Anseo atá tú: Baile > Dlí > Córas na gCúirteanna > Cúirt Uachtarach na hÉireann

Print Page Send to a Friend

Cúirt Uachtarach na hÉireann

Réamhrá

Leagann Airteagal 34 de Bunreacht na hEireann síos go mbeidh Cúirt Achomhairc Dheiridh mar chuid de chóras na gcúirteanna in Éirinn. Glaoitear ‘An Chúirt Uachtarach’ ar an gCúirt Achomhairc Dheiridh in Éirinn. Is éard atá sa Chúirt Uachtarach ná an Príomhbhreitheamh agus seacht ngnáthbhreitheamh. Tá an chúirt seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Éistear le hachomhairc agus déanann cúig bhreitheamh cinneadh orthu ach amháin má dheireann an Príomhbhreitheamh gur cheart do thrí bhreitheamh éisteacht le haon achomharc ar leith nó aon chás eile (ach amháin cásanna a bhaineann leis an mBunreacht).

Cúinsí sibhialta

Tá údarás leathan ag an gCúirt Uachtarach ar rudaí sibhialta:

  • Is féidir leis an gCúirt Uachtarach éisteacht le hachomhairc ó gach cinneadh a dhéanann an Ard-Chúirt.
  • D’fhéadfadh sé freisin go dtabharfaidh an Chúirt Uachtarach rialú ar cheist dlí curtha faoina bráid ag an gCúirt Chuarda.
  • Tá an chumhacht ag an gCúirt Uachtarach cinneadh a dhéanamh má thagann ceist aníos maidir le buan-mhíchumais an Uachtaráin aníos.
  • Tá an chumhacht ag an gCúirt Uachtarach cinneadh a dhéanamh má tá Bille atá tar éis a bheith pasáilte ag an dá Theach den Oireachtas agus curtha faoi bhráid an Uachtaráin dá s(h)íniú colach don Bhunreacht nó nach bhfuil sula n-achtaítear é. Tarlaíonn sé seo nuair a chuireann an tUachtarán an cheist ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach.

Sa chás go bhfuil bille molta tar éis a bheith curtha faoi bhráid na Chúirte Uachtaraí, éisteann seacht mbreitheamh leis. Seasann abhcóide d'Oifig an Ard-Aighne, ag argóint go bhfuil an Bille bunreachtúil agus gur cheart dó fanacht mar atá sé. Ceapann an Chúirt abhcóide eile chun na fáthanna nach bhfuil an Bille bunreachtúil a leagadh amach chomh maith leis na fáthanna nár cheart é a achtú.

I gcásanna a dhéanann scrúdú ar an gceist faoi bhunreachtúlacht Bille, déanann an Chúirt Uachtarach cinneadh amháin agus tá an cinneadh seo críochnaitheach. Má dheireann an Chúirt go bhfuil an Bille i gcoinne nó colach don Bhunreacht, ní féidir é a achtú mar atá sé.

Cásanna coiriúla

Seo a leanas údarás na Cúirte Uachtaraí i gcásanna coiriúla:

  • Tá údarás ag an gCúirt Uachtarach éisteach le hachomharc ón gCúirt Achomhairc Choiriúil má dheimhníonn an Chúirt Achomhairc Choiriúil nó an tArd-Aighne go bhfuil- baint ag pointe dlí atá thar a bheith tábhachtach don phobail ag baint leis an gcinneadh- sé inmhianaithe ó thaobh spéis an phobail de gur cheart an t-achomharc a thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí
  • Is féidir leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí pointe dlí ó thriail a achomharc ar dhíotáil chun na Cúirte Uachtaraí. Ní chiallaíonn sé seo go bhfuil an fhéidearthacht ann go gcuireadh an Chúirt Uachtarach an fíorasc de “neamhchiontach” ar ceal. Déanann sé soiléiriú ar an dlí ar mhaithe le cásanna sa todhchaí.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais ar an gCúirt Uachtarach ar fáil ag supremecourt.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 September 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cúirteanna
    Tá eolas anseo faoí na cúirteanna a bhíonn ag feidhmiú in Éirinn agus na hoifigí a thugann tacaíocht dóibh.
  • An Ardchúirt
    Tugtar eolas anseo faoín Ardchúirt
  • Reachtaíocht Mhíbhunreachtúil
    Tá sé de chumhacht ag an Ard-Chúirt aon dlí nó cuid de dhlí nach bhfuil ag luí leis an mBunreacht a chur ar ceal. Plé maidir le reachtaíocht mhíbhunreachtúil in Éirinn agus conas a thugadh breithiúnas ar reachtaíocht mhíbhunreachtúil.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.