Bileog oibre: Liúntas Cuardaitheora Poist agus ioncam ón obair

Bileog Oibre

Níl duine i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poista (LCP) in Éirinn ach do thréimhsí dífhostaíochta amháin. Is í an íostréimhse go gcaithfidh tú a bheith dífhostaithe chun LCP a fháil ná 4 lá i dtréimhse 7 lá leanúnach, gan an Domhnach san áireamh. Tá tuilleadh eolais faoi na critéir cháilithe le fáil inár ndoiciméad faoin Liúntas Cuardaitheora Poist.

Bileog Oibre maidir leis an Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) Euro

Liúntas Cuardaitheora Poist (uasráta seachtainiúil)
(Is féidir d'aois an íocaíocht
uasta maidir le do chúinsí a
chinneadh. Faigh amach do ráta
sa doiciméad faoi Liúntas
Cuardaitheora Poist)

Móide Méadú le haghaidh Cleithiúnaí Linbh _+________
(Do gach leanbh incháilithe -
féach 'Céim 2' thíos)

Móide Méadú le haghaidh Duine Fásta Cáilithe
(Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath
ní bheidh an méadú le haghaidh duine fásta
cáilithe iníoctha - féach 'Céim 2' thíos.)

Iomlán (Uasmhéid an Liúntais Cuardaitheora Poist)

Lúide acmhainní seachtainiúla ón obair _-______
(Téigh chuig eolas breise thíos le cabhrú leat
d’acmhainní seachtainiúla ón obair a ríomh
.)

Lúide acmhainní seachtainiúla an chéile/pháirtí ón obair _-____
(Téigh chuig eolas breise thíos le cabhrú leat
acmhainní seachtainiúla
do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoirí ón obair a ríomh
.)

Íocaíocht sheachtainiúil iomlán don Liúntas Cuardaitheora Poist €________

<a id="extra info 1" name="extra info 1" shape="rect"></a>Eolas breise: Conas d’acmhainní seachtainiúla ón obair a dhéanamh amach

Bain úsáid as céimeanna 1-5 chun d’acmhainní seachtainiúla ón obair a ríomh.

Céim 1: Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe

Faigh do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe.

Déantar na míreanna seo a leanas a asbhaint ó d'olltuilleamh i gcónaí chun do thuilleamh inmheasúnaithe a fháil:

  • ÁSPC (Ranníocaíocht)
  • Dleachtanna ceardchumainn
  • Aoisliúntas
  • CCSP (Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta)
  • Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise
Sampla

Is fear singil é Jim atá 27 bliain d'aois. Oibríonn sé 3 lá sa tseachtain (Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin) agus faigheann sé €50 in aghaidh an lae. Is é a thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe ná €150. Glacaimid leis nach bhfuil ranníocaíocht ar bith á híoc aige maidir le haoisliúntas, dleachtanna ceardchumainn, CCSP nó RSB. Ní íocann sé ÁSPC toisc go bhfuil a thuilleamh níos lú ná €352.

Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe = €150

Céim 2: Faigh amach an bhfuil do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe thar an teorainn

Sular féidir leat an méid LCP a bhféadfá a fháil a ríomh, ní mór duit a fháil amach an bhfuil d’acmhainní seachtainiúla níos mó ná an uasíocaíocht LCP do do staid. Cuimsíonn an uasíocaíocht don Liúntas Cuardaitheora Poist an uasíocaíocht phearsanta agus méadú ar bith le haghaidh duine fásta cáilithe agus leanaí cleithiúnacha.

Sa chéim seo níl méid iarbhír an LCP á ríomh agat, níl tú ach ag seiceáil an bhfuil tú in ann LCP a fháil.

Chun é seo a dhéanamh tóg do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe ó Chéim 1 agus bain €20 in aghaidh an lae do gach lá a d’oibrigh tú suas le huasmhéid de €60. Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d’acmhainní seachtainiúla.

Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.

Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:

  • Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí agus Pinsean Míchumais, Liúntas Cúram Baile, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
  • Ar chúrsa FET nó SDOG agus ag fáil liúntais ina c(h)eart féin.

Nóta: Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.

Fostaíocht Phobail: Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat agus má chuireann do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir tús le Scéim Fostaíochta Pobail (CE) in 2023, ní áireofar ar an íocaíocht uasta Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta méadú do chleithiúnaí aosaithe, ach áireofar leis líon iomlán. méadú ar an ráta do gach leanbh cáilithe. Cuirtear leath de d’acmhainní comhcheangailte san áireamh sa tástáil mhaoine.

Má tá d’acmhainní seachtainiúla níos lú ná an t-uasráta seachtainiúil do do chúinsí ansin téigh chuig Céim 3 agus tosaigh ar mhéid iarbhír an LLCF a gheobhaidh tú a ríomh.

Sampla

Is é tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe Jim ná €150 in aghaidh na seachtaine. Oibríonn sé 3 lá sa tseachtain.

€150 - €60 (3 lá) = €90 x 60% = €54

Acmhainní seachtainiúla ón obair = €54

Sa sampla seo, tá acmhainní seachtainiúla Jim faoi bhun na buníocaíochta LCP dá chúinsí. Téigh chuig Céim 3.

