An Scéim Réidh le Tógáil

Cad í an Scéim Réidh le Tógáil?

Is féidir leat suíomh a cheannach faoin Scéim Réidh le Tógáil ó údarás áitiúil chun d’áit chónaithe féin a thógáil air. Díoltar na suíomhanna i mbailte agus sráidbhailte ar phraghsanna laghdaithe a mhéid le €30,000 faoi bhun luach an mhargaidh. Tá an bonneagar uile riachtanach ag na suíomhanna seo.

Is féidir le húdaráis áitiúla suíomhanna atá faoina n-úinéireacht cheana féin a dhíol don scéim seo nó is féidir leo suíomhanna nua a cheannach. Cuireann siad na suíomhanna seo ar fáil do dhaoine le háiteanna cónaithe a thógáil orthu trí theacht ar na suíomhanna agus seirbhísí do na suíomhanna a sholáthar, cosúil le leictreachas, uisce agus fuíolluisce.

Braitheann an lascaine a fhaigheann tú nuair a cheannaíonn tú an suíomh ar an méid a chosnaíonn sé ar an údarás áitiúil seirbhísí a sholáthar ar an suíomh sula ndíoltar leat é. Is é an lascaine uasta €30,000.

Caithfidh tú maireachtáil san áit chónaithe mar d’áit chónaithe phríobháideach phríomha nuair a thógfar an áit chónaithe.

Cistíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an scéim trí Chiste Croí Cónaithe (Bailte) agus cuireann tú isteach air le d’údarás áitiúil. Cuireann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta eolas ar fáil faoin scéim, Ceisteanna Coitianta san áireamh.

An gcáilím don Scéim Réidh le Tógáil?

Caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh le cáiliú don Scéim Réidh le Tógáil:

  • Caithfidh tú áit chónaithe a thógáil ar an suíomh agus maireachtáil ann mar d’áit chónaithe phríobháideach phríomha nuair a thógfar é.
  • Caithfidh tú d’áit chónaithe a thógáil ar shuíomh atá mar chuid den scéim i mbaile nó sráidbhaile réigiúnach, féach thíos.
  • Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chead pleanála le d’áit chónaithe a thógáil ar an suíomh laistigh de 3 mhí tar éis gur ceadaíodh thú chun an suíomh a cheannach agus tar éis d’éarlais a íoc. Ní aistreofar úinéireacht an tsuímh chugat ach go dtí go ndeimhnítear go bhfuair tú cead pleanála.
  • Caithfidh tú tosú le d’áit chónaithe a thógáil ar an suíomh laistigh de 12 mhí tar éis cead pleanála a fháil. (Is féidir síneadh a chur leis an amfhráma seo faoi chúinsí eisceachtúla faoi lánrogha an údaráis áitiúil).
  • Caithfidh tú comhaontú leis na coinníollacha aisghlámtha, a bhíonn i gceist má dhíolann tú an áit chónaithe laistigh d’amfhráma áirithe.
  • Caithfidh nár cheannaigh tú suíomh cheana féin faoin scéim.
  • Caithfidh tú imréiteach cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim lena thaispeáint go bhfuil do ghnóthaí cánach in ord.

Nóta: Mura gcuireann tú isteach ar chead pleanála laistigh den amfhráma 3 mhí, aistreofar úinéireacht an tsuímh ar ais go dtí an t-údarás áitiúil. Agus, mura dtosaíonn tú le d’áit chónaithe a thógáil laistigh de 12 mhí tar éis cead pleanála a fháil, caithfidh tú an lascaine a fuair tú ar an suíomh a aisíoc leis an údarás áitiúil.

Cad é baile nó sráidbhaile réigiúnach?

Baineann an scéim le bailte agus sráidbhailte ina bhfuil daonra breis agus 400 duine, anuas ar roinnt cinn níos lú, ina bhfuil seirbhísí agus conláistí dóthanacha.

Cén lascaine is féidir liom a fháil leis an Scéim Réidh le Tógáil?

Is féidir leat suíomh a cheannach faoin scéim seo ar feadh a mhéid le €30,000 faoi bhun luach margaidh an tsuímh. Braitheann an lascaine a fhaigheann tú nuair a cheannaíonn tú an suíomh ar an méid a chosnaíonn sé ar an údarás áitiúil seirbhísí a sholáthar ar an suíomh sula ndíoltar leat é.

