Faoiseamh cánach do mhadraí cuidithe

Cad is madra cuidithe ann?

Madraí ar a gcuirtear sainoiliúint iad madraí cuidithe a chabhraíonn le daoine faoi mhíchumas tabhairt faoi thascanna praiticiúla.

Cuirtear oiliúint ar mhadraí cuidithe freastal ar riachtanais a n-úinéara. Mar shampla, is féidir le madraí cuidithe na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Foláireamh a thabhairt d’úinéir bodhar i leith fuaimeanna
  • Cabhrú le gléasadh agus díghléasadh
  • Cabhrú le seasamh agus siúl
  • Rudaí a thabhairt chuig a n-úinéir nó rudaí a thit a phiocadh suas
  • Rabhadh a thabhairt d’úinéir faoi bhaol nó faoi chomharthaí áirithe chun gur féidir leis an úinéir dul i mbun an ghnímh chuí
  • Tafann chun cabhair a fháil i gcás éigeandála

Má tá madra treorach agat mar gheall go bhfuil tú dall nó go bhfuil lagú radhairc ort, cuirtear liúntas cánach do mhadra treorach ar leith ar fáil is féidir leat a éileamh.

An féidir liom faoiseamh cánach a fháil má tá madra cuidithe agam?

Má tá madra cuidithe oilte agat, is féidir leat €825 a éileamh mar fhaoiseamh cánach ar chostais sláinte. Tugtar an faoiseamh ar an ráta caighdeánach cáin ioncaim 20%, agus laghdaíonn sé do cháin €165 (20% de €825), dá bharr.

Chun cáiliú dó, caithfidh gur sholáthair eagraíocht atá creidiúnaithe ag Madraí Cuidithe, an Eoraip (Assistance Dogs Europe) do mhadra. Is iad Madraí Cuidithe, an Eoraip an brainse Eorpach de Mhadraí Cuidithe Idirnáisiúnta (ADI), grúpa de chláir neamhbhrabúis a chuireann oiliúint ar mhadraí cuidithe agus a aimsíonn úinéirí dóibh.

Conas iarratas a dhéanamh

Leis an bhfaoiseamh cánach a fháil, caithfidh go bhfuil litir agat ó sholáthraí do mhadra, a dheimhníonn go bhfuil madra oilte agat. Tugann tú an litir do na Coimisinéirí Ioncaim an chéad uair a éilíonn tú an faoiseamh. Is féidir leat leanúint ansin leis an bhfaoiseamh cánach a fháil sna blianta ina dhiaidh ina mbíonn an madra agat. Mura bhfuil an madra cuidithe agat a thuilleadh, cuir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas.

Is féidir leat an litir a uaslódáil agus an faoiseamh a éileamh ar líne tríd an mír ‘Bainistigh Mo Thaifead’ i moChúrsaí.

Is féidir leat an faoiseamh a éileamh freisin trí Fhoirm 12 (pdf) pháipéir, nó Foirm 12S (pdf) (leagan simplithe do ghnáth-thuairisceáin chánach) a líonadh agus é a sheoladh ar ais chuig oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leis an litir ó do sholáthraí.

Is féidir leat iarraidh ar Fhoirm 12 nó Foirm 12S trí ghlaoch ar Sheirbhís Ordaithe Foirmeacha na gCoimisinéirí Ioncaim ar (01) 738 3675 nó ar ríomhphost chuig custform@revenue.ie. Cuir na sonraí seo a leanas san áireamh le d’iarraidh:

  • Teideal na foirme agus bliain
  • D’ainm
  • D’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
  • D’uimhir ghutháin
  • Do sheoladh poist agus d’Éirchód
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meán Fómhair 2022