Tá ceart bunreachtúil i gceist in Éirinn maidir le hionadaíocht dhlíthiúil agus mura bhfuil na hacmhainní agat íoc as an ionadaíocht dhlíthiúil, tá dualgas ar an Stát (nó Rialtas) ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar.
Chinn an an Chúirt Uachtarach go raibh gá leis an gcosantóir a chur ar chomhchéim leis an ionchúiseamh. Gan ionadaíocht dhlíthiúil, bheadh míbhuntáiste ollmhór ag an ngnáthdhuine, gan taithí ar an dlí coiriúil agus imeachtaí cúirte, in aghaidh acmhainní dlí an ionchúisimh. Is suimiúil a shonrú gur chinn an Chúirt Uachtarach nach raibh an ceart bunreachtúil ag duine d'ionadaíocht dhlíthiúil, ach amháin i gcúinsí áirithe. Níl aon cheart iomlán i gceist maidir lena leithéid.
Is é an príomh-cúnamh dlíthiúil ar fáil do dhuine cúisithe i gcoir an cúnamh dlíthiúil ar fáil faoin tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962. Tá cabhair dhlíthiúil choiriúil saor in aisce, rud nach bhfuil i gceist le cabhair dhlíthiúil shibhialta. Níl aon ranníocaíocht airgeadais de dhíth.
Má bhreithníonn an breitheamh gur cheart cabhair dhlíthiúil choiriúil a dheonú duit, déanfar deimhniú cabhrach dlí a dheonú duit. Mar sin féin, i gcásanna áirithe nuair nach bhfuil Deimhniú Cabhrach Dlí ar fáil, d'fhéadfadh duine a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar ionadaíocht dhlíthiúil in aisce faoi scéim eile cosúil le Scéim an Ard-Aighne. (Féach 'scéimeanna cúnaimh dlíthiúil eile' thíos)
Tosaíonn gach cás coiriúil in Éirinn sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Choiriúil Speisialta . Tosaíonn tromlach na gcásanna sa Chúirt Dúiche. Is ag an staid seo atá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar chabhair dhlí.
Má thugann cúiseamh téarma príosúnachta féideartha leis, agus mura bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil agat mar chosantóir, tá dualgas ar bhreitheamh na Cúirte Dúiche insint duit go bhféadfá a bheith i dteideal cabhair dhlí. Más mian leat ionadaíocht dhlíthiúil a bheith agat agus má mhaíonn tú nach bhfuil na hacmhainní agat, caithfidh an breitheamh cinneadh a dhéanamh an gcáilíonn tú do chabhair dhlí in aisce.
Nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le hincháilitheacht do chabhair dhlí in aisce, caithfidh an breitheamh na nithe a leanas a mheas:
Bíonn iarratas ar chabhair dhlí go hiondúil chomh héasca le míniú a thabhairt do bhreitheamh go bhfuil tú dífhostaithe, agus sonraí a thabhairt maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh, nó do thuarastal má tá ioncam íseal á thuilleamh agat. Iarrfaidh an breitheamh ar an nGarda ionchúisimh uaireanta, an bhfuil agóidí ar bith ag na Gardaí maidir le deonú na cabhrach dlí. Is annamh a dhéanfaidh na Gardaí agóid, murach fianaise a bheith ann go bhfuil bréag á insint don chúirt faoi do chuid acmhainní.
I gcás ógánaigh, breathnóidh an chúirt ar acmhainní na dtuismitheoirí nó an chaomhnóra, chun féachaint an bhfuil sé inacmhainne dóibh íoc as comhairle dlí.
D'fhéadfadh ráiteas scríofa uait a bheith de dhíth ar an gcúirt, ina leagtar amach an t-ioncam, na cúinsí teaghlaigh agus sonraí ábharthacha ar bith eile a bhaineann leat. Caithfear an ráiteas scríofa seo a dhéanamh ar fhoirm atá ar fáil ó chléireach na Cúirte Dúiche in oifigí na Cúirte Dúiche.
Is cion atá ann ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach a dhéanamh go feasach, ó bhéal nó i scríbhinn, nó fíric thábhachtach ar bith a cheilt ón mbreitheamh maidir leis an iarratas uait ar chabhair dhlí. Má fhaightear ciontach thú sa chion seo, dlífear rang C fíneáil nó príosúnacht suas le sé mhí (nó an dá cheann) a chur ort.
