Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Creidmheasanna agus faoiseamh do dhaoine míchumasaithe > Cistí Iontaobhais do dhaoine faoi mhíchumas buan

Print Page Send to a Friend

Cistí Iontaobhais do dhaoine faoi mhíchumas buan

Eolas

Is féidir cistí iontaobhais a bhunú in Éirinn ón airgead a bhailítear ón bpobal ar mhaithe leo siúd atá faoi mhíchumas buan agus iomlán. (Ciallaíonn "míchumas buan" nach mbeidh dílseánach an chiste go buan in ann é/í féin a chothabháil de bharr éasláinte fisiciúil nó intinne. D'fhéadfadh sé seo a bheith amhlaidh de bharr timpiste, galair, éasláinte a fhaigheann níos measa de réir a chéile, & rl).

Faoi Mhír 12 den Acht Airgeadais 1999, tá soláthar déanta le cinntiú go bhféadfadh cistí iontaobhais faoi leith a bhunaítear ar mhaithe leis an duine seo a bheith saor ó cháin.

In amanna tar éis timpiste, tinnis, & rl ritheann teaghlach, cairde nó comhleacaithe an té atá faoi mhíchumas nó a bhfuil míchumas tagtha air/uirthi imeachtaí ar mhaithe le hairgead a bhailiú dó/dí. Is féidir an t-airgead a bhailítear ansin a choinneáil in iontaobhas don té atá faoi mhíchumas buan agus a úsáid ar a s(h)on ar feadh a s(h)aoil. Mar shampla, d'fhéadfaí an t-airgead a úsáid le n-íoc as cóir leighis, saoire, trealamh cúnta speisialta, cúramaí don duine, & rl.

Cistí iontaobhais

Is féidir iontaobhas a chur i bhfeidhm faoin dlí (comhaontú) agus bunaítear é idir iontaobhais an chiste agus an dílseánach nó dílseánaigh. Is iad na hiontaobhaithe riarthóirí (nó caomhnóirí) an chiste agus tá sé mar dhualgas orthu sócmhainní an iontaobhais a choinneáil agus a oibriú ar mhaithe leis an dílseánaigh. Is é/í an dílseánach (nó dílseánaigh) an duine atá faoi mhíchumas buan a bhaineann leas as an airgead a bailíodh ar a s(h)on. Ní féidir le hiontaobhaithe aon cheangal a bheith acu leis an dílseánach. (I bhfocail eile ní féidir le baill teaghlaigh agus céilí an dílseánaigh a bheith ina n-iontaobhaithe. Ní mór dóibh a bheith neamhspléach agus oibiachtúil maidir le haon chinneadh atá le tógáil faoi oibriú an iontaobhais le cinntiú go bhfuil gach gníomh a dhéantar chun sochair an dílseánaigh).

Rialacha

Íocaíochtaí on bpobal

Go ginearálta is ionann airgead a bhailítear ón bpobal agus airgead a bhailítear ó achainí phoiblí, imeacht carthanach, & rl. Ar mhaithe le díolúintí cánacha a fháil, ní mór an t-iontaobhas a bhunú faoi choinníollacha faoi leith mar seo a leanas:

  • Ní mór don iontaobhas a bheith rite ar mhaithe leis an duine/daoine ainmnithe ar feadh a s(h)aoil. Ní mór do na daoine a bheith go hiomlán agus go buan faoi mhíchumas. I bhfocail eile, ní mór go mbeadh éasláinte fhisiciúil nó intinne ar an duine a fhágann nach féidir leis/léi é/í féin a chothú.
  • Ní féidir le hiontaobhaithe aon cheangal a bheith acu leis an duine atá faoi mhíchumas buan
  • Ní mór airgead an iontaobhais a bhailiú ó íocaíochtaí poiblí. Mar sin ní mór achainí phoiblí a dhéanamh ag tabhairt cuireadh do dhaoine airgead a thabhairt. Má thagann níos mó ná €381,000 isteach, ní féidir le duine amháin aonair níos mó ná 30% den iomlán a thabhairt.
  • Coinníonn na hiontaobhaithe in iontaobhas don duine atá i gceist airgead a bhainfear úsáid as ar mhaithe leis na daoine ainmnithe agus i gcás bás an dílseánaigh, tabharfar aon airgead fágtha san iontaobhas do chás carthanach eile nó tabharfar d'iontaobhaithe eile údaráis carthanach é.
  • Má tá díolúine ó cháin le bheith ag an duine ní mór gurb é airgead an iontaobhais an t-aon nó an phríomhfhoinse ioncaim atá aige/aici. Ní chuirtear ioncam ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh san áireamh nuair atá cinneadh dhá dhéanamh an é an t-iontaobhas an phríomhfhoinse ioncaim.

