Clár iontrála na hAfganastáine

Cad é Clár Iontrála na nAfganastánach?

Is féidir le náisiúnaigh na hAfganastáine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn iarratas chun a gclann a thabhairt chun cónaí anseo mar chuid de scéim nua. Tugtar Clár Iontrála na nAfganastánach ar an scéim.

Ní móra bheith i do chónaí in Éirinn ó roimh an 1 Meán Fómhair 2021.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun suas le 4 bhall teaghlaigh a thabhairt chun cónaí leat. Caithfidh na baill teaghlaigh a bheith ina gcónaí san Afganastáin nó ag teitheadh i dtír chomharsanach ón 1 Lúnasa 2021.

Tá uasmhéid 500 áit ar an gClár.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh idir an 16 Nollaig 2021 agus an 24 Feabhra 2022.

Nóta: Foilseoidh Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) ‘ceisteanna coitianta’ faoin gClár faoin 31 Nollaig 2021. Ba cheart duit fanacht go dtí go mbeidh an leathanach ‘ceisteanna coitianta’ léite agat sula gcomhlánaíonn tú an t-iarratas.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le daoine ón Afganastáin a bhfuil cónaí orthu in Éirinn iarratas a dhéanamh chun a gclann atá san Afganastáin, nó i dtíortha comharsanachta áirithe, a thabhairt chun cónaí in Éirinn leo.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh:

  • Más ón Afganastáin tú. Is féidir leat iarratas a dhéanamh fós más saoránach Éireannach thú.
  • Má tá tú i do chónaí go dleathach in Éirinn ón 1 Meán Fómhair 2021.
  • Más sealbhóir cead inimirce tú a bhfuil ar a laghad 12 mhí fágtha agat, agus/nó ar cead inimirce é is féidir a athnuachan.
  • Más duine de dhea-charachtar tú gan aon chiontuithe coiriúla.

Caithfidh tú a bheith in ann tacaíocht a thabhairt don bhall teaghlaigh go dtí go mbeidh siad in ann iad féin a chothú. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú a bheith in ann íoc as a gcuid taistil go hÉirinn agus cóiríocht a dhéanamh orthu go dtí go bhfaighidh siad áit chónaithe dóibh féin.

Cé hiad na baill teaghlaigh atá incháilithe?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar 4 bhall teaghlaigh ar a mhéad. Ní mór do bhaill teaghlaigh a bheith ina náisiúnaigh de chuid na hAfganastáine, agus ní mór go bhfuil cónaí orthu san Afganastáin, nó gur theith siad go ceann de na tíortha seo a leanas ón 1 Lúnasa 2021:

  • An Iaráin
  • An Phacastáin
  • An Tuircméanastáin
  • An Úisbéiceastáin
  • An Táidsíceastáin

Caithfidh siad a bheith ina ndlúthbhaill de do theaghlach (féach thíos). Ní mór a sábháilteacht agus a saoirse a bheith i mbaol mar gheall ar na hathruithe a tharla le déanaí san Afganastáin. Ba chóir go mbeadh dea-charachtar acu agus gan aon chiontuithe coiriúla. Ní ceadmhach dóibh a bheith bainteach (anois nó san am a chuaigh thart) le heagraíochtaí nó le gníomhaíochtaí de chineál coiriúla nó sceimhlitheoireachta.

Má deonaíodh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí duit in Éirinn, ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhaill teaghlaigh a cháillíonn le haghaidh athaontú teaghlaigh.

Cineálacha baill teaghlaigh

Seo liosta de na baill teaghlaigh ar féidir leat iarratas a dhéanamh ina leith:

  • Do chéile (fear céile nó bean chéile)
  • Do pháirtí sibhialta
  • Do pháirtí (duine a bhfuil tú i gcaidreamh leis atá cosúil le pósadh, ach nach bhfuil tú pósta go dlíthiúil leo i ndáiríre)
  • Do leanbh fásta (18 agus níos sine), má tá siad neamhphósta agus nach bhfuil aon chleithiúnaí acu
  • Do leanbh (faoi 18), mura bhfuil siad pósta agus nach bhfuil aon chleithiúnaí acu
  • Gaol atá ina leanbh (faoi 18) agus nach bhfuil aon tuismitheoirí acu, a bhfuil tú freagrach astu
  • Do thuismitheoir
  • Do sheantuismitheoir
  • Dlúthbhall teaghlaigh aosaithe soghonta nach bhfuil céile, páirtí, nó dlúthdhuine teaghlaigh eile acu chun tacú leo.

