Bheith mar fhinné

Réamhrá

Is féidir glao ort mar fhinné i gcás coiriúil nó i gcás sibhialta. Is í an riail ghinearálta gur féidir le duine ar bith a bheith ina fhinné.

Cé atá inniúil a bheith inafhinné?

Baineann d’inniúlacht mar fhinné le do chumas faisnéis a sholáthar don chúirt. Meastar go bhfuil tú inniúil más féidir leat an mionn nó an dearbhú a ghlacadh agus cuntas comhleanúnach a thabhairt ar imeachtaí. Is í an riail ghinearálta i ndlí na hÉireann gur finné inniúil gach duine. Is iad seo a leanas na heisceachtaí:

Leanaí

Ní mór don chúirt a bheith sásta go bhfuil an leanbh in ann cuntas intuigthe a thabhairt ar an méid a chonaic siad. Ní gá do leanaí faoi 14 bliana d'aois mionn nó dearbhascadh a dhéanamh, ach tá an leanbh ciontach i gcion má thugann siad fianaise atá bréagach nó neamhfhírinneach go feasach.

Má tá finné faoi 14 bliana d'aois féadfaidh an breitheamh iarraidh labhairt leo go príobháideach sula dtugann sé/sí fianaise. Déantar é seo chun cumas an linbh cuntas intuigthe a thabhairt ar imeachtaí a mheas. Léigh tuilleadh faoi finnéithe faoi 18 mbliana d’aois.

Daoine faoi mhíchumas meabhrach

Déileáiltear le daoine faoi mhíchumas meabhrach ar an mbealach céanna le leanaí faoi bhun 14 bliana d'aois. Má tá cúirt sásta gur féidir le duine faoi mhíchumas meabhrach cuntas intuigthe a thabhairt ar imeachtaí, ansin is féidir leis an gcúirt fianaise a ghlacadh ón duine gan an mionn. Tá an fhoráil seo leagtha amach faoin Acht um Fhianaise Choiriúil 1992 agus Acht na Leanaí 1997.

Cé is féidir iallach a chur air abheith ina fhinné?

Go ginearálta, féadfaidh an chúirt iallach a chur ar aon duine atá inniúil le bheith ina fhinné fianaise a thabhairt i gcás coiriúil nó i gcás sibhialta. Tá roinnt eisceachtaí ann leis an riail seo:

An cúisí

Más tusa an cúisí i gcás coiriúil ní féidir iallach a chur ort fianaise a thabhairt ar do chosaint. Má chinneann tú gan fianaise a thabhairt sa chás, ní féidir leis an ionchúiseamh tuairim a thabhairt ina leith sin don ghiúiré.

Má chinneann tú fianaise a thabhairt i do thriail, féadfaidh an t-ionchúiseamh tú a chroscheistiú. Ní féidir leat diúltú na ceisteanna seo a fhreagairt. Ní féidir leis an ionchúiseamh ceisteanna a chur ort faoi do dhroch-charachtar roimhe seo ach amháin:

  • Má tá fianaise de do dhea-charachtar tugtha isteach agat nó
  • Má cheistigh tú carachtar aon fhinné ionchúisimh nó
  • Má thug tú fianaise i do chosaint féin i gcoinne comhchúisí (féach thíos)

An comhchúisí

Uaireanta is féidir beirt nó níos mó a chúiseamh i gcion coiriúil agus déantar iad a thriail ag an am céanna. Sa chás seo, tugtar na "comhchúisithe" ar na daoine atá á dtriail. Ní féidir iallach a chur ort fianaise a thabhairt i gcoinne comhchúisithe má tá sibh beirt á dtriail sna himeachtaí céanna. Má dhiúltaíonn an t-ionchúiseamh fianaise ar bith a thabhairt i do choinne, áfach, agus má fhaightear neamhchiontach thú, is féidir iallach a chur ort fianaise a thabhairt i gcoinne comhchúisí.

Céile an chúisí

Más céile an chúisí thú ní féidir iallach a chur ort fianaise a thabhairt ar son na cosanta nó an ionchúisimh ach amháin:

  • Más ionann an cion atá i gceist agus foréigean nó bagairt foréigin ortsa, ar do leanbh nó ar leanbh an chúisí, nó ar dhuine faoi 17 (lena n-áirítear leanbh uchtaithe nó leanbh a bhfuil tú ag gníomhú dó ‘in loco parentis’)
  • Más ionann an cion agus gnéasach maidir le do leanbh, leanbh an chúisí nó duine faoi 17 (lena n-áirítear leanbh uchtaithe nó leanbh a bhfuil tú ag gníomhú dó ‘in loco parentis’)
  • Más éard atá sa chion iarracht a dhéanamh nó cuidiú le ceachtar den dá chion thuas a dhéanamh

Iarchéilí an chúisí

Is iarchéile thú má tá tú colscartha ón gcúisí, nó má tá idirscaradh breithiúnach nó comhaontú idirscartha agat leis an gcúisí. Más iarchéile thú, féadtar iallach a chur ort fianaise a thabhairt ar son na cosanta nó ar son an ionchúisimh maidir le cionta a rinneadh ó scar tú.

