Má tá laigí áirithe radhairc ort is féidir leat laghdú a éileamh sa mhéid cánach a bhfuil ort a íoc.
Faoi chóras cánach na hÉireann, is féidir méid na cánach a íocann tú leis na Coimisinéirí Ioncaim a laghdú trí chóras creidmheasanna agus faoiseamh cánach. Is féidir leat a léamh faoi conas a ríomhtar do cháin le míniúchán a fháil faoin dóigh a n-oibríonn siad.
Má tá aon lagú radhairc ort is féidir leat Creidmheas Cánach an Duine Daill a éileamh. Má tá madra treorach agat is féidir leat iarratas a dhéanamh le haghaidh Liúntas Madra Treorach. Lena chois sin, tá aisíocaíochtaí ar fáil don Cháin BhreisLuacha a íoctar ar roinnt áiseanna agus fearais.
Is é Creidmheas Cánach an Duine Daill do 2012 ná €1,650. Do lánúin phósta (má tá an bheirt chéilí dall), is é €3,300 an creidmheas do 2012.
Ní féidir le tuismitheoirí creidmheas cánach duine daill a éileamh maidir le haon leanaí atá dall ach is féidir leis na tuismitheoirí Creidhmeas Cánach Linbh faoi Éagumas a éileamh.
Chun iarratas a dhéanamh ar Chreidmheas Cánach an Duine Daill, caithfidh tú teastas a bheith agat ó mháinlia oftalmach (lia a dhéanann máinliacht súl). Caithfidh go ndeir an teastas:
Ba chóir don teastas a eisíonn do mháinlia oftalmach a rá an bhfuil an lagú radhairc buan, nó sealadach. Má tá sé sealadach, beidh teastas de dhíth ort do gach bliain a n-éilítear creidmheas di. Mura bhfuil, beidh an creidmheas cánach i bhfeidhm gan teorainn ama.
Tá liúntas breise ar fáil má tá madra treorach oilte agatsa, nó ag do chéile. (Oiltear madraí treorach go speisialta chun daoine dalla nó daoine a bhfuil laige radhairc orthu a threorú thart ar bhacainní). I 2012, is é €825 an liúntas agus, amhail faoiseamh ar chostais sláinte, beidh sé i bhfeidhm ag an ráta cánach is airde atá agat.
Leis an liúntas a éileamh, caithfidh tú litir a bheith agat ó Mhadraí Treorach na hÉireann ag dearbhú gur úinéir cláraithe thú.
Is féidir aisíocaíochtaí a éileamh ó Ioncam as CBL a íoctar ar roinnt áiseanna agus fearas a dearadh le cuidiú le duine dall déileáil le feidhmeanna laethúla, mar shampla, trealamh ríomhaireachta a bhfuil sainoiriúnú déanta air, leabhair Braille, trealamh scríbhneoireachta Braille, srl.
Féach aisíocaíochtaí CBL ar áiseanna agus fhearais a úsáideann daoine a bhfuil míchumais orthus le níos mó faisnéise a fháil.
Is féidir foirm éilimh do Chreidmheas Cánach na nDaoaine Dalla agus Liúntas na Madraí Treorach (pdf) a íoslódáil. Nó más mian leat is féidir leat an fhoirm a líonadh ar an scáileán agus é a phriontáil ansin.
Is féidir leat creidmheasanna cánach a éileamh ar líne chomh maith.
Ba chóir foirmeacha iarratais chríochnaithe a chur ar ais chuig d’oifig áitiúil chánach. Uimhreacha teileafóin lóghlao do d’oifig réigiúnach cánach ar fáil anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.