Clár na mbreitheanna coigríche

Réamhrá

Tá sinsearacht Éireannach ag na milliúin duine ar fud an domhain. Ligeann Clár na mBreitheanna Coigríche do shliocht Éireannach a d’imigh thar lear saoránacht Éireannach a éileamh. Má chláraíonn gach glúin a mbreith sula saolaítear an chéad ghlúin eile, is féidir saoránacht na hÉireann a chur ar aghaidh ó thuismitheoir go leanbh.

Míníonn an doiciméad seo conas a fheidhmíonn an clár, cé atá in ann iarratas a dhéanamh agus conas iarratas a dhéanamh.

Cé a fhéadfaidh a bheith ina saoránachÉireannach trí Chlár na mBreitheanna Coigríche?

Má rugadh tú in Éirinn agus má cháilíonn tú le bheith i do shaoránach Éireannach de bhua breithe, is saoránach Éireannach do leanbh go huathoibríoch de bhua breithe, fiú má rugadh an leanbh i dtír eile. Ní gá duit a b(h)reith a chlárú leis an gClár Breitheanna Coigríche. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach dod' pháiste. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi shaoránacht na hÉireann de bhua breithe.

Má rugadh lasmuigh d'Éirinn thú, is féidir leat a bheith i do shaoránach Éireannach má:

Má rugadh lasmuigh d'Éirinn thú, is féidir leat a bheith i do shaoránach Éireannach más rud é gur:

  • Rugadh duine de do sheantuismitheoirí in Éirinn

  • saoránach Éireannach duine de do thuismitheoirí ag tráth do bhreithe, fiú murar rugadh in Éirinn é. B'fhéidir gur éiligh do thuismitheoir saoránacht trí Chlár na mBreitheanna Coigríche iad féin, nó go raibh sé/sí ina saoránach trí eadóirsiú.

Sa dá chás seo, d’fhéadfá bheith i do shaoránach Éireannach trí do bhreith a chlárú leis an gClár Breitheanna Coigríche.

Nuair atá duine curtha ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha is saoránach Éireannach iad agus tá siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.

Conas a chláraím breith ar Chlár namBreitheanna Coigríche?

Tá roinnt céimeanna ann.

Céim 1: Sula ndéanann tú iarratas

Seiceáil go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh (féach ‘Cé a fhéadfaidh a bheith ina saoránach Éireannach trí Chlár na mBreitheanna Coigríche?' Thuas). Is féidir leat iarratas a dhéanamh duit féin, nó ar son do linbh chleithiúnaigh. Teastaíonn seoladh ríomhphoist uait chun iarratas a dhéanamh.

Céim 2: Doiciméid

Seiceáil go bhfuil na doiciméid a theastaíonn uait chun iarratas a dhéanamh agat. Teastaíonn na doiciméid seo a leanas uait (nó doiciméid do linbh má tá tú ag déanamh iarratais thar a cheann):

  • Teastas breithe sibhialta bunaidh (a thaispeánann sonraí na dtuismitheoirí)
  • Deimhniú pósta nó doiciméad athraithe ainm (más infheidhme)
  • Fótachóip dheimhnithe den aitheantas reatha eisithe ag an stát (pas, ceadúnas tiomána, cárta aitheantais náisiúnta)
  • Dhá chruthúnas seolta (ní ghlacfar le fótachóipeanna). Má tá tú ag déanamh iarratais ar son linbh, ní mór duit litir a chur isteach freisin ó scoil nó ó dhochtúir an linbh
  • Ceithre ghrianghraf (féach ‘Grianghraif’ thíos)
  • Má tá tú ag déanamh iarratais thar ceann linbh, ach nach tuismitheoir an linbh thú, ní mór duit cruthúnas ar chaomhnóireacht a chur isteach leis.

Ní mór duit doiciméid a sholáthar maidir leis an duine ar a bhfuil tú ag bunú d’iarratais. Is é seo do sheantuismitheoir nó do thuismitheoir.