Ní féidir iallach a chur ort, áfach, fianaise a thabhairt i gcoinne an chúisí faoi chionta a rinneadh nuair a bhí tú fós pósta, ach amháin:

  • Más ionann an cion atá i gceist agus foréigean nó bagairt foréigin ortsa, ar do leanbh nó ar leanbh an chúisí, nó ar dhuine faoi 17 (lena n-áirítear leanbh uchtaithe nó leanbh a bhfuil tú ag gníomhú dó ‘in loco parentis’)
  • Más ionann an cion agus gnéasach maidir le do leanbh, leanbh an chúisí nó duine faoi 17 (lena n-áirítear leanbh uchtaithe nó leanbh a bhfuil tú ag gníomhú dó ‘in loco parentis’)
  • Más éard atá sa chion iarracht a dhéanamh nó cuidiú le ceachtar den dá chion thuas a dhéanamh.

Foireann taidhleoireachta

Ní féidir iallach a chur ar ghníomhairí taidhleoireachta fianaise a thabhairt in aon chás coiriúil nó sibhialta.

Conas a ghlaoitear ort marfhinné

Sula gcuirtear tús leis an triail, is féidir le hionadaithe dlíthiúla teagmháil a dhéanamh leat don duine ar mian leis/léi glao ort mar fhinné. B’fhéidir gur mian leo ráiteas scríofa a fháil uait ina sonraítear an méid a tharla. B’fhéidir gur mian leo casadh leat chun plé a dhéanamh air seo.

An toghairm nó subpoena

Más mian le duine i gcás cúirte glaoch ort mar fhinné, gheobhaidh tú toghairm finné nó subpoena. Is foirm shimplí chúirte í seo ina leagtar amach an méid seo a leanas:

  • Ainm an cháis
  • An dáta agus an t-am a éistfear leis an gcás
  • An chúirt ar gá duit freastal uirthi

Má fhaigheann tú toghairm nó subpoena, caithfidh tú freastal ar chúirt ar an dáta a liostaítear ar an bhfoirm. Má theipeann ort é sin a dhéanamh, féadtar thú a chur i bpríosún i ngeall ar dhíspeagadh cúirte. Ní féidir leat a dhiúltú freastal ar an gcúirt mar fhinné mar gheall go ndeir tú go bhfuil imeaglú á dhéanamh ag duine de na daoine sa chás nó mar gheall go bhfuil eagla ort fianaise a thabhairt.

Is féidir leat subpoena duces tecum a fháil. Ciallaíonn an cineál seo subpoena nach mór duit na doiciméid atá liostaithe sa subpoena a thabhairt leat chomh maith le bheith i láthair sa chúirt.

Am a ghlacadh ón obair chun freastal ar an gcúirt mar fhinné

Má tá ort am a ghlacadh ón obair chun freastal ar an gcúirt, ní íocfar thú as an am a bhíonn tú amuigh ón obair. B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal costais finné a fháil, áfach (féach thíos). Más mian le d’fhostóir go nglacann tú an t-am seo saor ón obair mar shaoire bhliantúil, beidh na gnáthchoinníollacha chun saoire bhliantúil a ghlacadh i gceist.

A bheith mar fhinné sa chúirt

A bheith mar fhinné

Ag an triail, b’fhéidir go mbeidh roinnt finnéithe ann chun fianaise a thabhairt. De ghnáth, fanfaidh tú sa chúirt agus féachfaidh tú ar an triail go dtí go dtagann do bhabhta aníos chun fianaise a thabhairt. Is féidir iarraidh ort, uaireanta, an chúirt a fhágáil agus má tharlaíonn sin, inseofar duit cathain filleadh.

Nuair a thagann do shealsa chun fianaise a thabhairt, seasfaidh aturnae nó abhcóide an duine a ghlaoigh ort mar fhinné suas agus ainmneoidh sé/sí thú mar an gcéad fhinné eile. Siúlann tú chuig barr na cúirte agus isteach i mbosca an fhinné.

Is féidir leat mionn nó dearbhú a ghlacadh. Chun mionn a ghlacadh, seasann tú i mbosca an fhinné agus tugann cláraitheoir na cúirte Bíobla nó téacs naofa do chreidimh duit, má bhíonn sé ar fáil. Coimeádann tú an Bíobla nó an téacs naofa i do lámh agus deireann tú an mhionn seo a leanas i ndiaidh don chláraitheoir é a rá. Is é an mionn, “Mionnaím le Dia (nó pé Dia is ábhartha de réir do chreidimh reiligiúnaigh) gurb éard a bheidh san fhianaise a bhéarfaidh mé don chúirt, an fhírinne, an fhírinne iomlán agus an fhírinne amháin".

Caithfidh tú an cláraitheoir a chur ar an eolas más mian leat an dearbhú a ghlacadh in ionad an mhionna. Mura bhfuil an téacs naofa do do chreideamh ar fáil chun an mionn a ghlacadh, is féidir leat an dearbhú a ghlacadh ina ionad sin. Is iad focail an dearbhaithe, “Dearbhaím go sollúnta, go diongbháilte agus go fíor gurb éard a bheidh san fhianaise a bhéarfaidh mé don chúirt, an fhírinne, an fhírinne iomlán agus an fhírinne amháin". Nuair atá do mhionn nó do dhearbhú déanta agat, suífidh tú síos.

