Aistriú chuig teach eile de chuid an údaráis áitiúil

Réamhrá

Má tá tú i do chónaí i dteach ó údarás áitiúil agus más mian leat aistriú go teach ó údarás áitiúil eile, ba cheart duit fiafraí de d’údarás áitiúil an bhfuil sé seo indéanta.

Ligfidh formhór na n-údarás áitiúil duit aistriú go teach ó údarás áitiúil eile sa limistéar céanna má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe. Tá seans ann go mbeidh tú in ann tithe a mhalartú le tionónta ó údarás áitiúil eile, má aontaíonn an t-údarás áitiúil leis.

Más mian leat aistriú go teach údaráis áitiúil i limistéar údaráis áitiúil eile, beidh ort malartú a shocrú le tionónta ó údarás áitiúil eile tú féin. Ní mór duit faomhadh a fháil ón dá údarás áitiúil agus na critéir cháilitheacha a chomhlíonadh chun é seo a dhéanamh.

Aistriú go teach údaráis áitiúil eile sa limistéar céanna

Má tá teach údaráis áitiúil agat, agus más mian leat aistriú go teach údaráis áitiúil eile, is féidir leat clárú ar liosta aistrithe an údaráis áitiúil.

Tá a rialacha féin ag gach údarás áitiúil maidir le haistrithe, mar sin is féidir leis na critéir cháilitheacha a bheith difriúil ag brath ar an áit ina gcónaíonn tú. Tabharfar breac-chuntas ar na rialacha sonracha do do limistéar i scéim leithdháilte tithíochta d’údarás áitiúil ar a shuíomh Gréasáin.

Go ginearálta, chun cáiliú le haghaidh aistrithe sa limistéar údaráis áitiúil céanna, beidh ort:

● Fáth bailí a bheith agat cén fáth ar mhaith leat bogadh

● Na critéir atá leagtha síos ag d’údarás áitiúil a chomhlíonadh

Mar shampla, ní fhéadfaidh d’údarás áitiúil glacadh le d’iarratas ar aistriú ach amháin más mian leat aistriú mar:

● Tá do theach plódaithe

● Ba mhaith leat teach níos lú

● Ní mór duit aistriú ar chúiseanna leighis nó atruacha

● Is íospartach d'iompar frithshóisialta thú

● Tá cúinsí eisceachtúla eile ann

D’fhéadfadh go mbeadh ort coinníollacha eile a chomhlíonadh maidir le do thionóntacht reatha. Mar shampla, b’fhéidir go mbeadh ort:

● A bheith i do chónaí i do theach ó údarás áitiúil ar feadh 2 bhliain ar a laghad

● A bheith gan riaráistí cíosa

● Stair gan iompar frithshóisialta a bheith agat

● Do theach a choinneáil i riocht maith

Conas a dhéanaim iarratas ar aistriú agus cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?

Má chomhlíonann tú critéir uile d’údaráis áitiúla, déanann tú iarratas leo aistriú go teach ó údarás áitiúil eile.

Chun iarratas a dhéanamh comhlánaigh agus cuir isteach d’fhoirm iarratais chuig an údarás áitiúil. Bíonn foirmeacha iarratais ar fáil de ghnáth ar shuíomh Gréasáin d’údaráis áitiúil.

Déanfaidh d’údarás áitiúil d’iarratas a athbhreithniú agus cuirfidh sé in iúl duit má cháilíonn tú d’aistriú. Má cháilíonn tú, cuirfear le liosta aistrithe thú.

Ansin nuair a bheidh tú an chéad duine eile ar an liosta aistrithe agus nuair a bheidh cóiríocht oiriúnach ar fáil, rachaidh an t-údarás áitiúil i dteagmháil leat chun an teach a thairiscint duit.

Tithe údaráis áitiúil a mhalartú

B’fhéidir go mbeifeá in ann aistriú príobháideach a shocrú trí duine a aimsiú atá ag iarraidh a dteach ó údaráis áitiúil a mhalartú le do theach féin. Caithfidh an dá theaghlach critéir áirithe a chomhlíonadh sa chás seo. Mar shampla, níor cheart go gciallódh an malartú go mbeidh róphlódú ann i gceachtar den dá theach agus caithfidh an t-údarás áitiúil aontú leis an malartú.

Is féidir leat aistriú príobháideach a shocrú freisin le duine éigin ó údarás áitiúil eile, a luaithe a bheidh an chóiríocht oiriúnach don dá theaghlach agus go n-aontaíonn an 2 údarás áitiúil leis an malartú.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú agus í a chur isteach chuig d’údarás áitiúil. Is gnách go bhfaighidh tú an fhoirm seo ar shuíomh Gréasáin d’údarás áitiúil.

Más mian leat tithe a mhalartú, b’fhéidir go mbeidh tú in ann sonraí a fháil faoi dhaoine eile atá ag iarraidh malartú in oifig d’údarás áitiúil, i nuachtáin áitiúla nó ar líne.

Tuilleadh faisnéise

Déan teagmháil le le Roinn Tithíochta d'údaráis áitiúil le haghaidh tuilleadh faisnéise

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Nollaig 2023