Díolúintí ón gCáin Mhaoine Áitiúil

Réamhrá

Tá do mhaoin faoi dhliteanas Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc más réadmhaoin chónaithe é an 1 Samhain.

Tá réadmhaoin áirithe díolmhaithe ó Cháin Mhaoine Áitiúil a íoc. D’fhéadfadh gur féidir le roinnt daoine íocaíocht na cánach a iarchur má shásaíonn siad critéir sonraithe. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi íocaíocht CMÁ a iarchur anseo.

Beidh roinnt réadmhaoine a bhí díolmhaithe a fhad le 2021 faoi dhliteanas CMÁ a íoc in 2022, réadmhaoin san áireamh a tógadh ó 2013 ar aghaidh. Murar cláraíodh do réadmhaoin roimhe seo leis na Coimisinéirí Ioncaim do CMÁ nó dleacht stampála, beidh ort do réadmhaoin a chlárú.

Má tá do réadmhaoin díolmhaithe, tá ort measúnú a dhéanamh go fóill ar luach do réadmhaoine agus tuairisceán Cáin Mhaoine Áitiúil a dhéanamh.

Athruithe ar dhíolúintí

Beidh Cáin Mhaoine Áitiúil atá le híoc in 2022 le híoc do réadmhaoin a tógadh ón dáta deireanach luachála an 1 Bealtaine 2013.

Rachaidh na díolúintí do cheannaitheoirí céaduaire a cheannaigh réadmhaoin idir an 1 Eanáir 2013 agus an 31 Nollaig 2013 agus na díolúintí do na tithe in ‘scáileastáit’ as feidhm. Cuirfear deireadh de réir a chéile leis an díolúine shealadach do réadmhaoin a ndearna pirít díobháil dóibh i gceantair áirithe.

Leanfaidh réadmhaoin nach bhfuil a n-úinéirí ag cónaí iontu a thuilleadh mar gheall ar bhreoiteacht de bheith díolmhaithe ach is féidir an réadmhaoin fholamh a chur ar fáil, faoi na hathruithe a bheartaítear, do dhaoine le cónaí iontu.

Níl réadmhaoin a thóg tógálaí nó forbróir, ach nach bhfuil díolta go fóill, díolmhaithe a thuilleadh.

Tá díolúine nua ann do réadmhaoin a tógadh le bloic choincréite lochtacha.

Díolúintí ó Cháin Mhaoine Áitiúil

Réadmhaoin a ndeimhnítear go ndearnadh leibhéal suntasach díobhála ag pirít dóibh. Baineann an díolúine seo le réadmhaoin chónaithe a léirítear go ndearna pirít leibhéal suntasach díobhála dóibh. Sna cásanna seo, beidh an réadmhaoin díolmhaithe ar feadh thart ar 6 bliana. Is féidir leat na treoirlínte mionsonraithe maidir le díolúine ó CMÁ do phirít a léamh anseo (pdf). Ní bheidh an díolúine seo ar fáil d’iarratasóirí nua i ndiaidh an 22 Iúil 2023.

B’fhéidir go mbeidh réadmhaoin a tógadh trí úsáid a bhaint as bloic choincréite lochtach díolmhaithe má dheimhnítear go bhfuil siad incháilithe don Scéim Deontais um Bloic Choincréite Lochtacha nó má thug an tógálaí nó an comhlacht árachais faoi obair feabhsúcháin a theastaíonn nó má sholáthair siad cistí leis seo a dhéanamh. Is féidir níos mó a léamh faoin díolúine do réadmhaoin a tógadh le coincréit lochtach.

Réadmhaoin chónaithe faoi úinéireacht carthanais nó comhlachta phoiblí agus a úsáidtear le cóiríocht agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine a bhfuil riachtanas ar leith acu agus óna dteastaíonn cóiríocht agus tacaíocht speisialta lena chur ar a gcumas cónaí sa phobal (mar shampla, sciath-thithíocht do dhaoine breacaosta nó daoine faoi mhíchumas).

Tithe altranais cláraithe.

Réadmhaoin tráchtála a úsáidtear, nó ar féidir iad a úsáid, mar áit chónaithe agus atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála.

Réadmhaoin ar fhág a n-úinéirí iad mar gheall ar bhreoiteacht. Baineann an díolúine seo le réadmhaoin a d’áitigh tú mar do phríomháit chónaithe nó d’áit chónaithe aonair ach nach raibh cónaí ort ann le 12 mhí anuas, ar a laghad, mar gheall ar bhreoiteacht fhadtéarmach mheabhrach nó fhisiciúil. Má bhí an réadmhaoin folamh ar feadh níos lú ná 12 mhí, d’fhéadfadh sé a bheith díolmhaithe má dheimhníonn do dhochtúir nach dóchúil go bhfillfidh tú ar an réadmhaoin. A fhad le 2021, ní raibh an díolúine i gceist ach mura raibh duine eile ag cónaí sa réadmhaoin. Maidir le CMÁ don bhliain 2022, bíonn an díolúine i gceist má chónaíonn duine sa réadmhaoin agus mura comhúinéir na réadmhaoine iad. Mar shampla, d’fhéadfadh tionónta, gaol nó cara a bheith iontu.