Conas a chuirim isteach ar an Scéim Réidh le Tógáil?

Tá an Scéim Réidh le Tógáil nua agus d’fhéadfadh nach bhfuil suíomhanna ar fáil lena gceannach faoin scéim go fóill.

Nuair a bhíonn suíomh ar fáil lena cheannach faoin scéim, fógrófar iad ar láithreán gréasáin d’údaráis áitiúil agus i bhfoilseacháin ábhartha áitiúla. Beidh eolas sna fógraí faoi na suíomhanna agus an dáta deiridh d’iarratais

Líonann tú an fhoirm iarratais (pdf) agus seolann tú ar aghaidh í chuig an údarás áitiúil le do cháipéisí tacaíochta. Déanfaidh an t-údarás áitiúil athbhreithniú ar d’iarratas agus do cháipéisí agus scríobhfaidh siad chugat le thú a chur ar an eolas faoi cibé acu ar éirigh nó nár éirigh le d’iarratas.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Áiteanna Cónaithe Folmha i d’údarás áitiúil má bhíonn ceisteanna agat faoin scéim.

Conas a thugtar tús áite d’iarratais ar an Scéim Réidh le Tógáil?

Tugtar tús áite d’iarratais ar an Scéim Réidh le Tógáil ar an mbealach seo:

  1. Ceannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘túis nua’
  2. Iarratasóirí a bhfuil riachtanais ar leith acu a bhfuil a n-áit chónaithe reatha á díol acu nó a dhíol a n-áit chónaithe reatha agus ar mian leo cónaí i mbaile nó sráidbhaile. Áirítear le riachtanais ar leith daoine faoi mhíchumas agus daoine breacaosta.
  3. Duine ar bith eile a bhfuil a n-áit chónaithe á díol acu nó a dhíol a n-áit chónaithe agus ar mian leo cónaí i mbaile nó sráidbhaile.

Is ceannaitheoir céaduaire thú sna cásanna seo a leanas:

  • Níor cheannaigh tú ná níor thóg tú réadmhaoin roimhe seo seo le cónaí inti.
  • Níl úinéireacht ná leas agat in aon réadmhaoin in Éirinn ná thar lear.

Iarratasóir ‘túis nua’ thú má bhí úinéireacht agat roimhe seo ar áit chónaithe, ach níl leas airgeadais agat ann mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Tá tú colscartha, scartha, nó tháinig deireadh le do chaidreamh
  • Chuaigh tú faoi dhócmhainneacht phearsanta nó féimheacht

Cad a tharlaíonn mura n-éiríonn le m’iarratas?

Mura n-éiríonn le d’iarratas, is féidir leat an cinneadh a achomharc leis an údarás áitiúil. Ba cheart duit scríobh chucu laistigh de 3 seachtaine tar éis go ndearnadh an cinneadh, agus na fáthanna a lua go bhfuil sé á achomharc agat. Déanfaidh duine san údarás áitiúil nach raibh bainteach le d’iarratas a mheasúnú d’achomharc a athbhreithniú. Déanfaidh an t-údarás áitiúil teagmháil leat le toradh an athbhreithnithe seo a chur in iúl duit. D’fhéadfadh seo a fhaide le 6 seachtaine a ghlacadh.

Cad a tharlaíonn más mian liom m’áit chónaithe a dhíol nó a ligean ar cíos?

Má dhéanann tú an cinneadh d’áit chónaithe a dhíol nó a ligean ar cíos laistigh de 10 mbliana tar éis an suíomh a cheannach, beidh ort an t-údarás áitiúil a aisíoc. Braitheann an méid a aisíocfaidh tú ar cé chomh fada a bhí tú i do chónaí ann. Má chónaíonn tú ann:

  • Ar feadh níos lú ná 5 bliana, beidh ort an lascaine iomlán a fuair tú ar an suíomh a aisíoc
  • Ar feadh níos mó ná 5 bliana, ach níos lú ná 10 mbliana, beidh ort 75% den lascaine ar an suíomh a aisíoc
  • Ar feadh níos mó ná 10 mbliana, ní gá duit aon rud a aisíoc

Caithfidh tú cuid den lascaine, nó an lascaine go léir, a aisíoc in aon chás nuair nach é an áit chónaithe d’áit chónaithe phríomha a thuilleadh laistigh de na chéad 10 mbliana.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Meán Fómhair 2022