Céim 3: Meántuilleamh laethúil

Anois go bhfuil a fhios agat go bhfuil tú i dteideal íocaíochta LCP is féidir leat tosú ar ráta d’íocaíochta LCP a ríomh.

Déan do mheántuilleamh laethúil a ríomh: chun é seo a dhéanamh faigh do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe iomlán ó fhostaíocht agus roinn faoin líon laethanta a d’oibrigh tú an tseachtain sin.

Tuilleamh seachtainiúil iomlán ÷ líon laethanta oibrithe = meántuilleamh laethúil.

Sampla

Oibríonn Jim 3 lá sa tseachtain (Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin) agus faigheann sé €150 in aghaidh na seachtaine.

€150 ÷ 3 = €50

Meántuilleamh laethúil = €50

Céim 4: Acmhainní laethúla ón obair

Déan d’acmhainní laethúla ón obair a ríomh.

Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit neamhaird a thabhairt ar ioncam ar bith nár cuireadh san áireamh. Is é an t-ioncam nach gcuirtear san áireamh ná €20 do oibrítear. Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d’acmhainní laethúla.

Meántuilleamh laethúil - €20 = iomlán x 60% = acmhainní laethúla ón obair.

Sampla

Oibríonn Jim 3 lá sa tseachtain (Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin) agus faigheann sé €50 in aghaidh an lae.

Faigheann sé meántuilleamh laethúil de €50 (féach Céim 3).

€50 - €20 = €30

Faigh 60% den iomlán (€30 sa sampla seo) = €18

Acmhainní laethúla ón obair = €18

Céim 5: Acmhainní seachtainiúla ón obair

Méadaigh d’acmhainní laethúla faoin líon laethanta oibrithe.

Acmhainní laethúla ón obair x líon laethanta oibrithe = acmhainní seachtainiúla ón obair.

Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:

  • Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí agus Pinsean Míchumais, Liúntas Cúram Baile, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
  • Ar chúrsa FET nó SDOG agus ag fáil liúntais ina c(h)eart féin.

Nóta: Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.

Fostaíocht Phobail: Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat agus má chuireann do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir tús le Scéim Fostaíochta Pobail (CE) in 2023, ní áireofar ar an íocaíocht uasta Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta méadú do chleithiúnaí aosaithe, ach áireofar leis líon iomlán. méadú ar an ráta do gach leanbh cáilithe. Cuirtear leath de d’acmhainní comhcheangailte san áireamh sa tástáil mhaoine.

Sampla

Oibríonn Jim 3 lá sa tseachtain agus faigheann sé €50 in aghaidh an lae. Faigheann sé meántuilleamh laethúil de €50.

Faigheann sé acmhainní laethúla de €18 ón obair (féach Céim 4).

€18 x 3 lá = €54

Acmhainní seachtainiúla ón obair = €54

<a id="extra info 2" name="extra info 2" shape="rect"></a>Eolas breise: Conas acmhainní seachtainiúla ón obair do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a dhéanamh amach

Chun acmhainní seachtainiúla ón obair do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a ríomh caithfear a t(h)uilleamh inmheasúnaithe a ríomh ar dtús.

Déantar na míreanna seo a leanas a asbhaint óna (h)olltuilleamh i gcónaí chun tuilleamh inmheasúnaithe a fháil:

  • ÁSPC (Ranníocaíocht)
  • Dleachtanna ceardchumainn
  • Aoisliúntas
  • CCSP (Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta)
  • Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise

Bain €20 in aghaidh an lae ó thuilleamh inmheasúnaithe do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir do gach lá oibrithe suas le huasmhéid de €60 (an Domhnach san áireamh).

Ansin faigh 60% den iarmhéid. Déantar é seo a mheasúnú mar a (h)acmhainní seachtainiúla.

Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 in aghaidh an lae (uasmhéid de 3 lá) = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.

Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:

  • Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí agus Pinsean Míchumais, Liúntas Cúram Baile, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
  • Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais ina c(h)eart féin.

Nóta: Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.

Fostaíocht Phobail: Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat agus má chuireann do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir tús le Scéim Fostaíochta Pobail (CE) in 2023, ní áireofar ar an íocaíocht uasta Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta méadú do chleithiúnaí aosaithe, ach áireofar leis líon iomlán. méadú ar an ráta do gach leanbh cáilithe. Cuirtear leath de d’acmhainní comhcheangailte san áireamh sa tástáil mhaoine.

Sampla

Is é tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe an chéile ná €150 in aghaidh na seachtaine. Oibríonn an chéile 3 lá (an Céadaoin, an Aoine agus an Domhnach).

€150 - €60 = €90 x 60% = €54

Acmhainní seachtainiúla an chéile ón obair = €54

Déantar ioncam ón obair a mheasúnú mar acmhainn agus is féidir leis sin dul i gcion ar d’íocaíocht don Liúntas Cuardaitheora Poist. Is féidir le foinsí eile ioncaim nó acmhainní dul i gcion ar do Liúntas Cuardaitheora Poist chomh maith, mar shampla, cothabháil, sochar agus pribhléid, ioncam airgid agus capiteal (coigilteas agus infheistíochtaí san áireamh). Sa bhileog oibre seo nílimid ach ag féachaint ar an chaoi ar féidir le hioncam ón obair dul i gcion ar d'íocaíocht.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Aibreán 2023