Fianaise chlostráchta

Réamhrá

Nuair a bhíonn fianaise á tabhairt i gcúirt ag finné, ní féidir leo úsáid a bhaint as an méid a dúirt duine eile mar fhianaise. Tugtar clostrácht air seo. Caithfidh an chúirt éisteacht leis an duine féin le caitheamh leis mar fhianaise. Mar shampla, más finné i dtriail thú, ní féidir leat an fhianaise seo a leanas a thabhairt, “Dúirt mo mháthair liom go bhfaca sí an cúisí ag 3pm".

Fianaise é seo i leith ráiteas a rinneadh lasmuigh den chúirt agus is clostrácht é. Chun go bhféadfaí an fhianaise sin a thabhairt isteach, bheadh ar do mháthair bheith ina finné agus cur síos a dhéanamh í féin ar an méid a chonaic sí.

Rialacha

Is í an riail ghinearálta nach féidir glacadh le fianaise chlostráchta i gcúirt. Má tá tú fianaise á tabhairt agat agus má thosaíonn tú le rud éigin a rá arb ionann agus fianaise chlostráchta é, is féidir le duine de na daoine sa chás nó leis an mbreitheamh cur isteach ort agus iarraidh ort stopadh.

Eisceachtaí ar riail an chlostráchta

Ní clostrácht a bhíonn i gceist le gach ráiteas a rinneadh lasmuigh den chúirt. Mar shampla, má mhaíonn cúisí nach féidir leo labhairt, is féidir leat fianaise a thabhairt go bhfaca tú agus gur chuala tú iad agus “Teastaíonn uachtar reoite uaim” á rá acu. Níl an fhianaise seo á tabhairt isteach lena chruthú gur theastaigh uachtar reoite ón gcúisí, ach lena chruthú gur féidir leo labhairt. Tá sé incheadaithe ar an gcúis sin.

Is í an eisceacht is tábhachtaí ar riail an chlostráchta ná fianaise admhála. Glactar leis, de ghnáth, nach ndéanfadh duine ráiteas a thagann salach ar a leas féin, agus caithfidh go bhfuil an ráiteas fíor ar an ábhar sin. Ciallaíonn seo gur féidir leat fianaise a thabhairt go ndúirt an cúisí leat ar an lá a fuair an t-íospartach bás, “Rinne mé é. Mharaigh mé é.” B’fhianaise chlostráchta é seo de ghnáth mar gheall gur ráiteas é a rinneadh lasmuigh den chúirt agus gur tugadh isteach é lena chruthú gur mharaigh an cúisí an té a fuair bás. Mar gheall gurb eisceacht ar riail an chlostráchta iad admhálacha, áfach, is féidir glacadh leis an bhfianaise sin i gcúirt.

Eolas breise

Ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe air seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Eanáir 2023