Réadmhaoin a ceannaíodh, a tógadh nó a cuireadh in oiriúint do dhuine atá ar éagumas buan agus iomlán go mbeadh cónaí orthu ann mar a bpríomháit chónaithe nó a n-áit chónaithe aonair. I gcás oiriúnuithe a dhéantar do réadmhaoin, bíonn an díolúine i gceist más mó costas na n-oiriúnuithe ná 25% de luach margaidh na réadmhaoine sula ndearnadh é a oiriúnú. Cuirfear deireadh leis an díolúine ag an gcéad dáta dliteanais eile má dhíoltar an réadmhaoin agus mura gcónaíonn an duine ar éagumas ann a thuilleadh mar a bpríomháit chónaithe nó a n-áit chónaithe aonair. (Tabhair faoi deara go bhfuil faoiseamh ar fáil freisin ó CMÁ do réadmhaoin a rinne duine faoi mhíchumas a oiriúnú do ghairm bheatha. Is féidir leo cáiliú do laghdú ar luach margaidh na réadmhaoine do chuspóirí CMÁ. Ní bhaineann an faoiseamh seo ach amháin nuair a mhéadaíonn an obair oiriúnaithe luach margaidh na réadmhaoine.) Is féidir leat níos mó a léamh i dTreoirlínte na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le Faoiseamh ó Cháin Mhaoine Áitiúil do Dhaoine faoi Mhíchumas/ar Éagumas (pdf).

Réadmhaoin a úsáideann comhlachtaí carthanacha mar chóiríocht chónaithe maidir le gníomhaíochtaí áineasa ar cuid lárnach iad de chuspóir charthanach an chomhlachta, mar shampla, gníomhaíochtaí treoraithe agus gasógaíochta.

Díolúintí roimhe seo ó Cháin Mhaoine Áitiúil 2013-2021

Bhí réadmhaoin a cheannaigh tú agus a d’áitigh tú i 2013 díolmhaithe go dtí 2021 má lean tú d’úinéireacht uirthi mar d’áit chónaithe aonair nó mar phríomháit chónaithe.

Bhí réadmhaoin nua agus nach raibh á húsáid roimhe seo a ceannaíodh ó thógálaí nó ó fhorbróir idir an 1 Eanáir 2013 agus roimh an 1 Samhain 2021 díolmhaithe fiú má díoladh arís iad sa tréimhse sin.

Bhí réadmhaoin chónaithe a thóg tógálaí nó forbróir agus a bhí faoina n-úinéireacht díolmhaithe murar díoladh iad agus murar úsáideadh iad le cónaí iontu.

Réadmhaoin áirithe in eastáit tithíochta neamhchríochnaithe (ar a dtugtar “scáileastáit” go minic) a shonraítear sna Rialacháin Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2013.

Maoin nach bhfuil faoi dhliteanas íoc as CMÁ

Tá do réadmhaoin faoi dhliteanas CMÁ a íoc más réadmhaoin chónaithe é an 1 Samhain.

Mura bhfuil do réadmhaoin faoi dhliteanas CMÁ a íoc, ní gá duit tuairisceán CMÁ a sheoladh ar aghaidh.

I measc na réadmhaoine nach bhfuil faoi dhliteanas, tá:

•Réadmhaoin tráchtála atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála agus nach réadmhaoin chónaithe é

•Réadmhaoin nach bhfuil áitithe atá oiriúnach le cónaí ann

•Réadmhaoin taidhleoireachta

•Tithe soghluaiste, feithiclí agus árthaí (báid)

Conas iarratas a dhéanamh

Le díolúine a éileamh, caithfidh tú do thuairisceán Cáin Mhaoine Áitiúil a sheoladh faoin 7 Samhain, an díolúine atá á héileamh agat san áireamh. Liostaítear ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim gach díolúine anuas ar eolas faoi aon cháipéisíocht atá ort a chur san áireamh. Mura ndéanann tú tuairisceán agus mura gcuireann tú na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil do réadmhaoin díolmhaithe, b’fhéidir go mbeidh Meastachán na gCoimisinéirí Ioncaim le híoc.

Ba é an spriocdháta le haghaidh tuairisceán CMÁ 2022 ná 10 Samhain 2021. Mura bhfuil do thuairisceán curtha isteach agat ba cheart duit é sin a dhéanamh. Má tá do thuairisceán curtha isteach agat cheana ach gur mhaith leat iarratas a dhéanamh ar dhíolúine anois is féidir leat d’iarratas a dhéanamh trí M’Fhiosruithe nó tríd an bpost chuig an seoladh thíos.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Na Coimisinéirí Ioncaim

Brainse Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)

Bosca Poist 1
Luimneach

Teil: +353 (0) 1 738 3626
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Meitheamh 2022