Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise

Print Page Send to a Friend

Fianaise

Fianaise
Cur síos atá anseo ar na cineálacha fianaise gur féidir a tharraingt anuas i dtriail sibhialta nó choiriúil in Éirinn.

Láithreacha Coireanna
Tá rialacha i bhfeidhm in Éirinn ar conas láthair tromchoire a chosaint agus ar conas imscrúdú a dhéanamh uirthi. Tugtar faisnéis duit ar na rialacha seo agus ar na treoracha go gcaithfear a chomhlíonadh i gcás coire ar réadmhaoin phríobháideach nó in áiteanna poiblí.

Fíorfhianaise
Tá cur síos sa cháipéis seo ar fhíorfhianaise, sin í fianaise ábharach, inláimhsithe mar shampla rud, taifead caiséid, asphrionta ríomhaire nó grianghraf.

Rudaí ábharacha
Déantar plé sa cháipéis seo ar a bhfuil i gceist le hábhair i gcomhthéasc trialach.

Fianaise Fhótagrafach
Tá rialacha éagsúla tábhachtacha a bhaineann le húsáid grianghrafanna mar fhianaise i dtrial i gcúirteanna na hÉireann.

Taifeadadh téip/físe mar fhianaise
Déantar plé anseo ar úsáid a bhaint as taifid chaiséid/físe mar fhianaise sa chúirt.

Scrúduithe taobh amuigh den chúirt - Radharc
Scrúdú taobh amuigh den chúirt ar láthair nó ar ábhar nach féidir a thabhairt isteach sa chúirt é Radharc.

Fianaise Dlí-eolaíochta
Ábhar nó loirg ábhair a bhfuil anailís déanta orthu i saotharlann dlí-eolaíochta í fianaise dlí-eolaíochta.

Fianaise DNA
Is iondúil go mbaintear úsáid as fianaise DNA i dtrialacha le aitheantas daoine a chruthú. Faigh amach anseo cén chaoi a mbaintear úsáid as an bhfianaise seo.

Fianaise dhoiciméadach
Is fianaise scríofa é rud ar bith a bhfuil scríobh air. Cé na rudaí a bheadh san áireamh anseo agus cén chaoi a ndéantar fianaise mar seo a cheadú sa chúirt?

Fianaise aitheantais
Fianaise a thugann an té a d'fhulaing nó fianaise a thugann finné a ainmníonn an cúisí mar an té a rinne an choir í fianaise aitheantais.

Fianaise imthoisceach
Tugtar fianaise imthoisceach ar fhianaise a bhaineann le fíricí gur féidir conclúidí nó tuairimí a bhaint astu.

Fianaise amhrastúil
Fianaise atá ceadaithe sa chúirt ach atá amhrastúil í fianaise amhrastúil, sin le rá gur fianaise í seo a bhíonn bréagach nó mícheart go minic sa deireadh.

Fianaise Chlostráchta
Céard í fianaise chlostráchta? Cén fáth nach féidir go hiondúil an fhianaise seo a tharraingt anuas sa chúirt agus céard iad na heisceachtaí inár féidir fianaise chlostráchta a cheadú?

Fianaise faighte go neamhdhleathach
Ní cheadaítear fianaise a fritheadh ar bhealach a sháraigh d'aonturas agus go fiosach do chearta bunreachtúla a úsáid i gcúirteanna na hÉireann.

Fianaise Phribhléide
Tá cúinsí ann ina bhféadfadh tú diúltú cáipéisí a chur ar fáil don chúirt nó ceisteanna faoi leith a fhreagairt sa chúirt.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.