Príosúnaigh Éireannach thar Lear

Réamhrá

Bíonn deacrachtaí suntasacha roimh phríosúnaigh Éireannacha thar lear, amanna, bacainní teanga, idirdhealú agus córas dlí nach bhfuil cur amach air ina measc. Bíonn dálaí príosúin ina gcúis le cruatan i roinnt tíortha.

D’fhéadfadh fadhbanna teacht aníos do theaghlaigh phríosúnach thar lear, ar nós difríochtaí teanga agus cultúrtha, nó deacracht cumarsáid a dhéanamh lena nduine muinteartha.

Pléitear roinnt de na saincheisteanna a bhíonn roimh phríosúnaigh Éireannacha thar lear agus a dteaghlaigh sa cháipéis seo. Cuirtear eolas ar fáil ar an méid seo a leanas:

·Aisdúichiú

·Díbirt; agus

·Seirbhísí tacaíochta

Príosúnaigh a fhilleann ar Éirinn

Aisdúichiú

Sínitheoir í Éire le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Aistriú Daoine ar cuireadh Pianbhreith orthu. Comhaontú dlíthiúil é seo a cheadaíonn do phríosúnaigh iarratas a dhéanamh go n-aistreofar abhaile iad chun a bpianbhreith phríosúin a chaitheamh ina dtír féin.

Sular féidir aistriú a dhéanamh, caithfear comhaontú a bhaint amach idir an méid seo a leanas:

·An príosúnach

·An tír a ghearr an phianbhreith; agus

·Tír dhúchais an phríosúnaigh

Caithfear na 4 choinníoll seo a leanas a shásamh freisin go mbeidh príosúnach incháilithe iarratas a dhéanamh ar aistriú:

1.Ní mór go mbeidh an príosúnach ina náisiúnach den tír ar mian leo go n-aistreofar iad chuici.

2.Caithfidh an phianbhreith a bheith críochnaitheach. Ní féidir le príosúnach iarratas a dhéanamh ar aistriú sula ndéantar iad a thriail nó go dtí gur éisteadh le gach achomharc.

3.Ní mór go mbeidh ar a laghad sé mhí den phianbhreith fágtha le caitheamh.

4.Ina theannta sin, ní mór gur coir i dtír dhúchais an phríosúnaigh atá sa choir a rinne an príosúnach.

Is gnách go dtosaíonn iarratas ar aistriú nuair a chuireann an príosúnach údaráis an phríosúin ar an eolas gur spéis leo bheith aistrithe ar ais go hÉirinn chun a bpianbhreith a chaitheamh ann.

Mar mhalairt air sin, féadfaidh an príosúnach an spéis sin a léiriú go díreach leis an Aire Dlí agus Cirt Ach is dócha, áfach, go gcuirfidh seo roinnt seachtainí leis an bpróiseas.

Díbirt

Nuair a chríochnaíonn siad a bpianbhreith, is féidir le húdaráis na tíre a raibh siad i bpríosún inti náisiúnach Éireannach a thabhairt ar ais go hÉirinn. Tugtar díbirt air seo.

Díbreoidh roinnt tíortha príosúnach thar lear go huathoibríoch má chaith siad méid áirithe ama sa phríosún nó murar ionchúisíodh iad riamh cheana féin.

Má dhíbrítear an príosúnach, tá sé tábhachtach go gcoimeádann príosúnach pé cáipéisíocht a thugtar dóibh maidir lena bpríosúnacht agus lena ndíbirt ina dhiaidh sin. B’fhéidir go mbeidh an t-ábhar seo cabhrach chun sochair a fháil in Éirinn.

Tá príosúnaigh na hÉireann díolmhaithe ó dhíbirt éigeantach ón Ríocht Aontaithe ar chríochnú a bpianbhreithe dóibh, seachas faoi chúinsí eisceachtúla.

