Fianaise aitheantais

Réamhrá

Ainmníonn finnéithe go minic daoine a bhfuil amhras fúthu i bhfiosrúchán coiriúil, agus beidh an t-ionchúiseamh ag brath ar ainmniú an duine a bhfuil amhras faoi/fúithi i dtriail choiriúil. Meastar go bhfuil fianaise amharc-aitheantais neamhiontaofa agus gur ciontaíodh daoine neamhchiontacha as coireanna bunaithe ar fhianaise amharc-aitheantais. Tá roinnt cúiseanna loighciúla ann nach bhfuil fianaise aitheantais mar seo iontaofa. Tá siad seo a leanas ina measc:

  • Droch-sholas, drochaimsir nó an t-achar a bhí an finné ón duine
  • D'fhéadfadh ceist a bheith ann faoi radharc an fhinné
  • B'fhéidir go raibh an finné suaite nó b'fhéidir nach bhfaca siad an duine ach ar feadh achair gearr

Meastar go bhfuil cineálacha eile fianaise aitheantais amhail fianaise méarloirg agus fianaise DNA níos iontaofa.

Fianaise amharc-aitheantais

Chun cinntiú nach bhfuil fianaise aitheantais léirmhínithe go mícheart ag giúiré, tá dualgas ar chúirteanna rabhadh speisialta a thabhairt do gach giúiré faoin mbaol a bhaineann le fianaise amharc-aitheantais a ghlacadh. Ní rabhadh comhthacaíochta atá sa rabhadh ach caithfidh sé:

  • A rá go dtarlaíonn sé go minic go n-ainmníonn finnéithe atá ionraic agus a raibh deiseanna maithe breathnóireachta acu an duine mícheart, fiú ag paráid aitheantais.
  • A rá leo an fhianaise aitheantais a scrúdú go mion ag cur na cúinsí ar fad san áireamh.
  • A chur in iúl go bhfuil gá faoi leith a bheith ar an airdeall maidir leis an bhfianaise seo.
  • A chur ar a súile don ghiúiré nach mór dóibh a bheith sásta gan amhras réasúnta go raibh an duine ceart ainmnithe.

Grianghraif

Is minic a thaispeánann Gardaí grianghraif d'fhinnéithe go luath le linn fiosrúcháin. Is dea-chleachtas ag na Gardaí cur síos mionsonraithe a fháil ón bhfinné ar dtús sula ndéantar grianghraf ar bith a thaispeáint. Tugann an próiseas seo léargas maidir leis an gcuimhne atá ag an bhfinné ar an gciontóir sula ndéantar grianghraif a thaispeáint dóibh. Ba chóir grianghraif de líon mór daoine a bhféadfadh amhras a bheith fúthu a thaispeáint don fhinné chomh maith.

Nuair atá daoine a bhfuil amhras fúthu ainmnithe ag finné trí ghrianghraf agus go moltar an fhianaise seo a chur ar aghaidh chuig an ngiúiré, is féidir leis an abhcóide cosanta saincheist úsáide an ghrianghraif a ardú leis an mbreitheamh, mura mbíonn an giúiré i láthair. Má tháinig an grianghraf a taispeánadh don fhinné ó chomhaid na nGardaí, ba chóir don ghiúiré a bheith feasach go raibh grianghraf tógtha ag na Gardaí den té a bhfuil amhras faoi roimhe seo agus d'fhéadfadh an giúiré a bheith claonta dá bharr. Is faoin mbreitheamh a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cibé ar cheart nó nár cheart an fhianaise a chur os comhair an ghiúiré.

Fótashamhlacha agus fearais sainaithne

Cé go bhfuil fótashamhlacha agus fearais sainaithne úsáidte ag na Gardaí i bhfiosrúcháin choiriúla, déantar iad a úsáid níos mó chun daoine a bhféadfadh amhras a bheith fúthu a ainmniú ná iad a úsáid i dtriail choiriúil. Toisc nach bhfuil fótashamhail nó fearas sainaithne cosúil le grianghraf nó físeán, atá mar fhianaise nithiúil, níl mórán tábhachta lena n-úsáid mar fhianaise aitheantais i gcúirt dlí. An cur síos is fearr atá orthu ná nithe a chuidíonn le fiosrúchán coiriúil.

