Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Fiacha > An tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid

Print Page Send to a Friend

An tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid

Eolas

Is seirbhís rúnda agus saor in aisce é an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA) dóibh siúd atá i bhfiacha nó go bhfuil fadhb acu ag bainistiú airgid. Tá oifigí SBCA ar fud na hÉireann agus iad faoi stiúir comhairleoirí airgid a bhfuil mar aidhm acu:

  • Cabhrú leat do fhiacha a láimhseáil agus buiséad a réiteach duit féin.
  • Scrúdú a dhéanamh ar do ioncam le déanamh cinnte go bhfuil tú ag fáil gach a bhfuil ag dul duit.
  • Labhairt le do chreidiúnaí, ar do shon, má tá deacracht agat féin é seo a dhéanamh.
  • Comhairle a chur ort faoi an mbealach is fearr chun do fhiacha a íoc.

Téann daoine ag triall ar SBCA, de ghnáth, mar:

  • Go bhfuil breis billí acu toisc rud éigin a thárla sa chlann, mar shampla, tinneas sa chlann, scaradh, bás, timpiste agus araile.
  • Go bhfuil deacrachtaí acu a gcuid billí a íoc mar nach bhfuil ar a gcumas a gcuid airgid a bhainistiú.
  • Go bhfuil níos lú airgid acu ná mar a bhí agus nach bhfuileadar ábalta a gcuid aisíocaíochtaí iasachta a dhéanamh.
  • Go bhfuil tréimhse fada caite acu ar ioncam íseal agus go bhfuil siad tite i bhfad siar i gcursaí airgid toisc na costais a bhaineann le hoideachas, le bróga agus éadaigh, le taisteal, le curam leanaí, le cíos, agus araile.
  • Go bhfuil níos mó iasachtaí acu ná mar atá ar a gcumas a íoc.
  • Uaireanta nuair a fhágann duine an córas leasa shóisialaigh chun glacadh le post ní fhaigheann said an méid airgid a bhíonn súil acu leis agus bíonn cabhair uatha chun buiséad nua a leagadh amach dóibh féin.

Ag déanamh teangmháil le SBCA

Is féidir leat dul i dteangmháil le Líne Chabhrach SCBA - féach ' Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Pléifidh comhairleoir na hábhair is cúram duit agus tabhairfidh sé/sí comhairle duit. Is féidir leis/leí faisnéis a sheoladh chugat saor in aisce. Má theastaíonn uait labhairt le Comhairleoir Airgid in oifig áitiúil SCBA, tabhairfidh Líne Chabhrach SCBA an fhaisnéis atá uait chun coinne a dhéanamh.

Is féidir leat dul i dteangmháil le SBCA freisin trí ghlaoch a chur ar an bhfón, trí litir a scríobh nó bualadh isteach chucu go pearsanta.

Muna gceapann tú go bhfuil ar do chumas an glaoch a dhéanamh tú féin iarr ar dhuine éigin eile cabhrú leat. Má tá teangmháil agat le heagraisí eile, mar shampla, Ionad Faisnéise do Shaoránaigh, Oifigeach Leasa Pobail, Oifigeach Leasa Shóisialaigh, Banaltra Ceantair nó Cumann naomh Uinsinn dé Póil is féidir leat iarradh orthu teangmháil a dhéanamh le SBCA ar do shon agus coinne a dhéanamh duit.

Dhéanfadh comhairleoir, dochtúr nó duine profisiúnta eile an coinne duit freisin.

Níl cead ag éinne coinne a dhéanamh ar do shon muna n'iarann tú orthu é a dhéanamh.

Bualfaidh an Comhairleoir Airgid leat, de ghnáth, nuair a théann tú chomh fada le oifig SCBA. Uaireanta bíonn ceantar an-mhór ag an oifigeach airgid (go mór mhór lasmuigh de Bhaile Átha Cliath) agus b'fhéidir go mbeadh deacracht agat dhul chomh fada leis an oifig. Má tá sé seo fíor i do chás sa bí cinnte é sin a rá leo nuair atá tú ag déanamh coinne leo. Cuireann a lán de na hoifigí an seirbhís ar fáil lasmuigh den cheantar ar bhunús páirt-aimsire, (tugtar Seirbhís 'Outreach' ar seo) agus beidh a lán de na comhairleoirí airgid sásta bualadh leat ag ionad agus am a fheileann duit féin. De ghnáth, na ceantair ina bhfuil an seirbhís seo ar fáil iontu beidh ort fanacht níos faide chun coinne a dhéanamh leo.

Déan cinnte de, nuair a dhéanann tú teangmháil le SCBA, go n'insíonn tú dóibh faoi aon ní tabhachtach, mar shampla, má tá creidiúnaí ag cur cás cúirte ort nó má tá an comhlacht gáis nó leictreachais tar éis tú a ghearradh ón gcóras. I gcásanna mar seo, déanfar coinne éigeandála leat, de ghnáth.

Rátaí

Is seirbhís saor in aisce í SCBA agus níl aon táille maidir le faisnéis, comhairle nó cúnamh.

Tá teagmhálacha le SCBA saor in aisce agus faoi chuing rúin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’oifig SBCA áitiúil chun comhairle agus cúnaimh a fháil.

Is féidir leat freisin glao a chur ar an Líne Chabhrach SCBA: 0761 07 2000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) nó ríomhphoist a sheol: helpline@mabs.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 April 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.