Díospóidí teorann idir comharsana

Cé leis an teorainn idir do réadmhaoin agus do chomharsana?

Is í an riail ghinearálta go bhfuil comhúinéireacht agat agus ag do chomharsa ar aon teorainneacha idir do thalamh agus talamh do chomharsan. Ach b’fhéidir go mbeidh tú in ann a chruthú go bhfuil úinéireacht iomlán agat ar struchtúr teorann. Fiú más féidir leat a thaispeáint go bhfuil úinéireacht iomlán agat ar struchtúr teorann, b’fhéidir go mbeidh cearta áirithe ag do chomharsa i leith an struchtúir sin.

Murab eol duit cá bhfuil an teorainn chruinn idir do réadmhaoin agus réadmhaoin do chomharsan, nó cén úinéireacht atá ar an teorainn, ba cheart duit tosú le do theideal a fhiosrú. Is iad do cháipéisí teidil na gníomhais agus na páipéir ghaolmhara a dhéanann cur síos ar do thalamh. Is féidir do réadmhaoin a chlárú i gClárlann na Talún. Ba cheart duit comhairle dlí a fháil má bhíonn díospóid ann faoin úinéireacht ar aon chuid de do réadmhaoin nó do thalamh.

Comhstruchtúir

Struchtúr ar bith é comhstruchtúr a dhéanann foirgnimh a bhfuil úinéireacht ar leith orthu a dheighilt, nó atá suite ag líne theorann nó chomh gar do líne theorann nach bhféadfá tabhairt faoi oibreacha ar an struchtúr gan teacht a bheith agat ar an struchtúr nó an talamh ina aice.

Is féidir le balla, stua, síleáil, urlár, landair, claí, sconsa, fál, tor, crann nó aon struchtúr eile a bheith i gceist le comhstruchtúr.

Tabhairt faoi oibreacha ar chomhstruchtúr

Ba cheart duit toiliú do chomharsan a fháil i gcónaí sula dtugann tú faoi oibreacha ar chomhstruchtúr. Má thugann tú faoi oibreacha gan cead ó do chomharsan, d’fhéadfadh do chomharsa éileamh a dhéanamh go bhfuil treaspás agus núis á ndéanamh agat.

Caithfidh tú costais réasúnta do chomharsan a íoc as comhairle ghairmiúil a fháil chun measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí dóchúla na hoibre. Caithfidh tú cúiteamh réasúnta a íoc chomh maith as an míchaoithiúlacht a chruthaigh na hoibreacha agus do chomharsa a aisíoc as aon díobháil a rinneadh ar a réadmhaoin.

Tá tú i dteideal an úsáid agus an taitneamh a bhaineann do chomharsa as an gcomhstruchtúr a chur san áireamh nuair a dhéantar measúnú ar an gcúiteamh atá le híoc leo. Má theipeann ort do chomharsa a chúiteamh, is féidir leo iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ar ordú le hiallach a chur ort aon díobháil a chur ina ceart, nó iad a íoc as na costais.

Áirítear leis na hoibreacha aon chinn de na rudaí seo a leanas:

  • Coigeartú, athrú, gearradh isteach nó amach, maisiú, scartáil, feabhsú, ísliú, cothabháil, ardú, athnuachan, deisiú, ionadú, neartú nó baint dá chéile
  • Cúrsa cáblaí, draenacha, píopaí, séarach, sreang nó cainéal eile a dheimhniú agus iad a ghlanadh, a athnuachan, a dheisiú nó a ionadú
  • Aon fhál, crann nó tor a ghearradh, a chóireáil nó a athsholáthar
  • Díoga a ghlanadh nó a líonadh
  • Tabhairt faoi chigireachtaí, pleananna a chur le chéile agus tabhairt faoi thascanna eile a theastaíonn ó, nó atá teagmhasach le, nó iarmhartach ar aon chinn de na hoibreacha thuas

Tá tú i dteideal tabhairt faoi na hoibreacha ar chomhstruchtúr faoi na cúinsí seo a leanas:

