an RCS ar an scéim Tréimhsí Cúram Baile, má bhí tú:

  • Ag tabhairt aire do leanbh faoi 12, ach gan a thuismitheoir nádúrtha i.e. tuismitheoir altrama nó tuismitheoir uchtála nó
  • Ag tabhairt aire do dhuine fásta nó do leanbh os cionn 12 bliana d’aois a raibh cúnamh leanúnach agus rialta de dhíth air i rith an lae, ach ní raibh íocaíocht cúramóra nó DCA á fháil agat

Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat glaoch ar (01) 471 5898 chun foirm iarratais ar Scéim Tréimhsí Cúram Baile (pdf) a iarraidh.

Cá ndéanfaidh mé iarratas arScéim Tréimhsí Cúram Baile?

An Roinn Coimirce Sóisialai

Pensions Caring Support
McCarter’s Road
Bun Cranncha
Dhún Na NGall
Ireland

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Feabhra 2023