Rótharraingtí bhainc

Réamhrá

Is suim bhreise airgid í rótharraingt a cheadaíonn do bhanc nó cumann foirgníochta duit a úsáid fiú nuair nach bhfuil aon rud fágtha i do chuntas reatha. Comhaontaíonn do bhanc suim áirithe a thabhairt ar iasacht duit ar feadh tréimhse ghearr ama, agus is féidir leat leanúint le hairgead a chaitheamh a fhad leis an teorainn sin. Beidh ort an méid a chaitheann tú ó do rótharraingt, móide ús, a íoc ar ais. Is féidir leis na rátaí úis a ghearrtar ar rótharraingt a bheith ard, ach ní íocann tú ús ach ar an méid a úsáideann tú.

Rialacha

Má chuirtear airgead isteach agus má íoctar airgead amach ó do chuntas reatha go rialta, is dócha go gceadóidh do bhanc duit rótharraingt a bheith agat. Má ghlacann tú airgead amach ó do chuntas de ghnáth beagnach a luaithe a íoctar isteach ann é, áfach, b’fhéidir nach mbeidh an banc sásta rótharraingt a cheadú duit sa chás nach féidir leat é a aisíoc.

  • Bíonn rótharraingtí ar fáil do chuntais reatha amháin.
  • Tá an ceart ag do bhanc an cinneadh a dhéanamh faoi cé acu rótharraingt a cheadú nó gan é a cheadú duit.
  • Comhaontaíonn tú ar do theorainn rótharraingthe leis an mbanc roimh ré.
  • Is gnách go mbraitheann an méid de rótharraingt a fhaigheann tú, má fhaigheann tú rótharraingt ar bith, ar a fheabhas a d’éirigh leat do chuntas a bhainistiú roimhe seo. Mar shampla, seiceálfaidh an banc cé acu an íocann nó nach n-íocann tú do bhillí go rialta nó cé acu an íocann nó nach n-íocann tú d’fhiacha cárta creidmheasa gach mí. Má bhí drochstair chreidmheasa agat, b’fhéidir go mbeidh sé deacair ort rótharraingt a fháil.
  • Íocann tú an tsuim a rótharraing tú nuair a bhíonn dóthain airgid i do chuntas chun é sin a dhéanamh.
  • Is féidir le rótharraingtí a bheith sealadach nó buan.

Cad a tharlaíonn mura féidir liom rótharraingt a íoc ar ais?

Iarr an mbanc níos mó ama a thabhairt duit chun an méid atá le híoc ar ais agat a íoc. Is dóchúil go ndéanfaidh an banc comhaontú ar shíneadh ama má d’íoc tú d’fhiachais roimhe seo.

Mura féidir leat an rótharraingt a íoc ar ais go fóill agus má tá fiachas breise á chruthú agat, déan teagmháil leis an SBCA (an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid). Cabhróidh an SBCA leat a oibriú amach cé mhéid airgid is féidir leat a íoc ar ais gach mí. Déanfaidh siad teagmháil leis an mbanc ansin duit. Déanfaidh an SBCA socrú leis an mbanc go n-íocfaidh tú méid áirithe gach mí go dtí go mbíonn an fiachas íoctha. Cuireann an SBCA an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce.

Rataí

Cén táillí agus muirir a ghearrtar?

  • Gearrann go leor banc táille ar rótharraingt a shocrú, chomh maith le táille bhliantúil (ar a dtugtar táille athnuachana) chun í a choimeád.
  • Íocann tú ús ar an tsuim atá le híoc agat ag aon tráth amháin, seachas ar theorainn iomlán na rótharraingthe atá ar fáil duit.
  • Is gnách go mbíonn an ráta úis ar rótharraingtí beagán níos airde ná an ráta a ghearrtar ar iasachtaí pearsanta agus is féidir leo a bheith idir thart ar 11% agus 15%.
  • Má sháraíonn tú do theorainn rótharraingthe a comhaontaíodh, b’fhéidir go mbeidh ús formhuirir a íoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil le do bhanc nó cumann foirgníochta. B’fhéidir go mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne trí láithreán gréasáin an bhainc, nó ar an nguthán ar a líne chabhrach, nó trí fhoirm ar pháipéar a chomhlánú. B’fhéidir go mbeidh ort labhairt, chomh maith, leis an bhfoireann sa bhanc i bpearsan faoi d’iarratas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Iúil 2019