Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > An próiseas tearmainn in Éirinn > Ag aistarraingt ón bpróiseas tearmainn

Print Page Send to a Friend

Ag aistarraingt ón bpróiseas tearmainn

Information

Aistarraingt ag an gcéad chéim

Má tá d'iarratas ar dhearbhú fós faoi bhreithniú ag Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe, féadann tú d’iarratas a aistarraingt trína fhógairt do Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe i scríbhinn. Ba cheart duit na fáthanna a leagan amach go soiléir go bhfuil tú ag aistarraingt d’achomhairc agus a chur in iúl go ndearna tú iarratas ar chead chun fanacht sa stát. Fógrófar don Aire Dlí agus Cirt faoi d’aistarraingt. Diúltóidh sé nó sí dearbhú a thabhairt duit agus féadann sé nó sí do bhaint den stát a eagrú mura ndearna tú iarratas air nó gur bronnadh cead chun fanacht duit sa Stát.

Aistarraingt ag céim an achomhairc

Más mian leat aistarraingt ag céim an achomhairc, ba cheart fógra d’aistarraingthe a dhéanamh i scríbhinn ar Fhoirm Aistarraingthe le seoladh Bhinse Achomhairc do Dhídeanaithe. Má dhéanann tú amhlaidh, seasfaidh bunchinneadh an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe nár chóir duit dearbhú mar theifeach a thabhairt duit.

Cuirfear ar aghaidh moladh an Choimisinéara do Dhídeanaithe chuig an Aire Dlí agus Cirt a dhiúltóidh dearbhú mar theifeach a thabhairt duit agus féadfar do dhíbirt ón stát a eagrú mura ndearna tú iarratas air agus gur bronnadh cead chun fanacht sa Stát duit.

Bíonn Foirmeacha Aistarraingthe ar fáil ó Oifigí Bhinse Achomhairc do Dhídeanaithe.

Nuair a bhítear ag comhlíonadh na Foirme Aistarraingthe, ba chóir duit na fáthanna a leagan amach go soiléir go bhfuil tú ag aistarraingt d’achomhairc agus a chur in iúl go ndearna tú iarratas ar chead chun fanacht sa stát. Ba cheart an fhoirm chomhlíonta a fhilleadh ar Bhinse Achomhairc do Dhídeanaithe. Má bhíonn dlíodóir agat, ba chóir dósan nó dise d’Fhoirm Aistarraingthe a chomhshíniú.

Iarratais a meastar a bheith Aistarraingthe

Tá roinnt cúinsí ann ina bhféadfaí d’iarratas ar stádas teifigh a mheas mar aistarraingthe de bharr mainneachtana ar do leithse chun cloí le d’oibleagáidí reachtúla; agus ina ndiúltóidh an tAire dearbhú a thabhairt duit. Is iad seo na cúinsí:

  • Mainneachtain seoladh a thabhairt don Choimisinéir laistigh de 5 lá oibre ó dhéanamh d’iarratais
  • Mainneachtain an Coimisinéir a chur ar an eolas i dtaobh athrú seolta
  • Mainneachtain teacht i láthair nuair is gá amhlaidh
  • Mainneachtain cónaí nó chun fanacht ag dúiche nó áit faoi leith sa Stát nuair is gá amhlaidh
  • Fágáil nó iarracht an Stát a fhágáil gan comhthoil an Aire
  • Mainneachtain comhoibriú leis an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe, nó chun faisnéis ar ábhartha do d’iarratas í a thabhairt
  • Mainneachtain freastal ar agallamh leis an gCoimisinéir
  • Mainneachtain comhoibriú leis an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe, nó chun faisnéis ar ábhartha do d’achomharc í a thabhairt
  • Mainneachtain freastal ar éisteacht bhéil leis an mBinse

Ní bhíonn aon achomharc ann sa chás ina meastar iarratas a bheith aistarraingthe.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig An Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe

79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:8:45-16:00 Lu-hAo
Teil:+353 (0)1 602 8000
Facs:+353 (0)1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.orac.ie/
R-phost: oracmail@orac.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 December 2008

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.