Seirbhísí agus teidlíochtaí leighis d'iarrthóirí tearmann

Cártaí leighis

Is féidir le d’ionad sláinte áitiúil nó an Oifig Sláinte Áitiúil cabhrú leat teacht ar dhochtúir ginearálta (DG) agus foirm iarratais ar chárta leighis a thabhairt duit.

Tugann an cárta leighis teacht ar fáil duit agus ar do theaghlach ar sheirbhísí leighis saor in aisce. Mura gcuireann tú isteach ar chárta leighis agus mura bhfaigheann tú cárta leighis, iarrfar ort íoc as seirbhísí áirithe leighis. Áirítear le Scéim an Chárta Leighis na seirbhísí saor in aisce nó ar ísealchostas seo thíos:

  • Seirbhísí Dochtúra Ghinearálta (dochtúir áitiúil)
  • Seirbhísí ospidéil d’othair chónaitheacha agus d’othair sheachtracha (mar othar poiblí)
  • Cógais oidis (bíonn roinnt eisceachtaí i gceist)
  • Seirbhísí sláinte ban
  • Seirbhísí síceolaíocha do dhaoine ar chuir céasadh, éigniú nó eispéiris chriticiúla eile saoil tráma orthu
  • Tástálacha radhairc agus spéaclaí
  • Tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta
  • Cóireáil fiaclóireachta do dhaoine fásta
  • Má atreoraítear do leanbh i ndiaidh scrúduithe dochtúra scoile, cóireáil fiaclóireachta do leanaí.

Seirbhísí sláinte saor in aisce

Bíonn roinnt seirbhísí sláinte saor in aisce fiú mura bhfuil cárta leighis agat.

Mar shampla, tá gach seirbhís máithreachais agus seirbhís imdhíonta saor in aisce. Cuirfidh d’ionad sláinte áitiúil nó d’Oifig Sláinte Áitiúil comhairle ort faoi theacht a bheith agat ar na seirbhísí seo i do cheantar.

B’fhéidir go mbeidh liostaí feithimh ag Oifig Sláinte Áitiúil leis na seirbhísí seo agus b’fhéidir go mbeidh orthu tús áite a thabhairt ar bhunús riachtanas leighis.

Má tá tú torrach nó má tá leanaí óga agat, is féidir le do DG thú a atreorú chuig an Altra Sláinte Poiblí áitiúil nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís go díreach tú féin trí d’ionad sláinte áitiúil nó d’Oifig Sláinte Áitiúil.

Scagthástáil leighis

Bíonn seirbhís scagthástála leighis saor in aisce ar fáil do gach iarrthóir tearmainn.

Bíonn an tseirbhís seo go hiomlán rúnda agus neamhspleách ar d'iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (stádais dhídeanaí nó cosaint choimhdeach).

Áirítear leis an tseirbhís scagthástáil ar ghalair thógálacha cosúil le hEitinn, Heipitíteas B, Heipitíteas C agus SEIF agus do riachtanais vacsaínithe agus riachtanais do theaghlaigh a sheiceáil.

Soláthrófar aon chóireáil leighis leantach, má theastaíonn sí uait, duit agus do do theaghlach saor in aisce faoi scéim an chárta leighis.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Samhain 2022