Dleachtanna máil

Réamhrá

Gearrtar dleacht mháil ar earraí áirithe mar alcól, tobac agus olaí mianracha (mar shampla peitreal, díosal agus ceirisín).

faisnéis ar Láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim faoi na cineálacha éagsúla dleachta máil, lena n-áirítear forbhreathnú ar na rátaí reatha dleachta máil.

Athruithe buiséid

Buiséad 2023

Tháinig méadú ar cháin ar tháirgí tobac ón 28 Meán Fómhair 2022. Mhéadaigh paicéad 20 toitín 50 cent (CBL san áireamh) le méadú pro-rata ar tháirgí tobac eile.

Buiséad 2022

Tháinig méadú ar cháin ar tháirgí tobac ón 13 Deireadh Fómhair 2021. Mhéadaigh paicéad 20 toitín 50 cent (CBL san áireamh) le méadú pro-rata ar tháirgí tobac eile.

Buiséad 2021

Ó mheán oíche an 13 Deireadh Fómhair 2020, tháinig méadú 50 cent (CBL san áireamh) ar an dleacht mháil ar phaicéad 20 toitín agus méadú pro rata ar tháirgí tobac eile.

Buiséad 2020

Ó mheán oíche an 8 Deireadh Fómhair 2019, tháinig méadú 50 cent (CBL san áireamh) ar an dleacht mháil ar phaicéad 20 toitín agus méadú pro rata ar tháirgí tobac eile.

Buiséad 2019

Ó mheán oíche an 9 Deireadh Fómhair 2018, tháinig méadú 50 cent (CBL san áireamh) ar an dleacht mháil ar phaicéad 20 toitín agus méadú pro rata ar tháirgí tobac eile. Bhí 25 cent breise ar rdo thobac a rollann tú tú féin.

Bhí méadú ar an íosdleacht mháil ar tháirgí tobac, ionas go mbeidh an máil céanna i bhfeidhm ar gach toitín a dhíoltar faoi bhun €11 agus a dhíoltar ar €11 agus os a chionn.

Mhéadaigh an dleacht ar gheallta a chuir custaiméirí sa Stát ó 1% go 2% do gheallghlacadóirí, agus ó 15% go 25% ar na coimisiúin a thuill idirghabhálaithe gealltóireachta.

Buiséad 2018

Tháinig méadú 50 cent (CBL san áireamh) ar an dleacht mháil ar phaicéad 20 toitín agus méadú pro rata ar tháirgí tobac eile agus 25 cent sa bhreis ar do thobac a rollann tú tú féin le héifeacht ó mheán oíche an 10 Deireadh Fómhair 2017.

Fógraíodh Cáin nua Deochanna Milsithe Siúcra (SSDT). Is dleacht máil ar dheochanna siúcra-mhilsithe é an SSDT. Tá an soláthróir a dhéanann an chéad soláthar deochanna siúcra-mhilsithe sa Stát faoi dhliteanas na cánach.

Tá 2 ráta cánach ag brath ar an méid iomlán siúcra atá sna deochanna. Ní ghearrtar cáin ar dheochanna a bhfuil cion iomlán siúcra níos lú ná 5 ghram in aghaidh an 100ml iontu. Nuair a chuirtear CBL i bhfeidhm, baineann ráta 20 cent in aghaidh an lítir le deochanna a bhfuil cion iomlán siúcra idir 5 agus 8 gram in aghaidh an 100ml iontu agus baineann ráta 30 cent in aghaidh an lítir le deochanna a bhfuil cion iomlán siúcra os cionn 8 ngram in aghaidh an 100ml iontu. .

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin SSDT ar revenue.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Deireadh Fómhair 2023