Ag dul ar scor in Éirinn

Réamhrá

Má tá sé beartaithe agat dul ar scor go hÉirinn, is féidir leis an leathanach seo cabhrú leat le cuid de na céimeanna praiticiúla atá i gceist.

Más saoránach Éireannach tú, is féidir leat léamh faoi fhilleadh ar Éirinn chun dul ar scor.

An bhfuil sé de cheart agam bogadh go hÉirinn?

Níl an ceart ag gach duine teacht chun cónaí in Éirinn. Braitheann do cheart chun cónaí anseo ar do náisiúntacht agus ar do chás ar leith.

Náisiúnaigh ar féidir leo dul isteach in Éirinn agus cónaí inti gan srianta ar bith

Is féidir le saoránaigh Éireannacha agus saoránaigh na RA teacht isteach go hÉirinn agus cónaí anseo gan aon choinníollacha. Ach má tá teaghlach agat ar saoránaigh de thíortha eile iad agus gur mhaith leat a bheith páirteach anseo, b’fhéidir go mbeidh ort a thaispeáint gur féidir leo tacú leo féin nó gur féidir leat tacú leo.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi Cearta cónaithe shaoránaigh na RA agus Ag dul ar scor in Éirinn mar eisimirceach Éireannach atá ag filleadh.

Náisiúnaigh ar féidir leo teacht isteach go hÉirinn gan bhac, ach ní mór dóibh coinníollacha a shásamh chun cónaí anseo.

I bhformhór na gcásanna, is féidir le LEE (lena n-áirítear an AE agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtenstein) agus náisiúnaigh na hEilvéise agus a dteaghlaigh teacht isteach go hÉirinn agus fanacht ar feadh suas le 3 mhí gan srian.

Má tá tú ar scor agus go mbeartaíonn tú fanacht níos faide ná 3 mhí, ní mór go mbeadh dóthain acmhainní agus árachas breoiteachta agat chun a chinntiú nach mbeidh tú i d’ualach ar Stát na hÉireann, nó caithfidh tú a bheith fostaithe nó féinfhostaithe.

Ní gá do náisiúnaigh LEE agus Eilvéiseacha iarratas foirmiúil a dhéanamh chun cónaí in Éirinn, ach má tá teaghlach agat nach saoránaigh den LEE nó den Eilvéis iad, beidh orthu iarratas a dhéanamh ar áit chónaithe.

Tá faisnéis ag Seachadadh Seirbhíse Inimirce do shaoránaigh neamh-LEE atá ag dul ar scor go hÉirinn.

Náisiúnaigh a dteastaíonn cead uathu teacht isteach agus cónaí in Éirinn

Ní mór do shaoránaigh ó thíortha áirithe neamh-LEE iarratas a dhéanamh ar víosa iontrála sula dtaistealaíonn siad go hÉirinn. Is féidir leat a fháil amach an bhfuil víosa ag teastáil uait chun teacht isteach in Éirinn. Más mian leat teacht go hÉirinn chun cónaí, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar víosa fadfhanachta (víosa chatagóir D). Caithfidh tú a thaispeáint go bhfuil go leor airgid agat chun tú féin a chothú in Éirinn.

Nuair a thagann tú go hÉirinn, caithfidh tú cur isteach ar chead inimirce Stampa 0. Is féidir an cead seo a thabhairt do dhaoine a bhfuil:

  • Ioncam de €50,000 ar a laghad in aghaidh na bliana (Más cuid de lánúin tú, ba cheart go mbeadh do chomhioncam cothrom le €100,000 in aghaidh na bliana).
  • Teacht ar chnapshuim airgid chun aon chostais tobanna a chlúdach. Ba cheart go gclúdódh an chnapshuim seo costas tí nó árasáin in Éirinn.

Má tá tú ag teacht le chéile le do leanbh nó leanaí in Éirinn agus tá sé beartaithe acu tacaíocht a thabhairt duit, is féidir leat léamh faoin méid ioncaim ba chóir a bheith ag do leanbh nó ag do leanaí(pdf) i gcaibidil 18 de Dhoiciméad Beartais Athaontaithe Teaghlaigh Ranóg Sheirbhísí Inimirce na hÉireann.

Cad is gá a bheith ar eolas agam sula rachaidh mé ar scor go hÉirinn?

Más saoránach Éireannach thú, léigh faisnéis maidir le filleadh ar Éirinn chun dul ar scor.

Tithíocht

Seans go bhfeicfeá go bhfuil tithíocht costasach in Éirinn. Más mian leat teach a cheannach in Éirinn ní mór duit a bheith ar an eolas faoi na praghasanna, an próiseas trína gceannaítear agus a ndíoltar tithe agus na costais tosaigh a bhaineann leis. Níl aon srianta ar cheanach nó cíos maoine cónaithe nó talún. Is iomaí cineál cóireachta atá ar cíos lena n-áiritear tithe agus árasáin.