Áirítear le daoine leochaileacha daoine scothaosta, leanaí, mná singil agus cailíní, mná singil le leanaí, daoine faoi mhíchumas, agus daoine atá i mbaol mar gheall ar an obair a rinne siad.

Tosaíocht

Tá 500 áit ar fáil ar an gClár. Má tá líon na mball teaghlaigh incháilithe níos mó ná 500, tabharfar tosaíocht do bhaill teaghlaigh bunaithe ar:

  • An baol atá ann dóibh
  • Cé chomh leochaileach atá siad
  • Má tá méadú tagtha ar an mbaol don duine ó tháinig an Talaban i gcumhacht

Conas Iarratas a Dhéanamh

Nóta: Foilseoidh Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) ‘ceisteanna coitianta’ faoin gClár faoin 31 Nollaig 2021. Ba cheart duit fanacht go dtí go mbeidh an leathanach ‘ceisteanna coitianta’ léite agat sula gcomhlánaíonn tú an t-iarratas.

Caithfidh tú an fhoirm iarratais (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh ar an gClár. Is féidir leat an fhoirm a chomhlánú ar líne agus ansin í a phriontáil agus a shíniú. Nó is féidir leat í a phriontáil agus an fhoirm a chomhlánú isteach de láimh. Ní gá duit ach foirm iarratais amháin a chomhlánú le haghaidh na mball teaghlaigh ar fad a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith (ceadaítear suas le 4 san iomlán).

Ba cheart duit an fhoirm iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig AAP@justice.ie. Mura féidir leat é a sheoladh le ríomhphost, is féidir leat é a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig an seoladh in 'Tuilleadh eolais agus teagmhálaithe' thíos.

Níl aon táille iarratais.

Is féidir leat cabhair a fháil chun an fhoirm seo a chomhlánú ag d'Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil.

Ní mór d’iarratas a bheith faighte faoi 5pm (17:00) an 24 Feabhra 2022. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Doiciméid

Ní mór duit doiciméid a sheoladh le d’iarratas chun na nithe seo a leanas a chruthú:

  • D’aitheantas Féin
  • Gur as an Afganastáin tú
  • Go bhfuil cead inimirce agat in Éirinn
  • Aitheantais na mball teaghlaigh a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith
  • An caidreamh teaghlaigh (mar shampla, teastais breithe)
  • Go bhfuil go leor airgid agat chun tacú le do theaghlach tar éis dóibh teacht
  • Gur féidir leat freastal ar do theaghlach tar éis dóibh teacht

D’fhéadfaí d’iarratas a dhiúltú mura gcuireann tú na doiciméid riachtanacha san áireamh, nó mura gcomhlánaíonn tú an fhoirm iarratais go hiomlán.

Tá liosta iomlán na ndoiciméad atá uait, agus treoir mhionsonraithe ar an bhfoirm iarratais sa Treoir um Chlár Iontrála na nAfganastánach (pdf).

Cinntí maidir le d’iarratas

Gheobhaidh tú litir ag insint duit toradh d’iarratais. Má fhaigheann tú cinneadh dearfach, caithfidh do bhall teaghlaigh ansin iarratas a dhéanamh ar víosa chun teacht go hÉirinn. Beidh tuilleadh sonraí sa litir faoi cad atá le déanamh ina dhiaidh sin.

Má tá an cinneadh diúltach, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh. Beidh tuilleadh sonraí faoin bpróiseas achomharc ar fáil níos déanaí.

Tar éis do do theaghlach teacht

Nuair a bheidh do theaghlach anseo, caithfidh gach ball den teaghlach atá 16 bliana d’aois agus níos sine clárú agus Cead Cónaithe in Éirinn a fháil. Gheobhaidh siad cead Stampa 4. Ciallaíonn sé seo gur féidir leo oibriú gan cheadúnas fostaíochta. Beidh cearta comhchosúla acu in Éirinn freisin maidir le rochtain ar chúram sláinte agus oideachas agus atá ag saoránaigh na hÉireann.

Tuilleadh eolais agus teagmhálacha

Tá eolas níos mionsonraithe faoin scéim ar fáil sa Treoir um Chlár Iontrála na nAfganastánach (pdf). Tá faisnéis agus nuashonruithe ginearálta ar fáil ar láithreán gréasáin Seachadadh Seirbhíse Inimirce.

Is féidir leat ceisteanna sonracha a sheoladh ar ríomhphost chuig aap@justice.ie.

An Roinn Dlí and Cirt agus Comhionannais,

AAP Applications
13 - 14 Burgh Quay
Dublin 2

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Feabhra 2022