Má dheireann tú le breitheamh go bhfuil tú dífhostaithe mar shampla (agus go ndéantar cabhair dhlí a dheonú duit), ach go dtugtar le fios níos déanaí go raibh tú ag obair ag an am, tá tú ciontach i gcion.
Má bhreithníonn an breitheamh gur cheart cabhair dhlí a dheonú duit, déanfar deimhniú cabhrach dlí a dheonú duit.
An riail ghinearálta atá ann ná nuair a bhíonn cion tromchúiseach i gceist agus nach bhfuil sé inacmhainne agat íoc as comhairle dlí, déanann an chúirt deimhniú cabhrach dlí a dheonú.
Nuair atá tromchúis an cháis á mheasúnú, déanann an breitheamh an fhéidearthacht a mheas go bhfaighidh tú téarma príosúnachta nó fíneáil mhór, má chiontaítear tú i leith an chiona.
Mura cion tromchúiseach atá i gceist, d'fhéadfadh an breitheamh cabhair dhlí a dheonú i gcúinsí eisceachtúla. Áirítear i measc na gcúinsí eisceachtúla seo:
Is iondúil a dhiúltóidh breitheamh na Cúirte Dúiche do dheimhniú cabhrach dlí a dheonú sna cúinsí a leanas:
Mar sin féin, i gcásanna áirithe nuair nach bhfuil Deimhniú Cabhrach Dlí ar fáil, d'fhéadfadh duine a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar ionadaíocht dhlíthiúil in aisce faoi scéim eile cosúil le Scéim an Ard-Aighne. Is féidir leat eolas a fháil ar scéimeanna eile cúnamh dlíthiúil saor in aisce thíos.
Ní féidir a leithéid a dhéanamh, toisc nach bhfuil aon nós imeachta achomhairc do dhiúltú na cabhrach dlíthiúla coiriúla. Mar sin féin, is féidir leat iarratas eile a dhéanamh chuig cúirt níos airde, má dhéantar an cheist a sheoladh ar aghaidh le héisteacht i gcúirt níos airde.
Ní chlúdaíonn cabhair dhlí a deonaíodh sa Chúirt Dúiche ach imeachtaí na Cúirte Dúiche amháin. Má sheoltar ar aghaidh chuig cúirt níos airde tú ón gCúirt Dúiche chun déileáil le do chás, agus má deonaíodh cabhair dhlí in aisce duit cheana féin, beidh sé riachtanach duit iarratas a dhéanamh ar an gcúirt níos airde chun cabhair dhlí a fháil don triail agat. Is fíor-annamh a dhéanfadh cúirt níos airde deonú an deimhnithe cabhrach dlí a dhiúltú, má tá deimhniú cheana féin deonaithe ag an gCúirt Dúiche.
Má tá do thriail choiriúil le tarlú in Éirinn agus go bhfuil cabhair dhlíthiúil choiriúil deonaithe ag an mbreitheamh duit, déanann an breitheamh aturnae a shannadh dod' chás ón bpainéal cabhrach dlí. Má chuireann tú in iúl gur mian leat go ndéanfadh aturnae áirithe ón bpainéal ionadaíocht ort, déanfaidh an breitheamh an aturnae sin a shannadh má tá sé/sí ar fáil. Mar sin féin, ní shíneann an ceart bunreachtúil atá ag cosantóirí áirithe chomh fada le ceart daingean maidir le haturnae nó abhcóide áirithe a roghnú.
Níl aon dualgas dlíthiúil faoi leith ar aturnaetha nó abhcóidí a bheith rannpháirteach sa scéim saorchabhrach dlí. Tá dualgas ar gach cláraitheoir contae liosta aturnaetha a thiomsú agus a chothabháil a bheidh rannpháirteach go toilteanach sa scéim sna cúirteanna laistigh dá gceantar féin. Déanann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais liosta comhchosúil d'abhcóidí (ainmnithe ag Comhairle Bharra na hÉireann a bheidh rannpháirteach go toilteanach sa scéim cabhrach dlí.