Seirbhísí sláinte

Má tá gnáthchónaí ort in Éirinn, tá tú i dteideal raon seirbhísí sláinte atá saor in aisce nó fóirdheontas ó Rialtas na hÉireann. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi entitlement to public health services. Ag brath ar d'ioncam, d'fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh cárta leighis a thugann teideal duit do sheirbhísí sláinte áirithe gan aon chostas. Tugann Cártaí Cuairte GP teideal duit Cuairteanna Dochtúra Teaghlaigh saor in aisce.

Chomh maith leis an gcóras sláinte poiblí, is féidir le daoine in Éirinn leas a bhaint as réimse seirbhísí cúraim sláinte príobháideacha. Ní mór duit na costais iomlána cóireála a íoc má roghnaíonn tú cúram sláinte príobháideach. Tá roinnt cuideachtaí árachais sláinte príobháideacha in Éirinn. Má tá gnáthchónaí ort in Éirinn, tá tú i dteideal na sochar céanna ó d’árachas sláinte príobháideach agus atá ag saoránach Éireannach ar bith eile.

Teidlíochtaí leasa shóisialaigh

Má tá tú ag smaoineamh ar theacht anseo le dul ar scor, is féidir leat léamh faoin gcóras leasa shóisialaigh in Éirinn. Is féidir leat léamh freisin faoi

Pinsin

Is féidir an chuid is mó de phinsin ranníocha fadtéarmacha ar nós pinsin seanaoise nó baintreacha a íoc in aon tír ionas gur féidir leat do phinsean ó thír eile a fháil íoctha in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi phinsin in Éirinn.

Má d’oibrigh tú i níos mó ná tír LEE amháin nó i dtír a bhfuil Comhaontú Slándála Sóisialta Déthaobhach ag Éirinn léi is féidir do thréimhsí árachais a chomhcheangal le hárachas Éireannach féachaint an gcáileofá do phinsean ó gach tír. Má tá pinsean á fháil agat faoi Rialacháin an AE nó faoi Chomhaontú Déthaobhach, d'fhéadfá a bheith incháilithe don Phacáiste Sochair Teaghlaigh.

Cánachas

Is féidir leat léamh faoi chónaitheacht chun críocha cánach. Is féidir leat a fháil amach faoi:

Ag obair ar scor

D'fhéadfadh go mbeadh roinnt daoine ar scor tar éis scor ó aon ghairm amháin. Mar sin b'fhéidir go mbeadh athrú slí bheatha mar thoradh ar scor ón obair. Níl ceart uathoibríoch ag gach duine oibriú in Éirinn - mar sin déan seiceáil roimh ré an bhfuil cead oibre uait in Éirinn.

Níl uasteorainn aoise ag formhór na reachtaíochta a bhaineann le cosaint foastaithe in Éirinn. Ciallaíonnn sé seo má tá tú ag obair ar scor, go bhfuil na cearta fostaíochta céanna agat agus atá ag gach duine eile. Má shocraíonn tú oibriú go páirtaimseartha, féadfaidh tú eolas a fháil ar chearta fostaíochta oibrithe páirtaimseartha.

Tiomáint, gluaisteáin agus iompar

Aithnítear ceadúnais tiomána iomlána ó bhallstáit eile an AE (agus roinnt tíortha eile) le húsáid in Éirinn. Seans go mbeidh tú in ann do cheadúnas tiomána a thiontú go ceadúnas Éireannach. Más mian leat do charr a thabhairt go hÉirinn ní mór duit a bheith eolach ar ghluaisteán a impórtáil agus na himpleachtaí do Cháin Chláraithe Feithicle (CCF).

Má tá tú os cionn 66 bliain d'aois agus atá ina gcónaí go buan sa Stát go dleathach tá tú i dteideal saorthaisteal ar iompar poiblí bus agus iarnróid.

Tuilleadh faisnéise

Tá rialacháin dhian ann maidir le peataí a impórtáil ó thar lear agus tá rialacháin chustaim ann maidir le hallmhairiú earraí toirmiscthe nó srianta.

Tá sé de cheart ag saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí in Éirinn vótáil i ngach toghchán agus reifrean. Má tá cónaí ort in Éirinn ach nach saoránach Éireannach tú féadfaidh tú vótáil i roinnt toghchán. Is féidir leat léamh faoin gcóras polaitiúil ar an leibhéal náisiúnta agus faoin gcóras polaitiúil ag an leibhéal áitiúil.

Cuireann raon eagraíochtaí gníomhaíochtaí oideachais agus fóillíochta chun cinn do dhaoine ar scor.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Samhain 2023