I ngach cás ba chóir duit doiciméid an tsaoránaigh Éireannaigh a leanas a sheoladh:

  • Deimhniú breithe sibhialta bunaidh
  • Doiciméad bunaidh pósta nó doiciméad athraithe ainm (más infheidhme)
  • Fótachóip dheimhnithe den aitheantas stát eisithe reatha (pas, ceadúnas tiomána, cárta aitheantais náisiúnta) nó cóip dheimhnithe den teastas báis má tá sé/sí éagtha

Má tá tú ag déanamh iarratais toisc gur rugadh do sheantuismitheoir in Éirinn, ní mór duit na cáipéisí thuas a chur san áireamh dod’ thuismitheoir Éireannach.

Doiciméid eile a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil:

Má tá do thuismitheoir ina shaoránach Éireannach de bharr: Doiciméid a theastáion
Clár na mBreitheanna Coigríche Deimhniú Bunaidh Clárúcháin Breithe Eachtraí
Clár na mBreitheanna Coigríche Deimhniú Bunaidh Clárúcháin Breithe Eachtraí
Eadóirseacht Deimhniú Eadóirseachta Bunaidh
Uchtáil (i gcás tuismitheoir a rugadh thar lear) Deimhniú uchtála bunaidh agus ordú uchtála

Céim 3 - Comhlánaigh an fhoirm ar líne

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe, ní mór duit í a chur isteach go leictreonach agus cóip pháipéir a phriontáil chun í a shíniú agus a sheoladh.

Céim 4 - Íoc an táille

Íocann tú ar líne tar éis duit an fhoirm a chomhlánú. Is iad seo a leanas na táillí do chlárú breithe coigríche:

Daoine Fásta €278
Leanaí €158

Cuimsíonn an táille muirear postála agus láimhseála.

Céim 5 - D'fhoirm, do ghrianghraif agus do dhoiciméid a fhianú

Ní mór duit an chóip chlóite dod’ fhoirm iarratais a shíniú os comhair finné a bhfuil aithne phearsanta aige/aici ort. Ní mór don fhinné a bheith ina bhall de cheann de na gairmeacha atá liostaithe ar dfa.ie.

Ba chóir don fhinné seo freisin:

  • Do ghrianghraif phas a dhearbhú agus a fhíorú. Ba chóir duit 4 ghrianghraf pas a chur isteach le d'iarratas. Ní mór dhá cheann díobh seo a bheith fhíoraithe. Má tá tú ag déanamh iarratais thar ceann linbh, ní mór duit do ghrianghraif phas agus grianghraif phas an linbh a chur isteach.
  • an fhoirm a stampáil lena stampa oifigiúil. Ba chóir duit cárta gnó a sheoladh mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné.
  • a dheimhniú gur cóip dhílis í cóip d'aitheantais stáit.

Amanna próiseála iarratas

Déantar formhór na n-iarratas a phróiseáil laistigh de 6 mhí.

Is féidir le hiarratais chasta nó neamhiomlána suas le 12 mhí a thógáil chun iad a chur i gcrích. Is féidir leat amanna feithimh reatha a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Cad is féidir liom a dhéanamh mádhiúltaítear do m'iarratas?

Má dhiúltaítear do d'iarratas agus má sholáthair tú an cháipéisíocht cheart go léir, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh. Gheobhaidh tú litir ag rá leat gur diúltaíodh do d'iarratas, agus ba chóir duit litir achomhairc a scríobh laistigh de 6 seachtaine ó dháta an diúltaithe.

Is féidir leat a iarraidh freisin iontráil i gClár na mBreitheanna Coigríche a leasú nó a scriosadh. Féach ‘Tuilleadh eolais agus teagmhálacha’ thíos.

Tuilleadh eolais agusteagmhálacha

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi conas achomharc a dhéanamh nó iarratas a dhéanamh ar do shonraí a athrú nó a scriosadh ar Chlár na mBreitheanna Coigríche ar dfa.ie.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Clár na mBreitheanna Eachtrannacha

Rannóg Consalachta
80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath
Éire

Teil: +353 1-5683331
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Bealtaine 2022