Back for Business

Cad é an clár Fillte don Ghnó?

Clár saor in aisce forbartha é Fillte don Ghnó (‘Back for Business’) a chabhraíonn le saoránaigh Éireannacha a d’fhill ar Éirinn gnólacht a fhorbairt nó a thosú. Cistíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha an Scéim tríd an gClár Tacaíochta Imirceach.

Tá Fillte don Ghnó bunaithe ar shamhail phiarthacaíochta. Seo nuair a roinneann fiontraithe atá faoi stiúir oibrithe deonacha a n-eispéireas ar ghnólacht a thosú agus a fhás in Éirinn le daoine á bhfuil gnólacht á thosú acu le gairid.

Bíonn an scéim ar siúl ar feadh 6 mhí agus baineann seisiúin idirghníomhacha leis (atá á reáchtáil ag príomhfhiontraithe) a dhíríonn ar spriocanna agus garspriocanna a bhaint amach do do ghnólacht. Is í aidhm an chláir tacú leat dul i ngleic le dúshláin a thagann aníos nuair a bhíonn do ghnólacht á thosú, á fhorbairt agus á shuíomh ar mhaithe le hinbhuanaitheacht agus borradh.

Caithfidh tú casadh le do ghrúpa agus le do phríomhfhiontraí i rith na 6 mhí. Má roghnaítear thú, bíonn súil leis go bhfreastalaíonn tú ar na himeachtaí go léir. Is féidir leat léamh faoi ghnólachtaí a chríochnaigh cláir roimhe seo agus príomhfhiontraithe reatha ar an láithreán gréasáin Fillte don Ghnó.

Mura saoránach Éireannach thú, is féidir leat léamh faoi theacht go hÉirinn le gnólacht a chur ar bun nó le hinfheistiú in Éirinn.

Cé ar féidir leis cur isteach ar Fillte don Ghnó?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh más eisimirceach Éireannach thú a chónaigh lasmuigh d’Éirinn ar feadh bliain amháin, ar a laghad, agus a d’fhill ar Éirinn le trí bliana anuas. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin má bheartaíonn tú filleadh ar Éirinn go gairid amach anseo.

Is féidir le do ghnólacht a bheith in aon earnáil agus caithfidh go mbíonn súil agat foireann a fhostú laistigh de thrí bliana. Caithfidh gur scairshealbhóir mór agus príomhchinnteoir thú i do ghnólacht.

Caithfidh ceann amháin den mhéid seo a leanas baint le do ghnólacht freisin:

  • Is gnólacht nua in Éirinn é
  • Tá ardchéim bhunaithe bainte amach aige agus tá súil agat díolacháin a dhéanamh sna chéad 12 mhí eile amach romhainn
  • Is gnólacht reatha é atá á fháil (á cheannach) agat

Más gnólacht nua nó faighte do ghnólacht, ní mór nach ndearna sé díolacháin nó nach bhfuarthas é roimh 2020.

Cé a roghnaítear do Fillte don Ghnó?

Tá líon teoranta spásanna ar an gclár Fillte don Ghnó? Cabhraíonn na príomhfhiontraithe leis na rannpháirtithe rathúla a roghnú.

Le bheith roghnaithe, caithfidh tú na critéir thuas a shásamh agus a thaispeáint go bhfuil tú ullamh páirt iomlán a ghlacadh sa scéim i gcaitheamh 6 mhí agus go bhfuil tú meáite ar do ghnólachtaí luathchéime a fhorbairt. Ní gá duit agallamh nó cur i láthair a dhéanamh go roghnófar thú.

Conas cur isteach ar Fillte don Ghnó

Tá iarratais ar an gclár reatha dúnta anois.

Más spéis leat páirt a ghlacadh sa chéad chlár eile, is féidir leat do spéis a chlárú ar láithreán gréasáin Fillte don Ghnó. Seolfar nasc chugat leis an bhfoirm iarratais ar ríomhphost.

Má bhíonn aon cheisteanna agat, nó má bhíonn aon deacracht le clárú ar líne, glaoigh ar Fillte don Ghnó ar +353 1 8450770 nó seol ríomhphost chuig info@backforbusiness.com.

Eolas breise

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Fillte don Ghnó chun teacht ar eolas breise ar an gclár. D’fhoilsigh Fillte don Ghnó bróisiúr ar an gclár (pdf) agus achoimre ar na tacaíochtaí do ghnólachtaí (pdf) atá ar fáil freisin.

Má tá tú ag smaoineamh faoi ghnólacht a bhunú nuair a fhilleann tú ar Éirinn, tá rialacháin agus riachtanais nach mór duit cloí leo. Is féidir leat eolas a léamh faoi ghnólacht a thosú agus faoi na rialacháin a bhaineann (mar shampla, maidir le cáin a íoc agus fostaithe a fhostú).

Cuireann an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta treoir ar líne maidir leis an réimse tacaíochtaí Rialtais atá ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus beaga.

Sonraí teagmhála

Fillte don Ghnó

None

Teil: + 353 1 845 0770
Láithreán Gréasáin: https://www.backforbusiness.com/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Eanáir 2023