Teidlíocht do leas sóisialach

Le bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fháil, ní mór d’iarphríosúnach atá ag filleadh ar a dtír dhúchais coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh. Ciallaíonn seo go gcaithfidh dlúthnasc a bheith acu le hÉirinn.

Is gnách nach gá do dhaoine a rinneadh a dhíbirt coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh, áfach.

Tacaíochtaí

Comhairle na hÉireann um Príosúnaigh thar Lear

Eagraíocht charthanach is ea Comhairle na hÉireann um Príosúnaigh thar Lear (CÉPL) a oibríonn chun eolas agus tacaíocht a sholáthar d’Éireannaigh a dhéantar a phríosúnú thar lear agus dá dteaghlaigh.

Áirítear le seirbhísí an ICPO:

·Faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do phríosúnaigh agus dá dteaghlaigh maidir le réimse fairsing saincheisteanna, lena n-áirítear aisdiúchiú, díbirt, saincheisteanna sláinte agus dlíthiúla, idirdhealú agus drochíde.

·Ionadaíocht a dhéanamh do leas príosúnach do pháirtithe ábhartha (ambasáidí agus consalachtaí Éireannacha, gníomhaireachtaí leasa agus oifigigh phromhaidh agus oifigigh dhlí)

·Monatóireacht a dhéanamh ar iarratais ar aisdúichiú leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

·Cúnamh a chur ar fáil do phríosúnaigh mar réiteach dá scaoileadh

·Cuairt a thabhairt ar phríosúnaigh agus cabhrú le teaghlaigh le cúrsaí taistil agus cóiríochta le haghaidh cuairteanna príosúin

Cuireann an ICPO Lá Faisnéise don Teaghlach ar siúl gach bliain chun faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh agus chun an deis a thabhairt dóibh casadh le daoine eile a bhfuil gaol leo i bpríosún thar lear.

Is féidir leat teacht ar fhaisnéis bhreise i mbileog faoin ICPO (pdf).

Cúnamh Consalachta

Cinntíonn ambasáidí agus consalachtaí Éireannacha go léirítear meas iomlán ar chearta saoránach Éireannach a ghabhtar nó a chuirtear chun príosúin thar lear. In go leor cásanna, ní dhéanfaidh na húdaráis áitiúla teagmháil ach le hambasáid nó consalacht na hÉireann ach má iarrtar air amhlaidh a dhéanamh go sonrach.

I measc rudaí eile, is féidir le hoifigeach consalachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Cabhrú le faisnéis a fháil faoi shocruithe príosúin

·Faisnéis a chur ar fáil maidir le dlíodóirí áitiúla

·Faisnéis a chur ar fáil do theaghlaigh maidir le socruithe príosúin agus dlí sa tír ina bhfuil a nduine muinteartha á c(h)oimeád

·Cabhrú le teagmháil a choimeád lena gcairde agus lena dteaghlach agus socrú a dhéanamh go n-aistreofar go sábháilte cistí a chuireann siad ar fáil

·An duine atá faoi choinneáil a chur i dteagmháil le gníomhaireachtaí ábhartha, ar nós an ICPO

Is féidir leat eolas breise a fháil ar chúnamh ar consalachta ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Teagmhálaithe

ICPO

Lárionad Colm Cille
Má Nuad
Co Chill Dara
Éire

Teil: (01) 505 3156
Facs: (01) 629 2363
Láithreán Gréasáin: http://www.icpo.ie
R-phost: icpo@iecon.ie

ICPO (Londain)

50-52 Cearnóg Camden
Londain
NW1 9XB
An Ríocht Aontaithe

Teil: +44 207 482 5528
Facs: +44 207 482 4815
Láithreán Gréasáin: http://www.irishchaplaincy.org.uk/

An Roinn Dlí agus Cirt

94 Faiche Naomh Stiofáin
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 602 8202
Lóghlao: 1890 221 227
Facs: (01) 661 5461

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Rannóg Consalachta
Teil: +353 1 408 2000
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Feabhra 2021