Díolúintí Cánacha

Tugann cistí iontaobhais a bhunaítear ar mhaithe le duine/daoine faoi mhíchumas buan deis do na hiontaobhaithe agus don duine/daoine faoi mhíchumas leas a bhaint as díolúintí faoi leith cánacha. Is é seo a leanas achoimre ar na díolúintí cánacha sin:

  • Bíonn díolúine ó cháin ag iontaobhaithe iontaobhais cháilithe maidir le haon ioncam a fhaigheann siad ó infheistíocht chistí an iontaobhais.
  • Is féidir leis na hiontaobhaithe aon Cháin Choinneála ar Ús Cuntas Taisce (CCÚCT) a d'íoc siad ar nó i ndiaidh an 6 Aibreán 1997 a aiséileamh.
  • Ní íocann an té atá faoi mhíchumas aon cháin ar íocaíochtaí a dhéanann na hiontaobhaithe leis/léi nó ar a s(h)on. Tá an duine féin saor ó cháin a íoc ar aon ioncam a éiríonn as infheistíocht íocaíochtaí.

Iarratas a dhéanamh ar díolúine chánach

Ní mór don duine nó daoine faoi mhíchumas agus na hiontaobhaithe a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil ioncam dhá fháil acu ón iontaobhas ar a dtuairisceán bliantúil cánach. Nuair a dhéantar éileamh don chéad uair ar díolúine chánach teastaíonn na cáipéisí seo a leanas:

  • Teastas leighis a dhéanann cur síos ar mhíchumas an duine,
  • Cóip den ghníomhas iontaobhais,
  • Dearbhú ó na hiontaobhaithe a dheimhníonn go bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí poiblí dhá shásamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Baineann impleachtaí casta dlíthiúla le ciste iontaobhais a bhunú. Tá sé tábhachtach mar sin comhairle a fháil ó dhuine proifisiúnta cáilithe dlí (mar shampla, aturnae). Chomh maith leis sin, tá sé an-tábhachtach na himpleachtaí cánacha a phlé le cuntasóir agus leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Is féidir faoiseamh cánach a fháil freisin ar íocaíochtaí a dhéantar le daoine atá faoi mhíchumas, tríd gníomhas cúnaint. Is féidir tuilleadh a léamh anseo maidir le gníomhais chúnaint. Is féidir faoiseamh cánach ar íocaíochtaí a dhéantar le daoine faoi mhíchumas a fháil freisin tríd ioncam infheistíochta ó chúiteamh ar ghortú pearsanta. (pdf)Léigh tuilleadh anseo maidir le hÍocaíochtaí Cúitimh ar Ghortú Pearsanta agus faoiseamh cánach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cáin Fháltais Caipitiúil
    Má fhaigheann tú bronntanas, b'fhéidir go mbeidh Cáin Bhronntanais le n-íoc agat air. Má fhaigheann tú oidhreacht tar éis báis, b'fhéidir go mbeidh Cáin Oidhreachta le gearradh air. Is cineálacha Cánach Fháltais Caipitiúil iad an dá cháin seo.
  • Budget 2011
    Budget 2011 was announced on 7 December 2010. Summary of the main changes.
  • Cáin Choinneála ar Ús Taisce
    Má thuilleann tú ús ar choigilteas b'fhéidir go mbeidh ort cáin a íoc ar an ús sin ar a dtugtar Cáin Choinneála ar Ús Taisce.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.