Cé hiad na daoine ar féidir leo a bheith ina saoránaigh Éireannacha?
Who can become an Irish citizen?-Information from CitizensInformation.ie
Ag éirí i do shaoránach Éireannach
Tá saoránaigh Éireannacha ina mbaill fhoimiúla de phobal na hÉireann a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus thar lear. Cad is saóránacht Éireannach ann agus cad é do cheart ar shaoránacht Éireannach?
Saoránacht d'Éirinn ó bhreith nó ó ghinealach
Ní hé an gnáthchúrsa é gur saoránach Éireannach tú má saolaíodh in oileán na hÉireann tú. D'fhéadfá a bheith i dteideal saoránacht Éireannach dá mb'Éireannaigh iad do thuismitheoir(í) nó do sheantuismitheoirí ach d'fhéadfá an bhreith a chlárú. Faigh amach tuilleadh.
Ag éirí i do shaoránach de chuid na hÉireann trí
eadóirseacht
Séard is eadóirseacht ann bealach inár bhféidir le náisiúnach eachtrach éirí ina shaoránach de chuid na hÉireann. Faigh amach níos mó faoi cé atá i dteideal éirí ina shaoránach Éireannach trí eadóirseacht agus faoin mbealach ina gcuirtear isteach ar eadóirseacht.
Ag éirí i do shaoránach Éireannach trí phósadh nó
pháirtnéireacht sibhialta
Más náisiúnach neamh-Éireannach tú atá pósta nó i bpáirtnéireacht sibhialta le saoránach Éireannach agus má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe, b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal éirí i do shaoránach Éireannach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.