Ag bogadh thar lear as Éirinn

Sula bhfágann tú

Cibé an bhfuil sé ar intinn agat am a chaitheamh ag taisteal thar lear nó ag bogadh go tír eile chun obair a dhéanamh, cuir tús leis an gcomhairle taistil is déanaí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (DFA). Áirítear leis seo faisnéis ar rudaí ar cheart duit a bheith ar eolas agat sula dtéann tú ar aghaidh, mar shampla:

Is féidir leat freisin ár leideanna ginearálta maidir le taisteal thar lear a léamh le haghaidh tuilleadh faisnéise ar cad is gá duit a dhéanamh sula bhfágann tú. Mar shampla, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach mura bhfuil ceann agat cheana féin.

Más féidir labhair le daoine a bhfuil aithne agat orthu a bhfuil cónaí orthu nó a raibh cónaí orthu roimhe seo sa tír a bhfuil tú ag bogadh chuici agus faigh amach cén sort saol atá ann. Tá leideanna níos úsáidí ag Corsscare Migrant Project ar cad ba cheart a mheas sula bhfágann tú Éireann.

Ag tabhairt aire do do shláinte

Má tá tú ag dul go dtí an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis chun taisteal nó cuardach oibre ba cheart duit an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil.

Má tá tú ag taisteal lasmuigh den LEE, déan cinnte go bhfaighidh tú árachas saoire nó sláinte ar leith sula dtéann tú ag taisteal. Seiceáil freisin an gá duit vacsaínithe a fháil.

Léigh tuilleadh faoi cheisteanna sláinte agus tú ag taisteal thar lear.

Ag tiomáint thar lear

Cinntigh go bhfuil do cheadúnas tiomána cothrom le dáta sula bhfágann tú Éire.

Is féidir leat tiomáint ar do cheadúnas tiomána Éireannach in aon tír sa AE, fad is atá do cheadúnas reatha agus bailí. Ní mór duit a bheith os cionn 18 freisin, seachas san Ostair, san Ungáir agus sa RA áit ar féidir leat a bheith 17 mbliana d'aois.

Chun tiomáint i dtíortha eile, b'fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána idirnáisiúnta (CTI) sula mbogann tú thar lear.

I roinnt tíortha, b'fhéidir go mbeifeá in ann do cheadúnas tiomána Éireannach a mhalartú ar cheadúas tiomána a eisítear sa tír sin.

Ní féidir leat tiomáint ar do cheadúnas foghlaimeora Éireannach lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.

Doiciméid thábhachtacha agus tacaíocht chonsalachta

Chomh maith le do phas, tabhair leat doiciméid úsáideacha eile, lena n-áirítear:

  • Do theastas breithe
  • Do cheadúnas tiomána agus/nó do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta
  • Do chárta mac léinn
  • Aon víosaí nó ceadanna oibre a d'fhéadfadh a bheith uait
  • Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agus/nó doiciméid eile a bhaineann le hárachas sláinte
  • Do Curriculum Vitae
  • Aon teastais ábhartha ó chúrsaí oideachais nó oiliúna atá críochnaithe agat
  • Teistiméireacht don obair
  • Faisnéis teagmhala éigeandála
  • Ainmneacha teagmhála agus uimhreacha do theaghlach/cairde/neasghaol in Éirinn

Is féidir leat do shonraí a chlárú leis an DFA freisin. Ligfidh sé seo don DFA teagmháil a dhéanamh leat i gcás géarchéime gan choinne (amhail tubaiste nádúrtha nó corráil shibhialta), nó éigeandáil teaghlaigh. Soláthraíonn an DFA tacaíochtaí taidhleoireachta freisin d'Éireannaigh thar lear. Cuardaigh sonraí teagmhála ambasáid nó cosúlacht áitiúil na hÉireann sa tír ina bhfuil tú ag dul ag www.dfa.ie/embassies.

Ag obair thar lear

Cibé an bhfuil sé beartaithe agat oibriú laistigh den Aontas Eorpach (AE) nó oibriú i dtír lasmuigh den AE, is féidir go mbeadh sé ina chuidiú obair a chuardach sula bhfágann tú.

Is féidir leat eolas a fháil faoi obair agus scor san AE ar europa.eu. Tá faisnéis ann ar raon ábhar lena n-áirítear foirmiúlachtaí cónaithe agus taisteal. Má tá sé beartaithe agat oibriú san AE ba cheart duit seiceáil freisin le d'oifig seirbhísí fostaíochta áitiúil nó ionad Intreo. Tá clár fógraí EURESag gach oifig a fhógraíónn folúntais ó raon de thíortha Eorpacha.

Is féidir leat léamh faoi laethanta saoire oibre thar lear.

Obair dheonach

Más spéis leat oibriú mar oibrí deonach i dtír eile, is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh faoi dheiseanna deonacha thar lear ó Chomhlámh agus ó Oibrithe Deonacha na hÉireann.

Leas sóisialta

Má fhágann tú Éireann chun cónaí nó oibriú i dtír eile nó má tá tú ag filleadh ar do thír féin tar éis oibriú in Éirinn d'fhéadfá a bheith i dteideal sochair leasa shóisialaigh a fháil sa tír a bhfuil tú ag bogadh.

Is féidir leat faisnéis a fháil faoi shocruithe slándála sóisialta idir Éire agus tíortha eile.

Má fhágann tú d'fhostaíocht le bheith ag obair mar oibrí deonach forbartha d'fhéadfá a bheith i dteideal ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh crediúnaithe.

Ag socrú isteach

Nuair a shroiceann tú do cheann scríbe, b'fhéidir go bhfaighidh tú amach go bhfuil go leor de na dearcthaí agus de na cleachtais a glacann tú go talamh slán agus a cheapann tú mar "gnáth" ar leith i gcultúr na hÉireann. Féadfaidh sé roinnt ama a ghlacadh chun socrú isteach i slí mhaireachtála ua, mar sin tabhair am duit féin chun dul i dtaithí.

Tá eagraíochtaí Éireannacha, grúpaí spóirt agus pobail ar fud an domhain ar féidir leo cabhrú leat fanacht i dteagmháil le hÉirinn agus cabhrú leat bualadh le hÉireannaigh thar lear. Tá breis is 1,000 grúpa Éireannach ar fud an domhain liostaithe in Eolaire Domhanda Éireannach an DFA.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Deireadh Fómhair 2023