I gcásanna áirithe, féadfaidh tú fianaise a thabhairt trí nasc físe in ionad freastal ar an gcúirt.

Príomhcheistiú

Cuirfidh an t-aturnae nó an t-abhcóide don duine a ghlaoigh ort mar fhinné roinnt ceisteanna ort ansin a cheadaíonn duit d’fhianaise a thabhairt. Tugtar an príomhcheistiú air seo.

Tá na ceisteanna a chuirtear ort ag an bpointe seo in ainm is thú a threorú trí d’fhianaise, chun gur féidir leat do chuntas a thabhairt ar an méid a tharla i d’fhocail féin. Ba cheart duit machnamh cúramach a dhéanamh ar gach ceist agus í a fhreagairt go fíreannach.

I rith an phríomhcheistithe, ní féidir treoircheisteanna a chur ort. Ceisteanna iad seo a thugann an freagra le fios. Mar shampla, ní féidir “An bhfaca tú an tUasal X agus an bóthar á thrasnú aige?" a chur ort ach is féidir “Cad a chonaic tú a bhí á dhéanamh ag an Uasal X?"

Croscheistiú

I ndiaidh an phríomhcheistithe, seasfaidh an t-aturnae nó an t-abhcóide ar an taobh eile suas agus cuirfidh sé/sí roinnt ceisteanna ort. Tugtar an croscheistiú air seo. Is é cuspóir an chroscheistithe a ligeann don taobh eile iarracht a dhéanamh chun baint de thábhacht d’fhianaise nó í a laghdú.

Is féidir ceisteanna a chur ort atá atá in ainm is a chruthú go bhfuil tú neamhiontaofa, mícheart, go bhfuil mearbhall ort nó nár inis tú an fhírinne mar fhinné. Is féidir rudaí a thagann salach ar a chéile i d’fhianaise a léiriú duit, agus is féidir iarraidh ort míniú a thabhairt ar na rudaí seo. I rith an chroscheistithe, is féidir treoircheisteanna a chur ort.

Athcheistiú

Nuair a bhíonn an croscheistiú thart, is féidir leis an aturnae nó an t-abhcóide don duine a ghlaoigh ort mar fhinné athcheistiú a dhéanamh. Ciallaíonn seo go gcuirfear breis ceisteanna ort atá in ainm is aon saincheisteanna a shoiléiriú a tháinig chun solais i rith an chroscheistithe. I rith an athcheistithe, ní féidir treoircheisteanna a chur ort.

Bosca an fhinné a fhágáil

Is féidir leis an mbreitheamh ceisteanna a chur ort, nó chun rud éigin a shoiléiriú, ag aon tráth nuair a bhíonn tú i mbosca an fhinné. Nuair a bhíonn an croscheistiú nó an t-athcheistiú thart, iarrfar ort an bosca a fhágáil. Is gnách nach mbeidh aon bhaint eile agat sa chás ina dhiaidh sin. Is féidir iarraidh ort, uaireanta, áfach, filleadh ar an gcúirt chun níos mó fianaise a thabhairt.

Costais finné

Mar fhinné cúirte, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal costais finné a fháil.

Más finné thú don ionchúiseamh i dtriail choiriúil, ba cheart duit an Garda imscrúdaithe a chur ar an eolas ar do chuid costas. Mar shampla, b’fhéidir nár íocadh pá leat do na laethanta a bhí tú sa chúirt, agus b’fhéidir go mbeidh costais taistil le híoc agat chun taisteal chuig an gcúirt. Ba cheart duit fáltais a choimeád do do chuid costas. Iarrfaidh an Garda ar an mbreitheamh go n-íocfar na costais finné. Má chomhaontaíonn an breitheamh leis agus má dhéanann sé/sí ordú, tabharfar seic duit do do chuid costas.

Más finné thú don chosaint i dtriail choiriúil, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal costais finné a fháil, chomh maith. Ba cheart duit insint don aturnae a ghlaoigh ort freastal ar an gcúirt cad iad do chuid costas.

Más finné thú i dtriail shibhialta, is gnách go mbeidh tú i dteideal aon chostais as póca a fháil a thaibhigh tú mar gheall go raibh ort fianaise a thabhairt. Ba cheart duit labhairt leis an aturnae a ghlaoigh ort freastal ar an gcúirt agus déanfaidh siad iarratas ar chostais thar do cheann. Íocann an duine a chaill an cás sibhialta na costais finné, de ghnáth, mar gheall gur gnách go n-ordófar an duine a chaill an cás costais an dá thaoibh a íoc.

Íoctar táille sheasta le finnéithe saineolacha, ar nós dochtúirí agus síciatraithe as fianaise a thabhairt, cé acu más triail choiriúil nó triail shibhialta a bhíonn i gceist. Íoctar iad chomh maith as na tuarascálacha a scríobhann siad don chás.

Tuilleadh eolais

Ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe air seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Márta 2022