  • Oibreacha a theastaíonn chun aon fhoráil reachtúil a chomhlíonadh, mar shampla, riachtanais na Rialachán Foirgníochta
  • Forbairtí díolmhaithe faoi na hAchtanna um Pleanáil (forbairtí nach dteastaíonn cead pleanála uathu), nó forbairtí a bhfuil cead pleanála agat dóibh nó a theastaíonn chun coinníollacha cead pleanála a chomhlíonadh.
  • Oibreacha a theastaíonn chun an comhstruchtúr nó aon fhoirgneamh nó talamh nár tógadh uirthi atá mar chuid de a chaomhnú
  • Aon oibreacha eile nach mbeidh ina gcúis le díobháil a dhéanamh nó míchaoithiúlacht shubstainteach a chruthú do do chomharsa, nó fiú dá ndéanfaidís díobháil nó dá gcruthóidís míchaoithiúlacht do chomharsa, is réasúnta mar sin féin tabhairt fúthu

Ba cheart duit a bheith cúramach gan comhstruchtúr a fhágáil agus bail bhaolach air mar thoradh ar do ghníomhartha.

Mura dtoilíonn do chomharsa d’oibreacha

Is féidir leat iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ar ordú oibreacha. Is féidir le hordú oibreacha:

  • Thú a údarú, nó daoine atá údaraithe agat a údarú, foirgneamh nó talamh do chomharsan a iontráil ar chuspóir ar bith a bhaineann leis na hoibreacha
  • A cheangal ort do chomharsa a shlánú nó urrús a thabhairt do do chomharsa i dtaobh damáistí agus costas mar thoradh ar nó a eascraíonn as na hoibreacha nó is dóchúil a bheidh mar thoradh orthu nó a eascróidh uathu

Leagtar an nós imeachta amach chun ordú oibreacha a fháil in Ordú 93A de Rialacha na Cúirte Dúiche. Caithfidh tú do chomharsa a chur ar an eolas go mbeartaíonn tú iarratas a dhéanamh ar ordú oibreacha. Tá an fhoirm riachtanach ar fáil ó chléireach na Cúirte Dúiche. Tá foirmeacha ar fáil freisin chun iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche go gcuirfear díobháil ina ceart agus chun iarratais a dhéanamh chun ordú oibreacha a mhionathrú nó a scaoileadh (a chealú). Caithfear fógra a thabhairt don pháirtí eile sna cásanna seo chomh maith.

Crainn agus fálta

Is gnách go mbíonn úinéireacht ag an mbeirt úinéirí talún ar chrann nó ar fhál atá ar theorainn. Níl cead agat an crann nó an fál a ghearradh síos gan cead a bheith agat ó do chomharsa. Is féidir géaga nó fréamhacha a fhásann isteach ar do thalamh a ghearradh siar gan chead, a fhaide leis an líne theorann amháin. Ba cheart duit seo a phlé le do chomharsa le heasaontuithe a sheachaint.

Ba cheart duit a chinntiú nach mbíonn an crann faoi réir ordú caomhnaithe. Déanann an t-údarás áitiúil orduithe caomhnaithe crainn. Ba cheart duit seiceáil leis an údarás áitiúil sula ngearrann tú crann siar nó sula ndéanann tú aon ghníomh in aghaidh crann atá faoi réir ordú caomhnaithe crainn.

Cuideachtaí fóntais

Bíonn cearta éagsúla ag cuideachtaí leictreachais agus teileachumarsáide chun crainn atá ar réadmhaoin phríobháideach a ghearradh síos nó a ghearradh a d’fhéadfadh bheith sa bhealach ar shreanga, faoin Acht Leictreachais (Soláthar), 1927. Caithfidh siad fógra seacht lá a thabhairt don úinéir talún go mbeartaíonn siad é seo a dhéanamh. Is féidir leat a roghnú an obair a dhéanamh tú féin. Má dhéanann tú an obair tú féin, caithfidh tú an chuideachta a chur ar an eolas laistigh de sheacht lá, agus caithfidh an soláthraí fóntais na costais a bhíonn i gceist a íoc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Samhain 2022