Éileamh a chur isteach go déanach

Réamhrá

Chun íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil, ní mór duit éileamh a chur isteach don íocaíocht sin chuig an Roinn Sóisialaí. De ghnáth, cuireann tú isteach éileamh trí fhoirm iarratais nó trí fhoirm éilimh a líonadh amach. Go ginearálta, tá teorainneacha ama ina gcaithfidh tú d’éileamh a chur isteach.

Athraíonn na teorainneacha ama chun éileamh a chur isteach ó íocaíocht amháin go ceann eile. Tá na teorainneacha ama sách gearr go ginearálta le haghaidh íocaíochtaí gearrthéarmacha agus tá siad níos faide le haghaidh pinsin fhad-téarmaigh. Mar shampla, i gcás Shochar Cuardaitheora Poist ní mór duit an t-éileamh a chur isteach ar an lá céanna atá tú incháilithe agus i gcás an Phinsin Stáit (Ranníocach) is féidir leat éileamh a chur isteach suas go trí mhí sula agus trí mhí tar éis 66 bliana d’aois a bhaint amach.

Ba chóir duit íocaíocht a éileamh chomh luath is a cheapann tú go d'fhéadfá a bheith i dteideal í. Má chuireann tú isteach ar éileamh déanach is féidir leat íocaíocht a fháil ón dáta ar sheol tú d'éileamh chuig an roinn ach ní féidir leat siardhátú a fháil go dtí an t-am a raibh tú i dteideal í ach nár chuir tú isteach éileamh lena haghaidh.

Rialacha

Teorainneacha ama a shíneadh

I bhformhór na gcásanna is féidir leis an teorainn ama le haghaidh éileamh a chur isteach a shíneadh. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat siardhátú a fháil go dtí an t-am a raibh tú i dteideal í nó ar a laghad 6 mhí sula gcuir tú isteach ar d'éileamh, cibé acu is ísle.

Chun an teorainn ama sínithe a fháil ní mór duit cúis mhaith a bheith agat gan d'éileamh a chur isteach laistigh den teorainn ama. Níl mórán eolais faoi cad is cúis mhaith ann ach má bhí tú tinn nó san ospidéal d'fhéadfadh sé seo a mheas mar chúis mhaith gan d'éileamh a chur isteach in am. Go ginearálta, ní mheastar nach raibh a fhios agat go raibh tú i dteideal íocaíochta a bheith ina chúis mhaith gan d'éileamh a chur isteach in am.

Is féidir siardhátú a fháil ar na scéimeanna leasa shóisialaigh seo a leanas má tá cúis mhaith agat le haghaidh d'éileamh déanach:

Liúntas Míchumais Liúntas Cuardaitheora Poist Liúntas Cúramóra Sochar Báis faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde
Sochar Breoiteachta Sochar Cuardaitheora Poist Sochar Cúramóra Deontas Méala
Pinseannan Dall Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) Cúnamh Feirme Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
Sochar Míthreorach Sochar Sláinte agus Sábháilteachta Sochar Máithreachais
Liúntas Síorfhreastail Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-ranníocach)
Sochar díobhálacha ceirde Sochar Linbh Pinsean sStáit (Neamh-ranníocach)
Liúntas éagumais Sochar Uchtaíoch

Is féidir réamhdhátú a fháil ar Phinsean Easláinte suas go sé mhí, nó go dáta d'éilimh, cibé acu is ísle, gan chúis mhaith a thaispeáint maidir leis an moill ar d'éileamh a chur isteach.

Mar sin féin, is féidir siardhátú a fháil ar Phinsean Stáit (Ranníocach), Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), Pinsean Stáit (Eatramhach) agus Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach) suas go sé mhí.

D’fhéadfaí éileamh a shiardhátú níos sia siar ná 6 mhí más amhlaidh gur ceachtar den dá chúis seo a leanas a chuir moill ar an éileamh:

  1. Eolas mícheart a sholáthair an Roinn nó
  2. Éagumas an éilitheora mar gheall ar bhreoiteacht nó éiglíocht.

Déanann oifigigh, arna gceapadh ag an Aire, cinntí maidir le teidlíocht ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tugtar oifigigh breithiúnachta ar na hoifigigh seo.

Conas iarratas a dhéanamh

Ag am d'éilimh ní mór duit a rá cén fáth go bhfuil d'éileamh déanach. I gcás roinnt íocaíochtaí ligeann an fhoirm iarratais duit a mhíniú cén fáth go bhfuil an íocaíocht dhéanach, mar shampla, Sochar Breoiteachta.

Le haghaidh íocaíochtaí eile ba chóir duit litir thionlacain agus fianaise tacaíochta a chur le d'fhoirm éilimh. Is féidir leat cúnamh a fháil leis seo, ó d'Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh áitiúil nó d'Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir duit d'fhoirm éilimh le sonraí faoin bhfáth a bhfuil d'éileamh déanach chuig an rannóg sa Roinn Sóisialaí a atá freagrach as an íocaíocht sin. Beidh an seoladh ag bun d'fhoirm éilimh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Meitheamh 2019