Díolúine ó cháin iomcaim ag ealaíontóirí

Réamhrá

Bíonn an t-ioncam a thuilleann scríbhneoirí, cumadóirí, físealaíontóirí agus dealbhóirí ó dhíolachán a gcuid saothar díolmhaithe ó cháin in Éirinn i gcúinsí áirithe.

Féadfaidh saothair ealaíne cáiliú chuige sin más saothair bhunaidh chruthaitheacha iad agus má aithnítear go ginearálta go mbaineann fiúntas cultúrtha nó ealaíne leo. Tá tuilleamh ó na hoibreacha seo díolmhaithe ó cháin ioncaim, ag tosú ón mbliain ina ndéantar an t-éileamh.

treoirlínte ar fáil maidir leis na saothair ealaíne a cháilíonn do dhíolúine ó cháin (pdf) agus is léir gur saothair bhunaidh chruthaitheacha lena mbaineann fiúntas cultúrtha nó ealaíne atá i gceist. Leagtar amach sna treoirlínte freisin na catagóirí oibre atá incháilithe don scéim agus na cineálacha oibre nach bhfuil incháilithe.

Chun iarratas a dhéanamh ar an Díolúine d’Ealaíontóirí ní mór duit a bheith i do chónaí (nó i do ghnáthchónaí agus sainchónaí ort):

  • I dtír amháin nó níos mó san AE
  • San Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua
  • Sa Ríocht Aontaithe

Cén saothar ealaíne is féidir a dhíolmhú ó cháin?

Is féidir saothar a mheas lena dhíolmhú más saothar bunaidh cruthaitheach é i gceann de na catagóirí seo a leanas:

  • Leabhair nó foirmeacha eile scríbhneoireachta
  • Drámaí
  • Píosaí ceoil
  • Péintéireacht nó pictiúir eile dá samhail
  • Píosaí dealbhóireachta

Is riachtanach:

  • gur saothar bunaidh agus cruthaitheach é agus
  • go mbaineann fiúntas cultúrtha nó fiúntas ealaíne leis (ní gá fiúntas cultúrtha agus fiúntas ealaíne a bheith ann)

Saothar bunaidh agus cruthaitheach

Is éard atá i saothar bunaidh cruthaitheach ná saothar uathúil de cháilíocht chruthaitheach arna chruthú ó shamhlaíocht an chruthaitheora.

Fiúntas cultúrtha nó ealaíne

Baineann fiúntas cultúrtha le saothar:

  • más rud é go gcuireann cáilíocht a fhoirme agus/nó a ábhair go suntasach le gné amháin nó níos mó den chultúr náisiúnta nó idirnáisiúnta.

Baineann fiúntas ealaíne le saothar:

  • nuair a chuireann sé, de bharr cáilíocht a fhoirme agus/nó a ábhair, go suntasach le canón na saothar sa chatagóir ábhartha

Leabhair neamhfhicsin

Féadfaidh leabhar neamhfhicsin cáiliú don scéim sna cásanna seo a leanas:

  • gur leabhar é ina léirítear léargas uathúil an údair ar an ábhar agus a bhféachtar air mar shaothar ceannródaíoch
  • go gcuireann sé go suntasach leis an ábhar trí sholas nua a chaitheamh air nó tríd an tuiscint air a bhfuil glacadh leis, a athrú, agus
  • gur saothar é atá i gceann amháin de na 4 chatagóir seo a leanas:

1. Saothar atá i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

  • léirmheastóireacht na n-ealaíon
  • stair na n-ealaíon
  • saothar ábhar ealaíon (ar saothar é arb é a ábhar na hamharcealaíona, an amharclannaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas nó an ailtireacht)
  • dialanna ealaíontóirí
  • aistí belles-lettres
  • aistriúchán liteartha
  • léirmheastóireacht liteartha
  • stair liteartha
  • dialanna liteartha

2. Beathaisnéis nó dírbheathaisnéis

3. saothar a bhfuil baint aige le feidhm nó le feidhmeanna na Comhairle Oidhreachta faoi mar a chuirtear síos uirthi/orthu san Acht Oidhreachta 1995

4. saothar a bhaineann le cartlanna atá 30 bliain d'aois ar a laghad agus a bhaineann le hÉirinn agus a muintir, agus atá bunaithe den chuid is mó ar thaighde ó na cartlanna sin

Cén cineál oibre nach bhfuil cáilithe don díolúine?