Cé nach bhfuil aon cheart daingean agat maidir le haturnae a roghnú, is annamh a dhiúltaíonn na cúirteanna aturnae a shannadh atá iarrtha ag an gcosantóir. Tá sé seo amhlaidh chomh fada agus go bhfuil an t-aturnae ar fáil agus ar an bpainéal cabhrach dlí. Má dhiúltaíonn breitheamh aturnae atá ainmnithe agat a shannadh, caithfidh an chúirt cúis a thabhairt, agus fiosrú ansin ar mhaith leat aon aturnae eile a ainmniú.
Nuair atá deimhniú cabhrach dlí deonaithe d'imeachtaí cúirte, tá tú i dteideal cabhair dhlí atá saor in aisce maidir le táillí, costais nó speansais a tabhaíodh le linn do chosaint a bheith á hullmhú nó á stiúradh. Clúdaíonn sé costas achomhairc nó cás sonraithe chomh maith. Is ionann na táillí atá san áireamh agus cinn a bhaineann le haturnae agus suas le beirt abhcóidí i gcúinsí áirithe.
Clúdaíonn an deimhniú cabhrach dlí táillí na ngairmithe neamhdhlíthiúla a d'fhéadfadh a bheith riachtanach maidir le hullmhú agus stiúradh do chosanta. Áirítear na samplaí a leanas ina measc:
Nuair a bhreithníonn aturnae nó abhcóide cosanta go bhfuil seirbhísí ó shaineolaithe mar seo riachtanach, bíonn na costais clúdaithe ag an deimhniú cabhrach dlí.
I dtromlach na gcásanna, déantar an t-iarratas ar chabhair dhlí in asice ar do chéad láithreas os comhair na Cúirte Dúiche. Cuireann an breitheamh in iúl duit faoin gceart atá agat do chabhair dhlí in aisce agus is ag an staid seo a dhéanann tú iarratas.
Má dhéantar do chás a sheoladh ar aghaidh chuig cúirt níos airde le héisteacht (an Chúirt Dúiche mar shampla), déanfaidh do aturnae (má sannadh ceann duit sa Chúirt Dúiche) iarratas ar chabhair dhlí chun na Cúirte Dúiche ar do shon.
Sna cásanna sin nuair nach bhfuil tú i dteideal deimhniú um chúnamh dlíthiúil faoin scéim um chúnamh dlíthiúil coiriúil, féadfaidh tú a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar ionadaíocht dlí saor in aisce faoi scéim eile.
Is scéim neamhreachtúil í scéim an Ard-Aighne. Faoin scéim seo, íoctar na táillí aturnae agus abhcóide a bhaineann le hionadaíocht a dhéanamh do dhuine cúisithe i gcás coiriúil, nuair nach féidir leis an duine cúisithe na táillí seo a íoc. Tá an scéim seo faoi riarachán na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Baineann an scéim leis na cásanna seo a leanas:
Is féidir le daoine cúnamh dlí a fháil faoin scéim, nuair nach féidir leo na costais a íoc a bhaineann le hionadaíocht dhleathach iomchuí a fháil, agus nuair a mheasann an chúirt áirithe gur gá aturnae agus abhcóide a cheapadh chun aighneachtaí a chur isteach ar son an duine sin sa chúirt.
Chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú scéime, ní mór duit féin nó dod’ionadaí dleathach iarratas a chur isteach chuig an chúirt chun maoiniú scéime a fháil ag tús na n-imeachtaí. Tá breis faisnéise ar fáil ar an scéim ar láithreán gréasáin an Ard-Aighne www.attorneygeneral.ie.
Is í an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais atá freagrach as Scéim Chúnaimh Dhlí Ad-Hoc (CAB) an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla a fheidhmiú. Tugann an scéim seo cúnamh dlí do chosantóirí in imeachtaí cúirte a thionscnaíonn an Biúró um Shócmhainní Coiriúla, lena n-airítear imeachtaí cúirte faoin Acht um Fháltais Choiriúla 1996, faoi na hAchtanna Ioncaim nó faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh.
Íoctar do na hiarratais seo a leanas faoin scéim freisin:
Chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú, ní mór duit iarratas a chur isteach chuig an chúirt atá freagrach as do chás a phlé. Is í an chúirt a leagann amach an leibhéal ionadaíochta dlí agus/nó an méid airgid a fhaigheann finnéithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.