Paráidí aitheantais

Má tá duine a bhfuil amhras faoi/fúithi ainmnithe ag na Gardaí cheana féin, níor chóir grianghraif a thaispeáint don fhinné ach ba chóir paráid aitheantais a stiúradh (paráid ID). Má tá grianghraf den té a bhfuil amhras faoi feicthe ag an bhfinné cheana féin, d'fhéadfadh tionchar a beith aige seo ar bhreith an fhinné ag paráid ID. Ag deireadh na trialach, tabharfaidh an breitheamh rabhadh gur fhianaise amhrasach í an pharáid ID toisc go bhfuil grianghraf den chúisí feicthe ag an bhfinné cheana féin.

Tá paráidí aitheantais ag brath ar chomhoibriú an té a bhfuil amhras faoi/fúithi. Nuair a dhiúltaíonn duine a bhfuil amhras faoi/fúithi a bheith rannpháirteach, tá na Gardaí i dteideal aitheantas a fháil trí mhodhanna neamhfhoirmiúla (nuair a dhéanann finné duine a bhfuil amhras faoi/fúithi a ainmniú ar an tsráid mar shampla). Mar sin féin, ní féidir aitheantas neamhfhoirmiúil a ghlacadh mar fhianaise i gcásanna áirithe, braitheann sé ar chúinsí an cháis.

An buntáiste maidir le paráid ID a thionól ná gur próiseas rialaithe atá i gceist agus tá cead ag aturnae an té a bhfuil amhras faoi/fúithi a bheith i láthair chun cinntiú go gcomhlíontar an próiseas i gceart.

Rialacha maidir le paráidí aitheantais

Cé go mbaineann na Gardaí úsáid as paráidí ID go minic, níl foráil ag an bpróiseas sa dlí. Mar sin féin, tá forbairt déanta de réir a chéile ar roinnt foirmiúlachtaí nó rialacha toisc cásdlí in Éirinn. Is iad na príomhrialacha a leanas atá i gceist maidir le paráidí ID a thionól:

  • Ba chóir do pharáidí ID a bheith stiúrtha ag oifigeach na nGardaí nach bhfuil ceangailte leis an gcás ach atá eolach ar chúinsí an cháis agus ar fhaisnéis atá ábhartha don fhinné.
  • Níor chóir go bhfeicfeadh an finné an cúisí á g(h)abháil nó á t(h)ógáil ó choimeád chuig an seomra paráide.
  • Má tá roinnt finnéithe riachtanach sna hiarrachtaí le duine a bhfuil amhras faoi/fúithi a ainmniú, ba chóir na finnéithe a choinneáil óna chéile roimh an pharáid agus ina diaidh chun an laghad cainte agus is féidir a bheith eatarthu.
  • Ba chóir iarraidh ar an bhfinné an té atá faoi amhras a ainmniú ó líne ina bhfuil idir 8 go dtí 12 duine, atá roghnaithe toisc go mbreathnaíonn siad cosúil lena chéile.
  • Nuair atá na saorálaithe eagraithe i líne, ba chóir fiafraí den té a bhfuil amhras faoi/fúithi an bhfuil agóidí ar bith aige/aici le comhdhéanamh nó cuma na paráide.
  • Nuair atá an pharáid comhlánaithe, ba chóir fiafraí den chúisí agus a aturnae an bhfuil ráiteas ar bith gur mhaith leo a dhéanamh maidir leis an bparáid.
  • Caithfidh sonraí na paráide agus agóidí ar bith atá déanta ag an gcúisí nó a aturnae a bheith taifeadta ag an oifig atá freagrach as stiúradh na paráide.
  • Má theipeann ar fhinné an cúisí a aithint, ba chóir den ionchúiseamh an méid seo a thabhairt le fios don chosaint.

