Finné naimhdeach

Réamhrá

Is éard is finné naimhdeach ann finné a bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil sé ag diúltú fianaise iomlán a thabhairt mar thaca leis an duine a ghlaoigh orthu nó a thugann fianaise ar bhealach atá difriúil go suntasach óna ráiteas réamhthrialach.

Tá an duine a ghlaonn ort mar fhinné ag súil go gcuirfidh tú fianaise ar fáil don chúirt cosúil leis an méid a d’fhéadfadh a bheith ráite agat i ráiteas réamhthrialach. Má dhiúltaíonn tú ceisteanna a fhreagairt nó má bhréagnaíonn tú an méid a dúirt tú cheana, is féidir leis an duine a ghlaoigh ort iarratas a dhéanamh leis an mbreitheamh chun tú a dhearbhú mar fhinné naimhdeach.

Féadfaidh an duine a ghlaoigh ar an bhfinné naimhdeach a chreidiúnacht a cheistiú agus croscheistiú agus treoircheisteanna a chur. Féadfaidh an duine a ghlaoigh ort an próiseas a úsáid freisin mar iarracht cur ina luí ort fianaise a thabhairt a aontaíonn le do ráiteas roimhe seo.

Cé a dhearbhaítear mar fhinné naimhdeach?

Má thagann athrú suntasach ar an bhfianaise a thugann tú faoi mhionn ón méid a dúirt tú níos luaithe i ráiteas réamhthrialach nó má dhiúltaíonn tú ceisteanna a d’fhéadfaí a bheith ag súil go bhfreagrófá ar bhealach ar leith a fhreagairt, is féidir leis an aturnae nó an abhcóide a ghlaoigh ort le bheith i do fhinné iarraidh ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh an bhfuil tú naimhdeach. Ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh chuig an mbreitheamh gan an giúiré i láthair.

Caithfidh an breitheamh cinneadh a dhéanamh cib an finné naimhdeach nó finné neamhfhabhrach thú. Díreach mar gheall go dtugann tú fianaise neamhchabhrach nó neamhfhabhrach ní chiallaíonn sé sin gur féidir leis an bpáirtí atá ag glaoch ort ionsaí a dhéanamh ar do chreidiúnacht.

An nós imeachta a leantar nuair a dhearbhaítear finné a bheith naimhdeach

Déanann abhcóide iarratas leis an mbreitheamh gan an giúiré a bheith i láthair ina iarrtar an finné a dhearbhú a bheith ina fhinné naimhdeach. Má tá an t-iarratas á dhéanamh acu ar bhonn ráitis réamhthrialach taispeánann siad é sin don bhreitheamh.

Má rialaíonn an breitheamh gur féidir caitheamh leis an bhfinné mar fhinné naimhdeach mar gheall ar ráiteas neamh-chomhsheasmhach roimhe seo, tugtar an giúiré ar ais isteach agus cuirtear faoi bhráid an fhinné go ndearna an finné ráiteas roimhe sin a bhí difriúil go bunúsach ó, nó a chuir an bhréag ar an gceann a bhí sé/sí ag déanamh ar chlár na mionn.

Má shéanann an finné é seo, téann an Garda a thóg an ráiteas chuig clár na mionn agus chruthaíonn sé/sí don bhreitheamh go ndearnadh an ráiteas (gan an méid atá sa ráiteas a nochtadh).

Ina dhiaidh sin, má leanann an finné air/uirthi ag séanadh go bhfuil sé ag cur an bhréag ar a cuid/chuid fianaise, ansin léitear an ráiteas isteach san fhianaise. Léitear don ghiúiré é mar chruthúnas ar an bhfíric go ndearna an finné ráiteas a bhí difriúil nó ag cur an bhréag ar an bhfianaise a chur an finné ar fáil le linn dó/di a bheith ar chlár na mionn. Caithfidh an breitheamh é a dhéanamh soiléir don ghiúiré nach bhfuil an méid a dúirt an finné sa ráiteas scríofa ina fhianaise ar fhíricí an ráitis, agus nach bhfuil sé ach ina fhianaise a bhaineann le chreidiúnacht an fhinné, mura bhfuil alt 16 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 á agairt freisin. Tugann Alt 16 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 an chumhacht do bhreitheamh ráiteas réamhthrialach a ligean isteach mar fhianaise ar na fíricí atá sa ráiteas sin, cé go ndiúltaíonn an finné fianaise a thabhairt níos déanaí, go ndiúltaíonn sé an ráiteas a dhéanamh, nó go mbréagnaíonn sé é.

Ní féidir an ráiteas a ligean isteach ach amháin má tá an chúirt sásta:

  • Go ndearna an finné é
  • Go ndearnadh go deonach é
  • Go bhfuil sé iontaofa
  • Go mbeadh na fíricí inghlactha dá dtabharfadh an finné fianaise fúthu sa chúirt
  • Gur shínigh an finné dearbhú go raibh an ráiteas fíor (m.sh. dearbhú reachtúil), nó tá an chúirt sásta gur thuig an finné go gcaithfidh siad an fhírinne a insint

Cad a tharlóidh má dhearbhaítear gur finné naimhdeach mé?

De ghnáth, má ghlaonn aturnae nó abhcóide ort mar fhinné, ní féidir leis ionsaí a dhéanamh ar do chreidiúnacht ná croscheistiú a chur ort cosúil le gur finné don taobh eile a bhí ionat De ghnáth ní féidir leo freisin ceisteanna a chur, ná fianaise a thabhairt isteach ar aon ráitis neamh-chomhsheasmhacha roimhe seo. Ní féidir leis an abhcóide atá ag glaoch treoircheisteanna a chur ort le go ndéarfaidh tú an méid atá an abhcóide ag iarraidh go ndéarfaidh tú.

Má chinneann an breitheamh gur finné naimhdeach tú, féadfaidh an t-abhcóide atá ag glaoch ort:

  • Croscheistiú a dhéanamh ort ar an ráiteas réamhthrialach a thug tú
  • Treoircheisteanna a chur ort mar iarracht le go ndéarfaidh tú an rud atá uaidh/uaithi.

Má dhéantar croscheistiú ort faoi do ráiteas roimhe sin, níl sa ráiteas sin ach fianaise ar do neamh-chomhsheasmhacht agus ní fianaise é ar na fíricí atá ar fáil sa ráiteas. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh an ráiteas sin ceadaithe don té a ghlaoigh ort mar fhianaise ar na fíricí atá ann.

Ba cheart duit comhairle dlí a lorg le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Feabhra 2022