Ní mheastar na cineálacha oibre seo a leanas mar shaothair bhunaidh chruthaitheacha nó mar shaothair lena mbaineann fiúntas cultúrtha nó ealaíne:

  • leabhar nó scríbhneoireacht eile a foilsíodh go príomha ar mhaithe le, nó a n-úsáideann nó a n-úsáidfidh, mic léinn atá i mbun cúrsa staidéir
  • leabhar nó scríbhneoireacht eile a foilsíodh go príomha mar chúnamh do dhaoine atá i mbun ceirde, gnó, gairme nó brainse foghlama mar chúnamh, nó a úsáidtear go príomha ag na daoine sin
  • aon saothar iriseoireachta, a foilsíodh i nuachtán, irisleabhar, iris, nó i meán comhchosúil nó a foilsíodh ar an idirlíon nó ar aon mheán comhchosúil
  • aon saothar scríbhneoireachta, amhairc nó ceoil, nó saothar comhchosúil, a cruthaíodh chun críocha fógraíochta nó poiblíochta
  • aon chóiriú, oiriúnú nó leagan de chumadóireacht cheoil, nó saothar comhchosúil, nach leor a thábhacht ceoil le go dtabharfaí cumadóireacht bhunaidh air
  • cineálacha saothar grianghrafach, líníochta, péintéireachta nó saothar comhchosúil, ar saothair thaifid iad, go príomha, nó ar feidhm fhóntaíoch a chomhlíonann siad go príomha, nó a cruthaíodh go príomha chun críocha fógraíochta, poiblíochta, faisnéise, maisiúcháin nó chun críocha comhchosúla
  • cineálacha saothair dhealbhóireachta ar feidhm fhóntaíoch atá leo go príomha

Cad iad na híocaíochtaí d’ealaíontóirí atá díolmhaithe ó cháin?

Tá na híocaíochtaí seo a leanas díolmhaithe ó cháin nuair a dhéantar le healaíontóir a bhfuil Díolúine Ealaíontóra faighte aige/aici iad:

  • Íocaíochtaí ó dhíolachán saothair a mheastar a bheith incháilithe faoi Scéim Díolúine ó Cháin na nEalaíontóirí.
  • Sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon nuair a íoctar go díreach leis an ealaíontóir iad
  • Cónaitheachtaí nuair a íocann an Chomhairle Ealaíon go díreach leis an duine aonair chun críche saothar cáilitheach a tháirgeadh
  • Íocaíochtaí ‘Cnuas’ arna ndéanamh faoi Scéim Aosdána
  • Réamh-ríchíosanna

Réamh-ríchíosanna

Má fhaigheann ealaíontóir réamh-ríchíosanna i ndáil le leabhar nó píosa scríbhneoireachta a fhoilseofar níos déanaí, caithfidh sé/sí iarratas a dhéanamh ar an Díolúine d’Ealaíontóirí sa bhliain chánach ina n-íoctar na ríchíosanna. Agus iarratas á dhéanamh ar an díolúine, ní mór don ealaíontóir deimhniú a sholáthar ón bhfoilsitheoir go bhfoilseofar an leabhar. Ní mór dréachtchóip den saothar a chur isteach freisin.

Má fhaightear iarratas sa bhliain chánach ina bhfaightear an réamhíocaíocht, gan cinneadh a bheith déanta fós, caithfear cáin ar bith atá dlite ar an réamhíocaíocht a íoc. Má cheadaítear an t-iarratas níos déanaí, déanfaidh an Cigire Cánach athbhreithniú ar dhliteanas an ealaíontóra agus aisíocfar an ró-íocaíocht, más ann.

Ní bhíonn réamh-ríchíosanna a íoctar roimh bhliain an éilimh díolmhaithe ó cháin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim Díolúine ó Cháin na nEalaíontóirí. ó shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cé mhéad ioncam is féidir a bheith dhíolmhaithe?

Is ionann an t-uasmhéid is féidir a bheith díolmhaithe agus €50,000. Ní bhaineann an díolúine ach le cáin ioncaim. Tá ioncam díolmhaithe an ealaíontóra faoi réir an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch agus ÁSPC.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar an Díolúine d’Ealaíontóirí, ba chóir foirm éilimh a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim, mar aon le samplaí de do chuid oibre agus doiciméid tacaíochta ar bith eile (amhail teistiméireachtaí) a mheasann tú a bheith cuí. Is féidir Foirm Éilimh ar Dhíolúine d’Ealaíontóirí (pdf) a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Beidh na samplaí agus na doiciméid tacaíochta seo a leanas ag teastáil sna catagóirí seo a leanas

  • Leabhar nó scríbhneoireacht eile – leagan iomlán leictreonach nó cóip fhoilsithe amháin den leabhar
  • Dráma – cóip den script mar aon le cóip shínithe den chonradh léiriúcháin
  • Píosa ceoil – naisc íoslódála nó CD ina dtugtar creidiúnú don éilitheoir as an gceol nó as na liricí, mar aon fhaisnéis ábhartha ar bith eile
  • Péintéireacht nó pictiúr eile dá leithéid – 6 ghrianghraf den saothar atá ar ardchaighdeán agus CV gairid de ghairm bheatha ealaíne go dtí seo
  • Dealbhóireacht – 6 ghrianghraf atá ar ardchaighdeán den saothar agus CV gairid maidir le do ghairm bheatha ealaíne go dtí seo

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

Is féidir iarratais a sheoladh le ríomhphost chuig an Aonad Díolúine d’Ealaíontóirí ag direct-taxes-admin@revenue.ie.

Is féidir iarratais a chur sa phost chuig:

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

An tAonad Díolúine ó Cháin ag Ealaíontóirí
Urlár 1, Foirgneamh Stampáin
Caisleán Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
D02 HW86
Éire

Teil: (01) 858 9820 or (01) 858 9825 or (01) 858 9772
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Lúnasa 2023