Fianaise mhéarloirg

Cé go nglactar le fianaise mhéarloirg mar fhoirm aitheantais, caithfidh foirm na fianaise aitheantais seo a bheith tugtha ag finné saineolach (saineolaí méarloirg). Mar sin féin, chun fianaise mhéarloirg a úsáid, caithfidh na Gardaí nó an t-ionchúiseamh a bheith ábalta an méarlorg atá fágtha ag an duine ciontach ag láthair na coire a mheaitseáil le sraith de mhéarloirg atá tógtha ón gcúisí i staid rialaithe (is é sin, cinn atá tógtha i stáisiún na nGardaí). Tá ceanglais áirithe sa dlí ina bhfuil dualgas ort méarloirg a sholáthar do na Gardaí má choinnítear tú tar éis tú a ghabháil.

Fianaise DNA

Tugann an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Fhóiréinseach agus Córas Bunachair Sonraí DNA) 2014 cumhacht do na Gardaí samplaí áirithe DNA a ghlacadh ó dhaoine atá á gcoinneáil tar éis iad a ghabháil faoi:

Tógann na Gardaí na samplaí seo chun a fháil amach an raibh an duine páirteach i gcoir a dhéanamh. Is féidir an bealach seo chun daoine faoi dhrochamhras a aithint a úsáid freisin chun drochamhras a dhíbirt.

Ní féidir na samplaí seo a bhailiú ach amháin má tá sé údaraithe ag garda nach ísle céim ná Cigire. Caithfidh forais réasúnacha a bheith ag an nGarda chun a chreidiúint go raibh baint ag an duine leis an gcion a gabhadh iad, agus go gcruthóidh nó go gcuirfidh an fhianaise DNA lena rannpháirtíocht.

Samplaí DNA

Is féidir samplaí DNA a bhailítear ó dhaoine atá á gcoinneáil faoi na dlíthe thuas a úsáid mar fhianaise. Roinntear na samplaí DNA seo i samplaí pearsanta agus neamhphearsanta. I measc na samplaí neamhphearsanta tá:

  • Seile
  • Gruaig seachas caithir
  • Ingne nó ábhar ar bith a fhaightear faoi ingne
  • Maipíneacht ó aon chuid den chorp lena n-áirítear an béal, ach ní ó aon choirp choirp eile ná ó réigiún giniúna

Is féidir leis na Gardaí samplaí pearsanta a bhailiú. Mura dtoilíonn tú le sampla neamhphearsanta a thógáil, is féidir leis na Gardaí fórsa réasúnta a úsáid chun an sampla a bhailiú.

I measc na samplaí pearsanta tá:

  • Fuil
  • Caithir
  • Fual
  • Maipíneacht ó dhíobhóg choirp nó réigiún giniúna seachas an béal
  • Lorg dhéadach

Ní mór do na Gardaí do thoiliú a fháil chun sampla pearsanta a thógáil agus caithfidh dochtúir nó fiaclóir an sampla a thógáil, de réir mar is cuí. Chomh maith leis sin, más féidir, ba chóir go ndéanfadh gairmí leighis den ghnéas céanna an sampla agus an duine a thugann an sampla.

Daoine faoi chosaint

Tugtar daoine faoi chosaint ar leanaí faoi 14 agus ar dhaoine nach bhfuil an cumas acu an próiseas tástála DNA a thuiscint agus nach féidir leo toiliú a thabhairt. Ní mór do na Gardaí toiliú a fháil ó thuismitheoir, caomhnóir nó ón gCúirt faoi chosaint sula ndéanann siad sampla DNA ó dhuine faoi chosaint.

An bunachar sonraí DNA

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA) 2014 bunaíodh bunachar sonraí DNA in Éirinn. Úsáidtear an bunachar sonraí seo chun cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Nuair a aisghabhtar fianaise DNA ó láthair choire cuirtear isteach in innéacs láithreacha coireachta sa bhunachar sonraí DNA é. Nuair a thógtar fianaise DNA ó dhuine de réir Acht 2014, (mar shampla, drochamhras a gabhadh agus a coinníodh faoi cheann de na dlíthe thuas) cuirtear isteach san innéacs tagartha ar an mbunachar sonraí é.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad ar fhianaise DNA.

Tuilleadh eolais

Ba chóir duit comhairle dlí a lorg chun faisnéis mionsonraithe a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Iúil 2022